|
|||
|
faic ag tarlú faic na ngrást... an Bhearna Bhán |
|||
|
nothing happening nothing at all... Barnabaun |
τίποτε να συμβεί τίποτε απολύτως... στο Μπεάρνα Μπαν Leagan Gréigise: Sarah Thilykou |
||
2019-02-05
Barnabaun, Mayo/ An Bhearna Bhán
2019-02-04
Issa: míniú ag teastáil
i measc na mblár láibe
is iad na mná is túisce
a éiríonn doiléir
the women first turn hazy over the tidal flats
Cad is brí leis sin?!
Theastódh Seapánach uait chun brí cheart a bhaint as an haiku sin:
onna kara saki e kasumuzo shiohigata
Deir Hiroaki Sato sa leabhar On Haiku (New Directions Books, 2018) gur ag spraoi leis an bhfocal deireanach sa haiku, shiohigata, atá Issa, focal a chiallaíonn " 'tidal flats', which readily invokes shiohigari, 'digging for clams'. In Japan, clamming became a popular recreational activity with women … Issa says women go farther out from the shore than men."Is dócha go bhfuil haiku a scríobh ag Éireannaigh nach dtuigfeadh an gnáth-Seapánach- haiku nach dtuigfeadh an tÉireannach féin!
2019-02-03
Haiku le Issa on mbliain 1808
ó bharr ruball an phiasúin an ghealach ar tí éirí
Is maith le daoine airithe haiku a scríobh in aon líne amháin: tar éis an tsaoil, is mar sin a scríobhtar sa tSeapáinis iad (síos seachas trasna an leathanaigh).
Nuair a scríobhaimse in aon líne amháin iad, is maith liom spás beag a fhágáil, sos anála, seachas na focail a bheith sa mhullach ar a cheile gan bhriseadh.
Déantar haiku a aithris faoi dhó sa tSeapáin:
ó bharr ruball an phiasúin an ghealach ar tí eirí
Cad a tharla in Éirínn sa bhliain 1808? Leagadh cloch bhoinn Cholún Nelson!
2019-02-02
Sainaicme
Tá grá agat dom, an bhfuil?
Cé go mbaineann tú
le sainaicme eile
Ach an bhfuil fhios agat
nach gcréamann ár sinsir
na mairbh
san áit chéanna fiú.
Cé go mbaineann tú
le sainaicme eile
Ach an bhfuil fhios agat
nach gcréamann ár sinsir
na mairbh
san áit chéanna fiú.
Lal Singh Dil
2019-02-01
Tiarna an Sneachta
|
|||
|
the difference between snowflakes... even the Lord of Snow cannot tell |
|||
|
an difríocht idir na calóga... Tiarna an tSneachta féin níl fhios aige |
|||
2019-01-31
Haiku le Issa on mbliain 1818
an chamhaoir -
i gcuas cloiche
báisteach earraigh
.明や石の凹みの春の雨
ariake ya ishi no kubomi no haru no ame
2019-01-30
ag feitheamh le Bashō
Abonnieren
Posts (Atom)



