2019-09-20

Sri Ramana Maharshi

Níl sé i gceist
go mbeadh freagra ar an gceist
"Cé mise?"
Is é atá i gceist
leis an gceist
"Cé mise?"
ná an ceistitheoir
á leá.

2019-09-19

Dán leis an bhfile Gúisearáitise Dileep Jhaveri

ABHATÁR


Crainn na ndearg-bhréag,
duilleoga lasracha,
bláthanna luaithe.
Treoraigh mé, duine éigin, as an bhforaois seo.

Táim ar fán de shíor,
cúpla focal tais á iompar agam,
im’ bhacach ar chonair cheoch,
mo chosa gearrtha
ag soithí meirgeacha, tíleanna briste, béilí leath-chócaráilte,
giobal, scréachacha gan dídean, cnámha briste,
colainneacha cromtha a iompaíonn ina gclocha má leagtar lámh orthu.

Mé ar fán gach lá
im’ thaibhse dhom as am briotach éigin
nó dia dorcha anaithnid éigin
nach féidir a shásamh, stiúgtha,
nach n-aithníonn é féin
grian chaillte
nó an bás.
Treoraigh mé,
duine éigin
ó na coillte seo
de scátháin scoilte othrasacha púscacha loiscneacha
amach as an bhforaois seo.

Dileep Jhaveri

2019-09-18

Sri Ramana Maharshi

Tum an aigne ghlanta
sa Chroí.
Beidh an obair go léir thart ansin.
Croílár
gach disciplín spioradálta
is ea é sin.

2019-09-17

Nisargadatta

Fág i do dhiaidh é, é go léir léir.
Déan dearmad air.
Ar aghaidh leat
gan smaointe
mar ualach ort
ná creideamh.

2019-09-16

Haiku le Issa ón mbliain 1806:

Sa bhliain 1806, rugadh Johann Kaspar Zeuss faoina ndúradh,
'It must be rare for a nation to owe so much to one man as the Irish people owes to Johann Kaspar Zeuss...'
agus sa bhliain chéanna rugadh an scoláire Gaeilge Seán Ó Donnabháin.

Haiku le Issa ón mbliain 1806:


Lá breithe an Bhúda -
mionghealbhain ramhra
is a dtuismitheoirí


.灌仏やふくら雀も親連れて

kuwanbutsu ya fukura suzume mo oya tsurete


2019-09-08

Scamaill Mheisciúla

Ní thugann
na scamaill mheisciúla
teachtaireacht ar bith chugam
ó mo ghrá

Giob-geab
na bhfroganna
na bpéacóg
na n-éan fiabhrais
canann
an chuach

Scalann tintreach
sa dorchadas
tá sceimhle orm
tá gá agam Leis

Fionnuar ceolmhar
í an ghaoth
an spéir
ina criathar

A Thiarna
cá bhfuilir

Nimh
i m’fhéitheacha é
gan Tú bheith i láthair

Mirabai