2021-08-07

Conas péire cuarán nua a cheansú

ná coinnigh le chéile iad
ná lig dóibh labhairt lena chéile
 
d’fhéadfaidís ceardchumann a bhunú
 
ná fág go deo iad gar
do chlog balla, leabhair ar an dlí, féilire, bratach náisiúnta
portráid de gandhi ná nuachtán
ar eagla go bhfaighidís amach faoi
lá na saoirse, satyagraha,
laethanta saoire, uaireanta oibre, íosphá agus
caimiléireacht
 
ná tabhair chun an teampaill iad
gheobhaidís amach láithreach go bhfuil tú lag
gur dia bréige é do dhia-sa agus luífidh siad ort
 
ná tabhair in aice leis an mbord seomra bia go deo iad
d’fhéadfaidís bia a lorg
nó an drochshúil a chaitheamh ar do dhinnéar blasta
 
úsáid ar dtús iad le haghaidh siúlóidí gearra
ansin cuir leis an bhfad de réir a chéile
 
na bíodh a fhios acu go deo an méid oibre is gá dóibh a dhéanamh
scaoil na strapaí teanna
lig dóibh a bheith sona
 
tá siad ag éirí níos mó
smear roinnt sean-ola ar na strapaí garbha
le go mbraithfidís ungtha
 
oibrithe maithe ceansaithe anois iad
ullamh chun ragobair a dhéanamh
 
do do chosa ramhra

Gopal Honnalgere (1942-2003)

2021-08-06

White Lily, Vinalhaven, Maine

Ron Rosenstock
gabhann milliún bliain thart
in aon soicind amháin . . .
dúiseacht an anama
a million years
fly by in a second . . .
the soul's awakening

2021-08-05

Ferdynand Ruszczyc



tusa an teach solais
mo dhoircheacht is cúis leat
tá mé ag brath ort
        tá tusa ag brath ormsa
        grá dorcha dod' chothú
You are the lighthouse
my darkness created You
we need each other
        what's Your purpose without me
        dark love it is that feeds You

2021-08-04

Taj Mahal

Ar éigean má thugann na páistí faoi deara é
Is iad ag dul ar scoil, é ar a chromada
san abhainn mar tharbh dronnach

a ruball á bhagairt aige ó am go ham
ar an slua de thurasóirí
cosnochta. Tá siad bailithe leo anois,

an t-impire agus an bhanríon ab ansa leis,
le trí chéad bliain
nó mar sin. Ach an lasair mharmair seo

gealach eile an Domhain, féach
mar a chuimlíonn sí salann mín luachmhar
le créacht an ghrá leatromaigh



R. Parthasarathy

2021-08-03

Eduardo Viana

is leor d'ainmse
is critheann sreanga an ghiotáir
tugtar éisteacht dóibh
        is é d'ainmse, a shearc
        a chraobhscaoileann a gcuid rún
Your name is enough
and the guitar strings tremble
they long to be heard
        it is Your name, beloved
        that releases their secret

2021-08-02

Vajda Lajos

briathra na saoithe
an bhfanfaidh siad, a chuisle
tar éis mionchainte
        táid cheana á leá i dtost
        basctha brúite 'na neamhní
the words of the wise
will they rise above chatter
and remain, my love
        no, they dissolve in silence
        and break into nothingness

2021-08-01

Paula Modersohn-Becker

is bóthar fada é
bhíos anseo cheana, a chuid
aithním gach casadh
        ach nílim in ann dul siar
        níl thiar ansin ach taibhsí
ah, it's a long road
and yes, i've been here before
i know every turn
        and yet i cannot go back
        nothing behind me but ghosts