| ||
|
ortsa a fhillim gach aon ní ina dhusta is dusta é m'fhocal a stóirín, níl faic fágtha ach loinnir ár gcroí istigh | ||
|
to You i return all else is dust already these words too are dust Beloved, nothing remains but a shimmer in our hearts | ||
|
γυρνώ σ' Εσένα όλα είναι ήδη σκόνη κι οι λέξεις σκόνη είναι Αγάπη, όλα περνούν μόνο οι καρδιές μας τρέμουν Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise |
2022-01-07
Magnus Enckell
2022-01-06
2022-01-05
Cárta Cuimhneacháin/ Memorial Card
2022-01-04
Paindéim
Dá samhlófá í
mar a shamhlaíonn na Giúdaigh an tSabóid -
an t-am is beannaithe ar fad.
Éirigh as taisteal a dhéanamh.
Éirigh as díol is ceannach.
Éirigh as bheith ag iarraidh
an domhan a athrú, éirigh as go fóill.
Can. Guigh. Ná teagmhaigh le héinne
ach leo siúd a bhfuil tú tiomanta dóibh.
Socraigh síos id' lár.
Agus nuair a bheidh do cholainn socair,
sín romhat le do chroí.
Tuig go bhfuilimid ceangailte
ar bhealaí atá scanrúil álainn.
(Ba dheacair sin a shéanadh anois).
Is i lámha a chéile
atáimid ar fad.
(Caithfidh gur léir sin faoin dtráth seo).
Ná sín do lámha chugainn.
Sín chugainn do chroí.
Sín chugainn do bhriathra.
Sín chugainn teannóga úd
na hatrua a bhogann, dofheicthe,
agus nach féidir méar a leagan orthu.
Geall do ghrá don domhan seo -
bíodh sé le do leas nó d'aimhleas,
más tinn nó más slán,
fad agus is beo dúinn go léir.
Bunleagan foilsithe i Beshara Magazine
2022-01-03
spring rain
spring rain --
pond and river
are one
pluie d'hiver --
mare et rivière
ne font qu'une
Leagan Fraincise: Daniel Py
2022-01-02
Lorenzo Lotto
|
imagine . . . imagine he lost his way archangel gabriel |
samhlaigh . . . samhlaigh gur chuaigh sé amú an t-ardaingeal gaibriéil |
|
imaigine . . . imaigine he tint his wey archangel gabriel Leagan Béarla na hAlban: John McDonald |
想見せよ 道をなくした彼を 大天使ガブリエルを Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura |
2022-01-01
Isaac Israëls
Abonnieren
Posts (Atom)