2014-11-30

BORD GÁIS: Drochbholadh Uaidh?

Maíonn Bord Gáis go dtugann a chuid gradam leabhar an pobal liteartha ar fad le chéile. Tá sé sin le léamh ar an suíomh acu. Bréag, gan amhras. Agus an bhréag chéanna á hinsint acu bliain i ndiaidh bliana le naoi mbliana anuas. Níl léitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl foilsitheoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu, níl scríbhneoirí na Gaeilge tugtha le chéile acu. Is cosúil nár chualadar trácht ar litríocht na Gaeilge.

Ach chun a chruthú nach dream cúngaigeanta ar fad iad, tá Gradam Idirnáisiúnta acu chomh maith i mbliana. Agus cé a roghnaigh Bord Gáis Energy Irish Book Awards 2014 don ghradam idirnáisiúnta? Jeffrey Archer, ambaiste,  faoina ndúirt Ringo Starr: ‘Is é an saghas duine é a chuirfeadh do mhún i mbuidéal is é a dhíol!’

Agus an dream gan náire a sheas chun bualadh bos a thabhairt do Jeffrey groí agus scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge á gcoinneáil amach acu, ón gcuma a bhí orthu déarfainn go raibh glincín d’fhual an tSaighdeora sa ghrágán acu!

Ar an lá seo 30 Samhain

Ar an lá seo 30 Samhain, 1935, cailleadh an mórfhile Fernando Pessoa
Agus is é Pessoa a chuireann deireadh leis an mír seo den bhlag. Tá bliain iomlán déanta againn.

Não sei quantas almas tenho.

Não sei quantas almas tenho.
Cada momento mudei.
Continuamente me estranho.
Nunca me vi nem achei.
De tanto ser, só tenho alma.
Quem tem alma não tem calma.
Quem vê é só o que vê.
Quem sente não é quem é.

Atento ao que sou e vejo,
Torno-me eles e não eu.
Cada meu sonho ou desejo,
É do que nasce, e não meu.
Sou minha própria paisagem,
Assisto à minha passagem,
Diverso, móbil e só.
Não sei sentir-me onde estou.

Por isso, alheio, vou lendo
Como páginas, meu ser.
O que segue não prevendo,
O que passou a esquecer.
Noto à margem do que li
O que julguei que senti.
Releio e digo, «Fui eu?»
Deus sabe, porque o escreveu.

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam

Níl fhios agam líon na n-anamacha atá ionam.
D’athraíos ó mheandar go meandar.
Braithim i gcónaí im stróinséir.
Ní fhaca mé mé féin ná níor thána riamh orm féin.
Ón méid iomlán díom, níl agam ach anam.
An té a bhfuil anam aige ní suaimhneach dó.
An té a fheiceann níl ann ach a bhfeiceann sé.
An té a mhothaíonn ní hé é féin atá ann.

Is airdeallach a bhím faoin méid atá ionam is a bhfeicim.
Bímse iadsan agus stopaim de bheith mé féin.
Gach aon bhrionglóid, gach aon dúil
Is leis an té a rabhadar san aige iad, ní liomsa iad.
Mise mo thírdhreach féin
Breathnaím orm féin is mé ar aistear –
Éagsúil, soghluaiste, liom féin.
San áit seo ina bhfuilim ní mhothaímse mé féin.

Sin an fáth a léimse mé féin mar stróinséir
Mar a bheadh leathanaigh ann.
N’fheadar cad a thiocfaidh
Dearúdaimse gach ar tharla,
Breacaim nóta ar imeall mo chuid léitheoireachta,
Machnamh agus mothúcháin.
Deinim iontas agus mé á athléamh: ‘Arbh in mise?'
Tá’s ag Dia, mar eisean a scríobh.

Ar an lá seo 29 Samhain

Ar an lá seo 29 Samhain, 2001, cailleadh George Harrison.
Chomh maith lena ghairm cheoil leis na Beatles, léirigh sé an t-albam Sacred Chants of India.

Carúil na gCarmanach: ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh

Is fada trácht ar charúil na Cille Móire i gCo. Loch Garman agus tá léas nua beatha tugtha dóibh anois ag an amhránaí ildánach sárchumasach Caitríona O’Leary ar an albam nua The Wexford Carols (Heresy Records). I dteannta Chaitríona tá Rosanne Cash, Rhiannon Giddens agus amhránaí mór na Breataine Bige, Tom Jones.

Is pacáiste aoibhinn é seo agus an-chuma go deo ar an leabhrán faoi chlúdach crua a ghabhann leis. Tá a croí curtha ag Caitríona O’Leary sa togra seo, i ngach slí, agus guím rath uirthi.

Ba thall in Ghent a d’fhoilsigh an tEaspag Luke Waddinge (ná measctar leis an bhFroinsiasach Luke Wadding é) an cnuasach amhrán diaga A Small Garland of Pious & Godly Songs (1684). As an gcnuasach sin agus as an mbailiúchán A New Garland Containing Songs for Christmas (1728) leis an Athair William Devereux chomh maith le traidisiún beo na Cille More iad na carúil bhreátha seo.

D’fhoghlaimíos cuid mhaith ó na nótaí atá curtha ag Caitríona leis na carúil Nollag seo ar cuid d’oidhreacht na hÉireann agus d’oidhreacht cheoil an domhain araon iad, dar léi, agus an ceart aici. Tá a thuilleadh nótaí inspéise scríofa ag Eric Fraad, bunaitheoir Heresy Records, agus is fiú go mór iad a léamh. Cumadh na carúil seo chun sólás a thabhairt don chosmhuintir agus iad ag fulaingt faoin gConcas. Murach Cromail, seans nach mbeadh na carúil seo againn. Tar éis dó slad a dhéanamh i nDroichead Átha, chuaigh Cromail caol díreach go Loch Garman, 10,000 Piúratánach ina theannta, agus dhein sé an diabhal arís. Sna blianta a lean Cogadh Chromail in Éirinn, tháinig titim ó 2,000 go 400 ar dhaonra Loch Garman. Bí ag caint ar chinedhíothú.

Dála na n-amhrán spioradálta is na nGormacha i Meiriceá, d’fheidhmigh na carúil seo mar bhalsam bisigh do phobal cloíte Loch Garman. Is meafair iad go minic na híomhánna sna carúil seo a sheasann do chúinsí dofhulangtha na nGael ag an am; diúltaítear do Mhuire is d’Iósaf agus níl ar fáil don Mháthair Bheannaithe agus a hionú tagtha ach stábla. Ní raibh de shéipéal ag an Easpag Waddinge ach seamlas lán de bhualtrach agus is i ngort lom a cheiliúraíodh an tAthair Devereux an tAifreann. Is cinnte gur bhraith lucht canta na gcarúl seo, agus an lucht éisteachta, an ceangal a bhí idir na Gaeil bhochta agus an Teaghlach Naofa. Sa tslí sin, neartaigh na carúil a gcreideamh agus a bhféiniúlacht araon.

Na tagairtí sna carúil do Héaród an áir, nach tagairtí do Chromail iad dáiríre? Gach seans. Díbríodh na Gaeil go Connachta, chuaigh a thuilleadh acu go Meiriceá agus a thuilleadh fós chun na Mór-Roinne. Nach meafar é an díbirt léanmhar sin a sheasann don Teitheadh chun na hÉigipte? Agus na tagairtí don Slánaitheoir féin, nach bhfuil soiscéal an tSeacaibíteachas ag borradh sa chúlra? Bí cinnte de. Ábhar ceiliúrtha agus ábhar machnaimh atá san albam suaithinseach seo a léiríonn urraim do ghné neamhchoitianta dár n-oidhreacht.

2014-11-29

Seit ich ihn gesehen/Ó chonac an leaid óg

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Carl Loewe<

Seit ich ihn gesehen

Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein;
Wo ich hin nur blicke,
Seh' ich ihn allein;
Wie im wachen Traume
Schwebt sein Bild mir vor,
Taucht aus tiefstem Dunkel,
Heller nur empor.

Sonst ist licht- und farblos
Alles um mich her,
Nach der Schwestern Spiele
Nicht begehr' ich mehr,
Möchte lieber weinen,
Still im Kämmerlein;
Seit ich ihn gesehen,
Glaub' ich blind zu sein.

Ó chonac an leaid óg

Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir;
Le gach aon stracfhéachaint
Níl sa domhan ach é;
Mar a bheadh i mbrionglóid
Snámhann chugam a chló
’Teacht as íochtar dorcha
Lonrach os mo chomhair.

Seachas sin is léithe
Gach a bhfuil sa saol,
Bheith ag spraoi lem dheirfiúr
Sea mhuis’ beag an baol.
B’fhearr liom bheith ag caoineadh
I mo sheoimrín féin:
Ó chonac an leaid óg
Tá mé dall is léir.

2014-11-28