2019-05-31

Briathra an Bhúda



Pare ca na vijānanti
mayamettha yamāmase.
Ye ca tattha vijānanti
tato sammanti medhagā.
                    

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_1_6.mp3

Tá daoine ann nach dtuigeann
go gcaillfear sinn go léir lá éigin.
Iad siúd a thuigeann an méid sin, áfach,
caitheann siad an chloch as an muinchille.



   
   
   

2019-05-30

Mantra na hAigne is na Colainne Nua


Mantra na humhlaíochta é an mantra seo, mantra a thabharfaidh amach asat féin thú agus a osclóidh foinse na lúcháire agus an ghrá dhuit. Mantra is ea é chomh maith díreach chun scíth a fháil.

Is é is brí le gú ná dorchadas agus is é is brí le rú ná solas:
Gúrú gúr gúrú gúr wahe gúrú.

An fórsa sin a thugann ón dorchadas go dtí an solas sinn, sin é an gúrú.
Fuaim is ea wahe chun lúcháir a chur in iúl.

Cuireann an mantra seo i dteagmháil leis an bhfíor-thusa (gan ego) thú.

Gúrmúicis an teanga, teanga atá gaolmhar leis an tSanscrait.
Ach cad is mantra ann sa chéad áit? Deirtear sa leabhar The Ancient Language of the Soul: the Mystic Knowledge of Mantra le Nehemiah Davis gurb é atá ann ná 'an ancient holy sonic vibration of creation . . .'

2019-05-29

Naomhphatrún na na Filíochta / Smaoineamh an Lae

Is é Naomh Colm Cille Naomhphátrún na Filíochta. Ní éarlamh na filíochta in Éirinn amháin é - is é éarlamh na filíochta é, lánstad. Feictear dom nach n-aithnítear é sin i gceart sa tír seo ná i measc lucht éigse an domhain mhóir.

2019-05-28

Deascabháil (Ascension) - Dán le Beckett

Deascabháil

Tríd an spiara caol
an lá úd is mé im' gharsún
drabhlásach ar a bhealach féin
tagtha ar ais arís mar bhall den teaghlach
cloisim guth
sceitimíní air is é i mbun tráchtaireachta
ar an gcorn domhanda sa pheil

ró-óg de shíor

idir an dá linn tríd an bhfuinneog oscailte
ar an aer i bhfocal
go trom
suaill na bhfíréan

a cuid fola ag stealladh go flúirseach
ar na braillíní ar na piseanna cumhra ar a garsún
le méara brocacha dhún sé mogaill na súl
ar na súile glasa a d'at le halltacht

í ag fánaíocht go héadrom
os cionn mo thuamasa d'aer

Bunleagan: Ascension


2019-05-27

Haiku le Issa ón mbliain 1807

I measc na nithe a thit amach sa bhliain 1807, rugadh James Fintan Lawlor, réabhlóidí.

Cailleadh an pleidhce amadáin Boyle Roche. I measc na rudaí seafóideacha a tháinig ó bhéal an pharlaiminteora úd, cuimhnítear ar,

"Mr Speaker, I smell a rat; I see him forming in the air and darkening the sky; but I'll nip him in the bud!"
Cailleadh an cláirseoir Donncha Ó hAmsaigh agus é in aois 112. Nuair a thug ministir Gallda cuairt air, ar seisean:
‘I found him lying on his back in bed, near the fire of his cabin, his harp under the bedclothes, by which his face was covered also. When he heard my name, he started up, being already dressed, and seemed rejoiced to hear the sound of my voice... . He then tuned his old time-beaten harp, his solace, and his bedfellow, and played with astonishing justness and good taste... The Coolin, The Dawning of the Day, Eibhlín, a Rún, and Ceann Dubh Dílis'.

Thall sa tSeapáin, chum Issa an haiku gleoite seo:

ar chos fhliuch
an chapaill...
féileacán agus é ina shámhchodladh

.蝶おりおり馬のぬれ足ねぶる也

chô ori-ori uma no nure ashi neburu nari

2019-05-26

Briathra an Bhúda

Na tāvatā dhammadharo
yāvatā bahu bhāsati.
Yo ca appampi sutvāna,
dhammaṃ kāyena passati
sa ve dhammadharo hoti,
yo dhammaṃ nappamajjati.
               

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_19_259.mp3

Níl cur amach ar an Darma
ag an té a bhfuil an iomarca cainte aige.
An té a chloiseann beagán den Darma
agus a thuigeann láithreach é
agus a thugann aird air
tá an-chur amach ag an duine sin ar an Darma.

2019-05-25

Gnome/ Leipreachán/ Dán le Beckett

Leipreachán

Cuir misneach amú le linn bhlianta
na foghlama le haghaidh bhlianta na fánaíochta
Trí dhomhan atá ag casadh go béasach mánla
Ó mhaistíneacht na foghlama.

Gnome

Spend the years of learning squandering
Courage for the years of wandering
Through a world politely turning
From the loutishness of learning.