2019-05-28

Deascabháil (Ascension) - Dán le Beckett

Deascabháil

Tríd an spiara caol
an lá úd is mé im' gharsún
drabhlásach ar a bhealach féin
tagtha ar ais arís mar bhall den teaghlach
cloisim guth
sceitimíní air is é i mbun tráchtaireachta
ar an gcorn domhanda sa pheil

ró-óg de shíor

idir an dá linn tríd an bhfuinneog oscailte
ar an aer i bhfocal
go trom
suaill na bhfíréan

a cuid fola ag stealladh go flúirseach
ar na braillíní ar na piseanna cumhra ar a garsún
le méara brocacha dhún sé mogaill na súl
ar na súile glasa a d'at le halltacht

í ag fánaíocht go héadrom
os cionn mo thuamasa d'aer

Bunleagan: Ascension