2019-05-09

Bill Doyle

ó ghlúin go glúin...
cumha na curaí
i ndiaidh na mara

from generation
to generation...
the currach's longing for the sea
rónta
ag breathnú sa treo céanna...
cad tá cloiste acu
seals
looking the same way...
what have they heard
litir ó Mheiriceá...
beidh pórtar go leor
anocht ann
a letter from America...
porter will be flowing
tonight
tabhair aire do na beo
is na mairbh...
a Mhuire, réalt na mara!

mind the living
and the dead...
Mary, star of the sea!
lá fada...
foighne is tost
an asail
long day...
the silent patience
of a donkey
ná habair faic...
tá cluasa
ar na clathacha
say nothing...
stone walls
have ears