2019-11-30

Crainn

Seo ag rothaíocht mé lastall ded’ thighse,
suím ar gheata a fhéachann amach ar choinleach.
Do spád ag lonrú faoi ghrian an chósta
is tú ag gearradh trí do scáth
is trí fhód, isteach sa dúrabhán dubh méith; ársa,
scanrúil. Ciorcal néata gearrtha,
tú ag tochailt leat, deannach réaltaí á spré agat as mála.
An crann óg á choinneáil díreach agat, aislíonadh,
á dhaingniú led’ sháil. Doirteann
bogha ceatha as an gcanna spréite.
Allas á chuimilt agat de d’aghaidh, féachann tú suas.
Mé ag sméideadh, ach ní fheiceann tusa ach talamh
a thabharfaidh úlla fós
a fháiscfear ina cheirtlis, a ólfar
faoi scáth duilliúir. Fear a bhfuil crainn á gcur aige
níl sé chun a bhean a fhágaint,
is cuma cad deirir. Níl tú ag imeacht.

Sue Butler

2019-11-29

Fear Cánach


Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla.
Féasóg ar fhéasóg órga
An t-ualach deireanacha eorna
Á luascadh tríd an gclós.
An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe.
Fidil is cosa ag bogadh le chéile.
Ansin idir coinleach is fraoch
Marcach ar séirse.

George Mackay Brown


2019-11-28

Dán Grá ón India: Cead an Údair

Mahe Jabeen
díreach ansin
mar a tharlaíonn an fhilíocht
tagann sé
is tugann póg dom

ag iarraidh meadaracht a fháil
i bhfuaim na gcos aige
dúnaim mo shúile

plúchann
an óige mé

smaointe
a bhí á bhfoirmiú
ag dul amú

mo chuid íomhánna fileata
á gcreachadh gan taise gan trua

pógann grá gan mhasc mé
ar an gclár éadain lom
lonraíonn im’ shúile
go mealltach
a mhéar ar leiceann liom
ar chuar mo mhuiníl
tá amharc ar fara
is bogann mar leoithne

táim gafa ag éigse
gan bhriathra

foilsíonn beola an dán
le cead an údair


Mahe Jabeen

2019-11-27

Líonpheil

Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin
a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí
go rabhas ar nós scallamáin is spotaí ar sceabha in áit na súl
a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma
sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach
báine bhuile dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha
gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain
ar nós dhá om ar crith.

Cheryl Follon

2019-11-26

Anon

Anaithnid
le chéile i gcónaí
in abhainn na súl -
Radha agus Krishna
always together
in the river of their gaze -
Radha and Krishna
aye thegither
i the watter o thair govein -
Radha'n Krishna

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
いつも一緒
川でも見つめ―
ラダーとクリシュナ(印度の神)

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-25

Ryokan

An saol seo againne -
ní thabharfainn samhail ar bith dhó
ach macalla
ina bhlosc trí na sléibhte
is amach trí fholús na spéartha


Notre vie en ce monde -
À quoi la comparer ?
Elle est comme un écho
Qui résonne à travers les montagnes
Et s'en va dans le ciel vide

Leagan Fraincise: D.Py

2019-11-24

Long

Tharla nach raibh ann
sa deireadh
ach báidín buachalla
ar loch na páirce áitiúla,
is mé ag siúl id’ theannta.

Ach chuas ar mo ghlúine
chun breathnú ar a theacht isteach,
an seol bán cúthail
is solas ómra tríd,
grian dhéanach
a dhein cré-umha buailte
den tonn a d’ardaigh í,

mo longsa ag teacht isteach
gona lasta áthais.

Carol Ann Duffy