2014-05-02

Ar an lá seo 2 Bealtaine

Ar an lá seo 2 Bealtaine, 1919, feallmharaíodh Gustav Landauer.
“Caidreamh sóisialta is ea an stát; slí ar leith atá ag daoine chun caidreamh a bheith acu lena chéile. Is féidir é a scriosadh trí chaidrimh nua shóisialta a chruthú; i.e. caidreamh éagsúil a bheith ag daoine lena chéile.”
Is breá an sainmhíniú é sin ar an Ainrialachas. Is féidir tuilleadh a léamh anseo:
Misteach ab ea Landauer. Bhí an-staidéar déanta aige ar Meister Eckhart, duine de mhistigh mhóra an domhain.  D’aistrigh sé Tagore is Whitman go Gearmáinis. ‘Alle meine Seelen’, ‘Mo chuid anamacha go léir’, tá sé sin an-Whitmanúil: tá a fhios againn gur thaitin na línte mistéireacha seo a leanas leis, línte le Alfred Mombert:

Alle meine Seelen schliefen.
Da hob sich strahlend die Sonne aus den Tiefen.
Ich liege: stiller Mann im Stillen.
Mich überrollt der Luftgeister Gespann,
Es fängt ein neues weites Leben an.
Die Krone, die um deine Schläfen blitzt und dämmert,
Hab' ich vor tausend Jahren zurechtgehämmert.
Die Welt ist voll dunkler Fragen,
Drum muß man die Harfe schlagen.

Bhí mo chuid anamacha go léir faoi shuan.
D’ardaigh an ghrian go soilseach as duibheagán buan.
Mé im luí: neach ciúin sa chiúnas
Gur ghabh ag rabhláil tharam cairt aerach na bpúcaí,
Beatha nua úrfhairsing ar tí tosnú.
An choróin sin ar do cheann is í ag glioscarnach ar d’uisinní
Do mhúnlaíos-sa lem’ chasúr míle bliain ó shin í.
Dúcheisteanna ar fud an bhaill go cráite:
Sin an fáth gur gá dúinn seinm ar chláirseach.