2015-06-30

Binavi Badakhshani

Ceaptar gur Afganastánach ón 13ú haois ab ea Binavi Badakshani agus gur Súifeach ab ea é féin agus a athair roimhe.


Deineadh uisce díom

Binavi Badakhshani

Deineadh uisce díom
   is chonac mé féin
   im mhearú súl
Deineadh aigéan díom
   chonac mé féin
   im cháithnín cúir
Deonaíodh Meabhraíocht dom
   is chonac nach bhfuil san iomlán
   ach dearúd
Dhúisíos
    is thuigeas go rabhas
   faoi shuan

I became water

Binavi Badakhshani

English version by Peter Lamborn Wilson and Nasrollah Pourjavady. Original Language Persian/Farsi

I became water
     and saw myself
     a mirage
became an ocean
     saw myself a speck
     of foam
gained Awareness
     saw that all is but
     forgetfulness
woke up
     and found myself
     asleep.

   

-- from The Drunken Universe: An Anthology of Persian Sufi Poetry, Translated by Peter Lamborn Wilson / Translated by Nasrollah Pourjavady

2015-06-29

Haiku

i mbád seoil mór
oíche na gealaí
ó fhuinneog an leithris

Kaneko Tohta


2015-06-28

Haiku le Issa ón mbliain 1803

An ag tabhairt amach atá sé? Sea agus ní hea. Is deacair codladh na hoíche a fháil má tá poill sa líontán a ligfidh na muiscítí isteach. Ní róshásta atá Issa; mar sin féin, ní fhéadfá a rá go bhfuil goimh air. Braithim go bhfuil aithne cuibheasach maith agam ar Issa faoin am seo - más féidir aithne cheart a chur ar éinne - nó go bhfuil aithne agam air sa haiku áirithe seo ar aon nós. Tá haiku eile leis, ar ndóigh, agus tar éis duit iad a léamh bheadh ort a rá leat féin, 'Cén saghas ab ea é, dáiríre? Ní bheidh aithne agam air go deo na ndeor.'
 
Ar nós an-chuid haiku eile, táimid a léamh in media res, mar a deirtear. Níl a fhios againn cad a tharla roimhe nó ina dhiaidh. B'fhéidir go bhfuair sé codladh maith an oíche áirithe sin ainneoin na bpoll!
séideann an ghaoth -
an líontán muiscítí mar dhea
ina stiallacha

.風吹や穴だらけでも我蚊帳

kaze fuku ya ana darake demo waga kachô

2015-06-27

Delphi

Íomhá Ron Rosenstock
tarlaíonn sé:
deabhadh ar na huiscí
i nGleann Deilphi
it happens:
the waters in Delphi Valley
all in a rush

2015-06-24

Filíocht na hIndia

An Duine Úd Sa Scáthán /Man in the Mirror

Pradip Khandwalla


Bhí gnáthchuma ar mo dhuine
os mo chomhair
ach mheasas gur aithníos é.
Níor léir domsa naomhluan ar bith
os a chionn
ach nocht a aghaidh romham
mar phortráid as áit éigin dorcha i gcéin. 
Séimh a bhí a ghuth
ach áititheach go maith mar sin féin
cé nár chuala siolla de.
Agus nuair d’fhéachas sna súile aige
is iad ag stánadh orm go stuama
mar shúile gloine íocóin
ní fhaca mé aon deireadh iontu
ná falla donn.
Ina áit sin bhí cosáin gan áireamh is iad ag cúbadh leo isteach in áiteanna agus in achair gharbha fadó.
Bíodh is gur mise a bhí ann
agus neach eile eisean
conas gur bhraitheas
gur ag féachaint isteach
i scáthán a bhíos?


Ar Scor/ Retirement

Pradip Khandwalla


Mé ag feitheamh
le scíth
ar feadh na mblianta.


Na súile ag titim amach as mo cheann
ag póirseáil romham ar feadh deich mbliana
i dtreo chéimeanna chun na leapa.
Nach iomaí mí
a lorgaíos
cuas an philiúir!

Seachtain i ndiaidh seachtaine
ag súil go raghainn as radharc faoi na braillíní bána.
Anois agus mo phianta go léir
ina n-áit conas nach dtagann an codladh bán in am?

Loiceann mo Scáth Orm/Shadow’s Walkout

Pradip Khandwalla


Níor labhras focal le mo scáth
le blianta fada.
Ó rugadh mé, le bheith cruinn.
Níor bhacas
lena bhéilí, lena chuid éadaigh
lena scoil, má bhí a leithéid aige,
lena chairde, a réimse spéise, a uaillmhianta.
Maidin amháin, bhailigh sé leis. “Is mian liom maireachtaint liom féin. Teacht orm féin.
Teacht in inmhe ar bhonn neamhspleách.
Táim in ann aire a thabhairt dom féin.
D’fhéadfainn scáileanna a dhíol.”
“Ta go maith,” arsa mise, go neamh-airdiúil
agus ar ais liom go dtí na ceannlínte.
Níor bhacas
fiafraí de
cá mbeadh cónaí air.
B’fhéidir gur faoiseamh a bhí orm.
Tar éis an tsaoil, ní raibh aon ghá leis.
É ar nós méar coise sa bhreis. Nó carbhat.

Ach bhíos dulta ina thaithí.
Agus bhraitheas uaim é nuair a chuas amach ag siúl an tráthnóna sin.
Agus mé do mo ghrianadh féin ar an lochtán
an mhaidin dár gcionn.
Bhraitheas uaim a chuid leideanna ciúine.
Faoin solas sin go léir
bhraitheas rite le gaoth mar spuaic.
Labhras le mo bhean agus d’admhaigh sise
go raibh a scáil siúd
bailithe léi chomh maith.
Agus ní sinne amháin é.
Thugas faoi ndeara go raibh coisithe
is feithiclí gan scáil ann, tithe agus crainn.
Rudaí beaga bídeacha fiú
púróga agus seamaidí féir
bhíodar gan a nduibheagán dorcha
is bhí taobh an bhóthair ina laom lasrach
gan anamacha na dtor á luascadh le teann meisce.
An mbeadh an domhan go léir gan scáil?
An é nach mbeadh ionainn ach oileáin
lasta um nóin
agus inár neamhní um thráthnóna?
Gan chiaroscuro ar bith?
Nach mbeadh líonadh agus caitheamh ann níos mo?
Gan rian
Dár n-aistear ann ná ceann scríbe?

An Phirimid Mhór/ The Great Pyramid

Pradip Khandwalla

D’fhiafraíos de Khufu
cén fáth a raibh uaigh
chomh fairsing sin ag teastáil
dá cholainn sheang
agus ar seisean
tá ionad teolaí
ag teastáil óm cholainn
agus spás á lorg
ag m’aigne.





2015-06-23

Smaoineamh

"San aois seo a ghabhann aicearra gach conaire, is é an ceacht is mó atá le foghlaim ná gurb í an chonair is deacra an chonair is éasca i ndeireadh na dála."

Henry Miller

2015-06-22

Dán Bainise

 Ealaín de chuid na ndaoine (Meicsiceo)

Wedding Poem

Ogden Nash

Geniuses of countless nations
Have told their love for generations
Till all their memorable phrases
Are common as goldenrod or daisies.
Their girls have glimmered like the moon,
Or shimmered like a summer noon,
Stood like a lily, fled like a fawn,
Now the sunset, now the dawn,
Here the princess in the tower
There the sweet forbidden flower.
Darling, when I look at you
Every agèd phrase is new,
And there are moments when it seems
I've married one of Shakespeare's dreams.

Dán Bainise

Tá filí ann ó gach náisiún
A ríomh a ngrá ó ghlúin go glúin
A bhfrásaí bláfara ag dul thar fóir
Mar nóiníní, mar shlata óir.
Mar ghealach lonrach bhí a mbé
Nó grian an tsamhraidh i lár an lae.
Oisín ag teitheadh, lile bhán,
Fuineadh gréine nó teacht don lá,
Banphrionsa is í faoi ghlas i dtúr
Nó bláth an earraigh, rúnda, úr.
Is nuair a dhearcaim ortsa, a stór,
Tá brí sna seana nathanna fós:
Aisling gheal bhí ag file tráth –
Féach, a ansacht – tháinig ár lá!

2015-06-20

Joyce

Eachtrannaigh is mó a chuireann spéis in James Joyce a deir Robert Gogan, duine den bheagán Éireannach a bhí amuigh faoin ngréin an tseachtain seo anuraidh agus Bloomsday á cheiliúradh acu. Tá seó scríofa ag Robert bunaithe ar Ulysses agus seo sliocht as:

2015-06-19

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Péire féileacán agus i súile an mháistir is lánúin iad! (Agus b'fhéidir gurbh ea leis!)
ní thagann aon chríonnacht orthu
an féileacán
agus a bhean

.さらにとしとらぬは蝶の夫婦哉

sara ni toshitoranu wa chô no meoto kana

2015-06-16

Haiku ón Iaráin

seansaighdiúir . . .
anacraí leapa
ar nós léarscáil na hIaráine

Ali Beik

glór na gaoithe
... داب یادص
mo mháthair ag guí
یکیرات رد مردام
i gcorplár na hoíche
دوریم هدجس

Leila Rezai

snáthaid mhór mharbh
dúnann is osclaíonn a cuid sciathán
le gach leoithne

Ali Shalkouhi


oíche fhómhair . . .
drithlíonn fiacla
an mhadra strae

Forough Foroutani


یزییاپ بش
ِنادند دشخردیم هچ
درگلو گس ن

2015-06-14

Smaoineamh na Seachtaine

A chairde gaoil, ní bheidh rath ar aon ní i Sasana -  agus ní bheidh go deo -  go dtí go mbeidh gach aon ní comónta eadrainn, nuair nach mbeidh seirbhíseach ann ná tiarna níos mó agus gach aon difríocht eadrainn curtha ar ceal."
An tAthair John Ball
Daily Bleed: Jules Valles, Emma Goldman, Sacco & Vanzetti, SDS, The Helix, Stuart Christie, Earth First!, Guy Debord, June 11, A Calendar Better Than Boiled Coffee! events Mom & Pop forgot to tell us about!

2015-06-12

Tom Kettle: To my Daughter, Betty

To my Daughter, Betty


In wiser days, my darling rosebud, blown
To beauty proud as was your Mother’s prime.
In that desired, delayed, incredible time,
You’ll ask why I abandoned you, my own,
And the dear heart that was your baby throne,
To die with death. And oh! they’ll give you rhyme
And reason: some will call the thing sublime,
And some decry it in a knowing tone.
So here, while the mad guns curse overhead,
And tired men sigh with mud for couch and floor,
Know that we fools, now with the foolish dead,
Died not for flag, nor King, nor Emperor,
But for a dream, born in a herdsmen shed,
And for the secret Scripture of the poor.

Tom Kettle (1880 -1916)


Do M’iníon, Beití

(Saoraistriúchán ar shoinéad)

In aois na gaoise a thiocfaidh, a róisín án
Is tú ar nós do mhátharsa faoi bhláth.
San am dochreidte sin amach anseo, a ghrá
Fiafróidh tú cén fáth ar thréigeas thú. Cén fáth,
Cén fáth do chroí a fhágaint ann, cén gá
A bhí le coinne leis an mbás. Is Ó, dubh is bán
A bheidh an scéal acu: gníomh oirirc, a déarfaidh a lán
Díchiall amach is amach – an chuid eile acu á rá.
Is na gunnaí mire ag liú anseo in airde,
Osna na bhfear láibe is iad ag póirseáil rompu go cráite
Tuig gur amadáin sinne i measc na marbhán
Is nach bratach, ná Rí ná Impire ba chúis lenár sáinn
Ach aisling a saolaíodh fadó i mbothán,
Is Scrioptur rúnda na mbochtán.

2015-06-11

Beckett

Roundelay

on all that strand
at end of day
steps sole sound
long sole sound
until unbidden stay
then no sound
on all that strand
long no sound
until unbidden go
steps sole sound
long sole sound
on all that strand
at end of day

Samuel Beckett


Caslaoi

ar fud na trá
ag deireadh an lae
tá fuaim an bhoinn
fuaim fhada an bhoinn
gan iarraidh fanann
ansin gan fhuaim
ar fud na trá
fada gan fhuaim
gan iarraidh imíonn
tá fuaim an bhoinn
fuaim fhada an bhoinn
ar fud na trá
ag deireadh an lae

2015-06-10

Yeats

The Stare’s Nest by my Window


The bees build in the crevices
Of loosening masonry, and there
The mother birds bring grubs and flies.
My wall is loosening; honey-bees,
Come build in the empty house of the stare.

We are closed in, and the key is turned
On our uncertainty; somewhere
A man is killed, or a house burned.
Yet no clear fact to be discerned:
Come build in the empty house of the stare.

A barricade of stone or of wood;
Some fourteen days of civil war:
Last night they trundled down the road
That dead young soldier in his blood:
Come build in the empty house of the stare.

We had fed the heart on fantasies,
The heart's grown brutal from the fare,
More substance in our enmities
Than in our love; O honey-bees,
Come build in the empty house of the stare.
 

W B Yeats 


 

Nead na Druide Cois M’fhuinneoige


Beacha ag tógáil i scoilteacha
Na saoirseachta scaoilte, is siod í
Máthair an áil le cruimheanna is cuileoga.
Tá an balla ag éirí scaoilte; a bheacha meala
Tagaigí is tógaigí in áras folamh na druide.

Táimid teanntaithe, tá an eochair casta
Ar ár neamhchinnteacht, áit éigin
Fear á lámhach, nó teach ina lasracha.
Is gan fíric ghlé ná léargas:
Tagaigí is tógaigí in áras folamh na druide.

Baracáid cloch nó adhmaid;
Coicís de chogadh cathartha:
Aréir iompraíodh an saighdiúir óg marbh
Síos an bóthar, é féin is a chuid fola:
Tagaigí is tógaigí in áras folamh na druide.

Chothaíomar ár gcroí ar aislingí,
Cothú a d’fhág ár gcroí ar nós na brúide,
Is substaintiúla é ár naimhdeas
Ná ár ngrá: Ó, a bheacha meala
Tagaigí is tógaigí in áras folamh na druide.

2015-06-09

Sheila Wingfield



Winter

The tree still bends over the lake,
And I try to recall our love,
Our love which had a thousand leaves.

 Sheila Wingfield (1906 -1992)


Geimhreadh

Cromann an crann os cionn an locha i gcónaí,
Agus tugaim faoinár ngrá a thabhairt chun cuimhne,
Ár ngrá ar a raibh duilleoga ina mílte.


2015-06-08

Dmitris Mytaras Δημήτρης Μυταράς

Íomhá Dmitris Mytaras
Δημήτρης Μυταράς
is annamh
a fheictear é nó a labhartar faoi -
ionradh na n-aingeal
few are they
who witness it or speak of it -
invasion of angels
僅かだが
見聞きしたものあり―
天使の侵入

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
λίγοι το λένε
ή τ' ομολογούν -
εισβολή των αγγέλων

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2015-06-07

Abends/ Um Thráthnóna

File: Josef von Eichendorff
Cumadóir: Robert Franz
Abendlich schon rauscht der Wald
Aus den tiefsten Gründen,
Droben wird der Herr nun bald
An die Sternlein zünden.
Wie so stille in den Schlünden,
Abendlich nur rauscht der Wald.

Alles geht zu seiner Ruh.
Wald und Welt versausen,
Schauernd hört der Wandrer zu,
Sehnt sich recht nach Hause.
Hier in Waldes stiller Klause,
Herz, geh endlich auch zur Ruh.
Tá an leoithne fós sa choill
Is sa ghleanntán álainn,
Lasfaidh Dia gach réalt gan mhoill,
Soilseoidh siad in airde.
Tá an tost ó bhun go barr ann,
Séideann leoithne fós sa choill.

Lorgaíonn gach aon ní scíth.
Coill is domhan faoi smúit,
Uamhan i gcroí an fhánaí
Lena bhaile tá a thnúth.
Seo do thearmann féin – nach ciúin!
Téir a chroí liom, aimsigh scíth.

2015-06-06

ar lá an luain

Íomhá Ron Rosenstock
ar lá an luain
an dtiocfaidh leá orthu?
ár bpeacaí reoite
on the last day
all our frozen sins
will they melt into nothingness?
έσχατη μέρα -
λιώνουν στο κενό
οι αρχαίες αμαρτίες;

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
on the hinmaist day
aw oor jeelt sins'll
mizzle tae naethinness

Lallans: John McDonald

2015-06-05

Smaoineamh an Lae

Sa Ghaineamhlach

le Stephen Crane


Chonaic mé neach
sa ghaineamhlach, nocht, brúidiúil
ar a ghogaide, ar an talamh,
a chroí aige ina dhá lámh
agus é á ithe.

Ar mé, ‘An maith é, a chara?’
‘Goirt atá sé – goirt,’ ar sé;
‘Ach is maith liom é
toisc é bheith goirt
is toisc gurb é mo chroíse é.’




The Daily Bleed: Michele Angiolillo, Karl Eduard Nobiling, Japanese Anarchist Federation, Pépita Carpeña

Haiku, Ealaín an Fholúis/ HAIKU, THE ART OF EMPTINESS


2015-06-04

Vik

Íomhá Ron Rosenstock
rabhcán mara -
spéartha dothreáite
áit éigin san Íoslainn
a sea-shanty -
impenetrable skies
somewhere in Iceland
jacal de mar -
cielos impenetrables
en Islandia

Leagan Spáinnise: Francisco X. Alarcón