2015-06-28

Haiku le Issa ón mbliain 1803

An ag tabhairt amach atá sé? Sea agus ní hea. Is deacair codladh na hoíche a fháil má tá poill sa líontán a ligfidh na muiscítí isteach. Ní róshásta atá Issa; mar sin féin, ní fhéadfá a rá go bhfuil goimh air. Braithim go bhfuil aithne cuibheasach maith agam ar Issa faoin am seo - más féidir aithne cheart a chur ar éinne - nó go bhfuil aithne agam air sa haiku áirithe seo ar aon nós. Tá haiku eile leis, ar ndóigh, agus tar éis duit iad a léamh bheadh ort a rá leat féin, 'Cén saghas ab ea é, dáiríre? Ní bheidh aithne agam air go deo na ndeor.'
 
Ar nós an-chuid haiku eile, táimid a léamh in media res, mar a deirtear. Níl a fhios againn cad a tharla roimhe nó ina dhiaidh. B'fhéidir go bhfuair sé codladh maith an oíche áirithe sin ainneoin na bpoll!
séideann an ghaoth -
an líontán muiscítí mar dhea
ina stiallacha

.風吹や穴だらけでも我蚊帳

kaze fuku ya ana darake demo waga kachô