An Duine Úd Sa Scáthán /Man in the Mirror
Pradip Khandwalla
Bhí gnáthchuma ar mo dhuine
os mo chomhair
ach mheasas gur aithníos é.
Níor léir domsa naomhluan ar bith
os a chionn
ach nocht a aghaidh romham
mar phortráid as áit éigin dorcha i gcéin.
Séimh a bhí a ghuth
ach áititheach go maith mar sin féin
cé nár chuala siolla de.
Agus nuair d’fhéachas sna súile aige
is iad ag stánadh orm go stuama
mar shúile gloine íocóin
ní fhaca mé aon deireadh iontu
ná falla donn.
Ina áit sin bhí cosáin gan áireamh is iad ag cúbadh leo isteach in áiteanna agus in achair gharbha fadó.
Bíodh is gur mise a bhí ann
agus neach eile eisean
conas gur bhraitheas
gur ag féachaint isteach
i scáthán a bhíos?
Ar Scor/ Retirement
Pradip Khandwalla
Mé ag feitheamh
le scíth
ar feadh na mblianta.
Na súile ag titim amach as mo cheann
ag póirseáil romham ar feadh deich mbliana
i dtreo chéimeanna chun na leapa.
Nach iomaí mí
a lorgaíos
cuas an philiúir!
Seachtain i ndiaidh seachtaine
ag súil go raghainn as radharc faoi na braillíní bána.
Anois agus mo phianta go léir
ina n-áit conas nach dtagann an codladh bán in am?
Loiceann mo Scáth Orm/Shadow’s Walkout
Pradip Khandwalla
Níor labhras focal le mo scáth
le blianta fada.
Ó rugadh mé, le bheith cruinn.
Níor bhacas
lena bhéilí, lena chuid éadaigh
lena scoil, má bhí a leithéid aige,
lena chairde, a réimse spéise, a uaillmhianta.
Maidin amháin, bhailigh sé leis. “Is mian liom maireachtaint liom féin. Teacht orm féin.
Teacht in inmhe ar bhonn neamhspleách.
Táim in ann aire a thabhairt dom féin.
D’fhéadfainn scáileanna a dhíol.”
“Ta go maith,” arsa mise, go neamh-airdiúil
agus ar ais liom go dtí na ceannlínte.
Níor bhacas
fiafraí de
cá mbeadh cónaí air.
B’fhéidir gur faoiseamh a bhí orm.
Tar éis an tsaoil, ní raibh aon ghá leis.
É ar nós méar coise sa bhreis. Nó carbhat.
Ach bhíos dulta ina thaithí.
Agus bhraitheas uaim é nuair a chuas amach ag siúl an tráthnóna sin.
Agus mé do mo ghrianadh féin ar an lochtán
an mhaidin dár gcionn.
Bhraitheas uaim a chuid leideanna ciúine.
Faoin solas sin go léir
bhraitheas rite le gaoth mar spuaic.
Labhras le mo bhean agus d’admhaigh sise
go raibh a scáil siúd
bailithe léi chomh maith.
Agus ní sinne amháin é.
Thugas faoi ndeara go raibh coisithe
is feithiclí gan scáil ann, tithe agus crainn.
Rudaí beaga bídeacha fiú
púróga agus seamaidí féir
bhíodar gan a nduibheagán dorcha
is bhí taobh an bhóthair ina laom lasrach
gan anamacha na dtor á luascadh le teann meisce.
An mbeadh an domhan go léir gan scáil?
An é nach mbeadh ionainn ach oileáin
lasta um nóin
agus inár neamhní um thráthnóna?
Gan chiaroscuro ar bith?
Nach mbeadh líonadh agus caitheamh ann níos mo?
Gan rian
Dár n-aistear ann ná ceann scríbe?
An Phirimid Mhór/ The Great Pyramid
Pradip Khandwalla
D’fhiafraíos de Khufu
cén fáth a raibh uaigh
chomh fairsing sin ag teastáil
dá cholainn sheang
agus ar seisean
tá ionad teolaí
ag teastáil óm cholainn
agus spás á lorg
ag m’aigne.