2016-03-31

Mantra na Crógachta




Om Girijaye Vidmahe shiv Prijaye dhimahi tanno durga prachodyat.


OM Machnaímis ar Ghirija Déví, Iníon an tSléibhe.
Ise is ionúin leis an Tiarna Síve,
go dtuga sí inspioráid agus léargas
dár n-aigne is dár dtuiscint.

2016-03-29

Wang An-Shih

Néalta

nochtann néalta is iad gan bhuairt
imíonn leo ar a gcamchuairt:
aigne gan bhuairt ní féidir a 'aimsiú' -
téigh á lorg is raghair amú

Clouds

Clouds appear free of care
And carefree drift away.
But the carefree mind is not to be "found" --
To find it, first stop looking around.

~ Wang An-Shih ~


(A Drifting Boat: Chinese Zen Poetry, aistrithe ag J. W. Wallis)

2016-03-28

Francisco X. Alarcón: Oración / Paidir

Oración


Quiero un dios
de cómplice
que se trasnoche
en tugurios
de mala fama
y los sábados
se levante tarde

un dios
que chifle
por las calles
y tiemble
ante los labios
de su amor

un dios
que haga cola
a la entrada
de los cines
y tome café
con leche

un dios
que escupa
sangre de
tuberculoso
y no tenga
ni para el camión

un dios
que se desmaya
de un macanazo
de policía
de un mitín
de protesta

un dios
que se orine
de miedo ante
el resplandor
de los electrodos
de tortura

un dios
que le punce
hasta el último
hueso
y muerde el aire
de dolor

un dios desempleado
un dios en huelga
un dios hambriento
un dios fugitivo
un dios en exilio
un dios encabronado

un dios
que anhele
desde la cárcel
un cambio
en el orden
de las cosas

quiero
un dios
más dios

Paidir


le Francisco X. Alarcón


teastaíonn dia uaim
é ina chomhchoirí
a chaitheann oícheanta
i dtithe a bhfuil
droch-ainm orthu
agus a éiríonn déanach
ar an Satharn

dia
a dhéanann feadaíl
ar na sráideanna
agus creathán ann
roimh bheola
a leannáin

dia
a fhanann sa scuaine
os comhair
na bpictíúrlann
agus a dtaitníonn
café au lait leis


dia
a chaitheann
seile fola
de dheasca na heitinne
agus nach bhfuil
dóthain aige fiú
don táille bus

dia
leagtha amach
ag léirsiú
gan aithne gan urlabhra
ag smachtín
an gharda


dia
a dhéanann a mhún
le teann sceimhle
roimh leictreoidí
lasta
an chéasta


dia
a dtéann an phian
go smior
is go smúsach ann
greim
á bhaint aige
as an aer

dia dífhostaithe
dia ar stailc
dia agus ocras air
dia ar a theitheadh
dia ar deoraíocht
dia ar buile
dia
i gcarcair
a shantaíonn
ord
nua

dia
atá níos cosúla
le dia
atá uaim

Prayer


I want a god
as my accomplice
who spends nights
in houses
of ill repute
and gets up late
on Saturdays

a god
who whistles
through the streets
and trembles
before the lips
of his lover

a god
who waits in line
at the entrance
of movie houses
and likes to drink
café au lait

a god
who spits
blood from
tuberculosis and
doesn't even have
enough for bus fare

a god
knocked
unconscious
by the billy club
of a policeman
at a demonstration

a god
who pisses
out of fear
before the flaring
electrodes
of torture

a god
who hurts
to the last
bone and
bites the air
in pain

a jobless god
a striking god
a hungry god
a fugitive god
an exiled god
an enraged god

a god
who longs
from jail
for a change
in the order
of things

I want a
more godlike
god

Francisco X. Alarcón, "Prayer," translated by Francisco Aragón,
from From the Other Side of Night/Del otro lado de la noche.
Copyright © 2002 by Francisco X. Alarcón.

INCAAIN


a waant an almichtie
as ma marra
whae it nichts
reenges the hooer-hooses
syne liggs lang on Setturdays


an almichtie
whae fussles throuch the causeys
an trummles
afore the pree
o's luver

an almichtie
whae staund's ben
ootby pictur hooses
an's daft
on cafe au lait

an almichtie
whaes bluidy spittins'r
tuberculosis
an he cannae fund
eneuch fir the bus-fare

an almichtie
dunted heels-ower-erse
bi a polisman's rung
it sum pacefou
demonstration

an almichtie
pissin's sel
afore the bleizin
electrodes
o tortur

an almichtie
whae hurts tae
the hinmaist bane
syne chowes the err
in pyne

an almichtie whae's idle
an almichtie on the picket raw
an almichtie hungert
an almichtie on the run
an almichtie bainisht'n angert

an almichtie
greenin frae jyle
fir a muckle chynge
i the wye
theengs'r duin

a waant
an almichtie
mair lik the almichtie

John McDonald

2016-03-27

Haiku le Issa ón mbliain 1804

Childe Hassam
ní cré fós mé -
féach arís
an t-earrach faoi bhláth

.又土になりそこなうて花の春
mata tsuchi ni narisokonaute hana no haru

2016-03-26

Mantra na Síochána



Go scaipe an tsíocháin go soilseach sa spéir ar fad agus sa spás ollmhór aerga gach áit.
Go raibh an tsíocháin i réim ar fud an domhain go léir, san uisce agus i ngach luibh, crann agus athair.
Go sile an tsíocháin ar fud na cruinne go léir.
Go raibh an tsíocháin sa Neach is Airde, Bráman.
Agus go raibh an tsíocháin agus an tsíocháin amháin i ngach éinne.
AUM, síocháin, síocháin agus síocháin ionainne agus i ngach neach.

2016-03-25

Mantra Mór chun an Bás a Chloí


OM, machnaímid ar an Trí-Shúileach
atá ionainn go léir ina chumhracht:
Saor sinn ó gach ceangal saolta
faoi mar a shaortar an cúcamar aibí ón athair

2016-03-24

TG4 Satharn 26ú @ 19:45 - Áiliu Iath n-Érend (I Invoke the Land of Ireland)

Bunaithe ar an gcéad dán Gaeilge riamh, deirtear, leis an bhfile Aimhirgin Glúingheal.

 
According to legend the Poems, or Songs, of Aimhirgin Glúingheal are the first poems in Irish recited in Ireland.  This film brings the poems to life in a kaleidoscope of images from Ireland’s past and present and with a chorus of Ireland’s finest living poets.

ar TG4 : Dé Sathairn 26ú Márta - 7.45in
on TG4 : Saturday 26th March 2016 - 7.45pm

Breis eolais/More information:  http://www.anupictures.com/project/invoking/

Geert Verbeke: haiku

  © Photo & haiku: Geert Verbeke, 2016.
clog ag clingeadh go séimh
i gcuirtíní ceo
turas chun na mara

zachte tinkelbel
in de slierten vaan nevel
dagreis naar de zee

guth séimh ag cantaireacht
sa ghairdín beag teampaill
cumhracht sinséir

zacht zingende stem
in de kleine tempeltuin
de geur van gember

amach sa samhradh
is i gcaitheamh an fhómhair órga
giolc na gcriogar

van de nazomer
doorheen het gouden najaar
getsjirp van krekels

ní haon chur isteach iad
bláthanna séidte sa spéir
tráthnóna earraigh

zonder overlast
verwaaide bloesems in de lucht
een lenteavond

2016-03-23

Buson & Jacob van Strij

Jacob van Strij
how nobly the high priest
empties his bowels –
desolate field
nach uasal mar a chacann sé
sa ghort uaigneach –
an t-ardsagart
hoe nobel de hogepriester
die zijn darmen ledigt-
desolaat veld

Leagan Dúitsise le Geert Verbeke
hou nobly
the heich priest shits
i the gowstie perk

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
Haiku le Buson. Gaeilge agus Béarla le Gabriel, Béarla na hAlban le John McDonald, Dúitsis le Geert Verbeke. Ealaín le Jacob van Strij

2016-03-22

Smaoineamh an Lae

 

 "Rófhada atá oibrithe an domhain ag feitheamh le Maois éigin chun iad a threorú amach as an sclábhaíocht. Ní threoróinnse amach sibh dá bhféadfainn é; más féidir sibh a threorú amach, is féidir sibh a threorú ar ais arís. Mholfainn daoibh bhur n-aigne a dhéanamh suas agus a rá nach bhfuil aon ní nach bhféadfadh sibh féin a dhéanamh daoibh féin." 

 Eugene V. Debs

2016-03-21

Port na bPucaí

ón Irish Poetry Reading Archive.

cúr
cúr
cúr


ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cuilithíní
cuilithíní
cuilithíní

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór
glór
glór

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar tonnta iad

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na míolta móra
ar púcaí iad

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

glór na bpúcaí
ar míolta móra iad

ag teacht
ag teacht de dhroim na dtonn
ag teacht de dhroim na dtonn chugainn

cúr
cúr
cúr


[Foam, foam, foam, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,
ripples, ripples, ripples, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice, voice, voice, coming, coming on the waves, coming to us on the waves,
voice of whales that are waves, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of whales that are spirits, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, voice of spirits that are whales, coming, coming on the waves, coming to us on the waves, foam, foam, foam].

2016-03-20

Haiku le Issa ón mbliain 1803

Utagawa Kuniyoshi
Is minice ná a chéile é leis féin ina chuid haiku, seachas i measc an tslua. Sa haiku seo, tá léargas againn ar dhá chaitheamh aimsire, an iomrascáil agus breathnú ar an ngealach. In áit dul abhaile dó féin, agus ceann faoi air, meascann an t-iomrascálaí cloíte leis an slua agus iad ag baint aoibhnis as an ngealach.

an t-iomrascálaí cloíte, leis,
i measc an tslua . . .
gealach ghlé

.投られし角力も交じる月よ哉


nagarareshi sumô mo majiru tsuki yo kana

2016-03-19

Remember - Joy Harjo

Tarbh Mall ag Guí (Grianghraf: Edward S. Curtis)

Remember

 Remember the sky that you were born under,
know each of the star's stories.
Remember the moon, know who she is. I met her
in a bar once in Iowa City.
Remember the sun's birth at dawn, that is the
strongest point of time. Remember sundown
and the giving away to night.
Remember your birth, how your mother struggled
to give you form and breath. You are evidence of
her life, and her mother's, and hers.
Remember your father. He is your life also.
Remember the earth whose skin you are:
red earth, black earth, yellow earth, white earth
brown earth, we are earth.
Remember the plants, trees, animal life who all have their
tribes, their families, their histories, too. Talk to them,
listen to them. They are alive poems.
Remember the wind. Remember her voice. She knows the
origin of this universe. I heard her singing Kiowa war
dance songs at the corner of Fourth and Central once.
Remember that you are all people and that all people are you.
Remember that you are this universe and that this universe is you.
Remember that all is in motion, is growing, is you.
Remember that language comes from this.
Remember the dance that language is, that life is.
Remember.
 

~ Joy Harjo ~

(How We Become Human)



Cuimhnigh


Cuimhnigh ar an spéir faoinar rugadh thú,
cuir eolas ar scéal gach réalta.
Cuimhnigh ar an ngealach, bíodh fhios agat cé hí féin. Bhuaileas léi uair amháin i dtábhairne i gCathair Iowa.
Cuimhnigh ar bhreith na gréine le breacadh an lae, an chuid is treise den am. Cuimhnigh ar luí
na gréine nuair a ghéilltear don oíche.
Cuimhnigh ar do bhreith, do mháthair ag streachailt
chun foirm is anáil a thabhairt duit. Fianaise
ar a saol siúd is ea thú, agus a máthair roimhe is a saol siúd.
Cuimhnigh ar d’athair. Eisean do shaolsa leis.
Cuimhnigh ar an gcré, óir is tú craiceann na cré:
cré dhearg, cré dhubh, cré bhuí, cré bhán
cré dhonn, is cré sinn.
Cuimhnigh ar na plandaí, crainn, na hainmhithe
is a dtreibh féin go léir acu, a dteaghlach,
stair dá gcuid féin. Labhair leo,
éist leo. Is dánta beo iad.
Cuimhnigh ar an ngaoth. Cuimhnigh ar a guth. Is eol di
bunús na cruinne. Chuala mé í agus amhráin damhsa
cogaidh Kiowa á rá aici uair amháin
ag cúinne Fourth agus Central.
Cuimhnigh gur tusa na daoine go léir agus
 na daoine go léir is tusa iad.
Cuimhnigh gur tusa an chruinne agus an chruinne tusa.
Cuimhnigh go bhfuil an uile ní ag bogadh, ag fás, ionatsa.
Cuimhnigh gurb as sin go léir a thagann teanga.
Cuimhnigh ar an damhsa is teanga ann, is beatha ann.
Cuimhnigh.

MYND

MYND the lift ye wur born unner,
ken ilka yin o the sterns an thair crack.
MYND the muin, ken whae she is. A trystit
wi'r in a boozer yince in Iowa Ceetie.
MYND the sin's birth it daw, yon's
the stainchest pynt o tyme. Mynd sindoon
An the slumpin awa tae nicht.
MYND yer birth, hou yer mither raxit
tae gie ye form'n braith. Ye'r pruif o her life,
an her mither's, an hers.
MYND yer faither. He's yer life an aw.
MYND the yirth whae's skin ye are:
reid yirth, bleck yirth, yalla yirth, fite yirth
broon yirth, we'r yirth.
MYND the plants, treen, beast life whae aw hae
thair clans, thair faimilies, thair heestorie, an aw. Speir thaim,
hearken tae thaim. Thay'r leevin musardrie.
MYND the wund. MYND her vyce she kens the stert
o the universe. A hearkent tae'r croonin Kiowa weir
daunce sangs it the cunyie o fowerth'n central yince.
MYND thit ye'r aw fowk an aw fowk'r you.
MYND thit ye'r this universe an this universe is you.
MYND thit awthing's in motion, is growein, is you.
MYND thit leid cums frae this.
MYND the daunce thit leid is, thit life is.
MYND

John McDonald

2016-03-18

Ryuun-sai

Ryuun-sai
ón tseanghiúis
labhrann préachán . . .
sean a ghlór
from an old pine
a crow speaks . . .
its voice is old
老松や
カラス語りぬ
枯れ声で

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
frae an auld fir
a craw craiks...
it's vice's auld

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-03-16

Tús agus Deireadh

 le Takahashi Shinkichi


Ní féidir a rá cá bhfuil an aigne.
Tá sí gach áit. Tá an chruinne lán di.
Is mó ná ‘mór’ is ‘beag’ í an aigne.
Ní imíonn sí as riamh.
Is ann di nuair a chailltear an cholainn.
Níl aon bhás ann, dar léi.
Bhí an aigne seo ann sular rugadh sinn.
Ní shaolaítear in aon chor í.
Níl aon ní lasmuigh di.
Gach a bhfuil ann is é an aigne é.
Ní féidir a rá gurb ann di
Ach is léir go bhfuil an aigne ag bogadh.
Sin tús an uile ní.
Sa tús a bhíonn an aigne i gcónaí
Agus críoch ag teacht léi de shíor.
Níl in aon ní ach aigne.
Tús agus deireadh – níl barr ribe eatarthu.

2016-03-15

Buson & Frederick McCubbin

Ealaín: Frederick McCubbin
d’imigh an seilide as radharc!
cén áit?
ní heol d’éinne
the snail just vanished!
where’s it gone?
nobody knows
de slang verdween gewoon
waar is ze heen?
niemand weet het

Dúitsis le Geert Verbeke
the snail juist sauntit!
whaur’ts gane
naebodie kens

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-03-14

Haiku le Issa ón mbliain 1812

corrán gealaí -
ón gcuar caol
titeann duilleog aonair


.三ケ月の細き際より一葉哉

mikazuki no hosoki kiwa yori hito ha kana

2016-03-13

Mantra an Ghrá


ਓਹਾ ਪ੍ਰੇਮ ਪਿਰੀ
Ohā parem pirī.
Táimse sa tóir ar Ghrá mo Thaisce

ਕਨਿਕ ਮਾਣਿਕ ਗਜ ਮੋਤੀਅਨ ਲਾਲਨ ਨਹ ਨਾਹ ਨਹੀ
Kanik māṇik gaj moṯī▫an lālan nah nāh nahī.
Ór, seodra, péarlaí is rúibíní móra – leo níl gá.

ਰਾਜ ਨ ਭਾਗ ਨ ਹੁਕਮ ਨ ਸਾਦਨ ॥
Rāj na bẖāg na hukam na sāḏan.
Tiarnas, maoin, ceannasaíocht ríoga is páláis -

ਕਿਛੁ ਕਿਛੁ ਨ ਚਾਹੀ
Kicẖẖ kicẖẖ na cẖāhī.
Ní bheidh siad uaimse go brách.


ਚਰਨਨ ਸਰਨਨ ਸੰਤਨ ਬੰਦਨ.॥
Cẖarnan sarnan sanṯan banḏan.
Tearmann Chosa mo Thiarna, dúthracht a dhéanamh do na Naoimh –

ਸੁਖੋ ਸੁਖੁ ਪਾਹੀ ॥
Sukẖo sukẖ pāhī.
Mo shult is mo scíth go léir.

ਨਾਨਕ ਤਪਤਿ ਹਰੀ ॥
Nānak ṯapaṯ harī.
A Nanak, múchadh ionam an tine a bhí dom loscadh

ਮਿਲੇ ਪ੍ਰੇਮ ਪਿਰੀ ॥
Mile parem pirī.
Tá Grá agam óm’ Thaisce

2016-03-12

Smaoineamh an Lae

Múin do do theanga 'Níl a fhios agam' a rá agus déanfaidh tú dul chun cinn.

Maimonides (1135-1204)  

2016-03-11

Contúirt le Amano Tadashi (1909 -1993)

Tá sliabh san Oirthear
agus is ann a chaitear na seandaoine go léir
mar a chaithfeá uait sean-pheann.
Dáiríre, sé an rud ceart é

Hé, gach éinne
caithimis uainn na seanphinn mheirgeacha.
Ach ná caithimis ar an sliabh iad
Thuas ansin
na seanóirí críonna
bíonn siad ag tarraingt na gcos is ag caoineadh


「危険」


東洋には姥捨山があって
不要な老人は捨てられる
古いペンを捨てるように。

まことに合理的なことだ これは

諸君
古いさびたペンは捨てよう
ただし山へ捨ててはならぬ
山では
泣きながら
不要な老人が歩いている。

2016-03-10

Mo chuig chéad slán

Aloha 'oe

Haʻaheo ka ua i nā pali
Ke nihi aʻela i ka nahele
E hahai ana paha i ka liko
Pua ʻāhihi lehua o uka

Hui:

Aloha ʻoe, aloha ʻoe
E ke onaona noho i ka lipo
One fond embrace
A hoʻi aʻe au
Until we meet again

Mo chúig chéad slán

An bháisteach gheal ag scuab’ os cionn na haille
go grástúil seolann léi i measc na gcrann
Is an bhachlóg á leanúint de ló is d’oíche
Bachlóg álainn a fhásann thíos sa ghleann.

Curfá

Mo chúig chéad slán, mo chúig chéad slán
Leis an ainnir álainn a chónaíonn sa gharrán,
Barróg amháin
Sula dtéimse ar fán
A ghrá, mo chúig chéad slán!

2016-03-09

Claimhteoir

Murach gur saolaíodh mé
níor ghá dom bás a fháil
ach ó saolaíodh mé le go bhfaighinn bás -
bás a gheobhad

(Focail agus íomhá le Takahashi Deishu, Claimhteoir)

2016-03-07

Murúch

'is iomaí loingseoir garbh
a fuair sólás i m'ucht!'
murúch aosta

2016-03-06

Shy one, shy one,

File: William Butler Yeats
Cumadóir: Rebecca Clarke

Cúthail, cúthail

Cúthail, cúthail
Cúthail í mo stór
I solas na tine
Lei féin go deo.

Iompraíonn sí isteach na gréithe
Go néata á leagan síos
Chuig oileáinín san uisce
A raghainnse lem’ ghéis.

Iompraíonn sí isteach na coinnle
Is tá mar bheadh ‘na lá,
Cúthail sa doras
Is cúthail sa scáil;

Is cúthail mar choinín
Cúthail is lách.
Ar oileán léi san uisce
A d’fhanfainn go brách.

Shy one, shy one 

Shy one, shy one,
Shy one of my heart,
She moves in the firelight
Pensively apart.

She carries in the dishes,
And lays them in a row.
To an isle in the water
With her would I go.

She carries in the candles,
And lights the curtained room,
Shy in the doorway
And shy in the gloom;

And shy as a rabbit,
Helpful and shy.
To an isle in the water,
With her would I fly.

Blate yin, blate yin

Blate yin, blate yin,
Blate yin o ma hert,
Muivin i the firelicht
Pensefu an apairt.

She feshes in the dishes,
An liggs thaim in a raw.
Tae yon isle i the watter
Wi her a'd fleet awa.

She carries in the caunles,
An lichts the curtained derk,
Blate i the door-sole
An blate i the mirk;

An blate as a mappie,
Helpfou an bleet.
Tae yon isle i the watter
Wi her wid a fleet.

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-03-04

Haiku le Amemiya Housei (雨宮抱星)

a chruth
fágtha ina dhiaidh ag anam -
blaosc ciocáda

たましひのかたちを残し蟬の殻



the soul
leaving behind its shape
cicada shell


aistrithe go Béarla ag Alex Fyffe

2016-03-02

Fernando Pessoa


Para ser grande, sê inteiro: nada
        Teu exagera ou exclui.
Sê todo em cada coisa. Põe quanto és
        No mínimo que fazes.
Assim em cada lago a lua toda
        Brilha, porque alta vive.

14-2-1933

Odes de Ricardo Reis . Fernando Pessoa.


Le bheith mór
bí slán,
ná fág aon ní nach tú
ar lár,
ná cuir leis.
Bí slán i ngach ní.
Cuir gach aon chuid díot
sa rud is lú a dhéanfá
chun go soilseodh an ghealach
go niamhrach i ngach aon loch -
mar gur thuas in airde a bhláthaíonn sí

Gabriel Rosenstock


Tae be gey
be hale.
Leave naethin oot.
Dinnae ettle tae be mair
nor ye are.
Be hale in awthing.
Rax wi aw yer micht
it the peeriest thing ye dae.
Sae, in ilka loch, the muin
sheens wi sic bonnieness
fir it bluims up abuin.

John McDonald


2016-03-01

Rumi

Ron Rosenstock

Damhsa an Ghrá iad araon 
An solas is an scáil 

 (Both light and shadow are the dance of Love - Rumi)