2016-03-16

Tús agus Deireadh

 le Takahashi Shinkichi


Ní féidir a rá cá bhfuil an aigne.
Tá sí gach áit. Tá an chruinne lán di.
Is mó ná ‘mór’ is ‘beag’ í an aigne.
Ní imíonn sí as riamh.
Is ann di nuair a chailltear an cholainn.
Níl aon bhás ann, dar léi.
Bhí an aigne seo ann sular rugadh sinn.
Ní shaolaítear in aon chor í.
Níl aon ní lasmuigh di.
Gach a bhfuil ann is é an aigne é.
Ní féidir a rá gurb ann di
Ach is léir go bhfuil an aigne ag bogadh.
Sin tús an uile ní.
Sa tús a bhíonn an aigne i gcónaí
Agus críoch ag teacht léi de shíor.
Níl in aon ní ach aigne.
Tús agus deireadh – níl barr ribe eatarthu.