2016-03-20

Haiku le Issa ón mbliain 1803

Utagawa Kuniyoshi
Is minice ná a chéile é leis féin ina chuid haiku, seachas i measc an tslua. Sa haiku seo, tá léargas againn ar dhá chaitheamh aimsire, an iomrascáil agus breathnú ar an ngealach. In áit dul abhaile dó féin, agus ceann faoi air, meascann an t-iomrascálaí cloíte leis an slua agus iad ag baint aoibhnis as an ngealach.

an t-iomrascálaí cloíte, leis,
i measc an tslua . . .
gealach ghlé

.投られし角力も交じる月よ哉


nagarareshi sumô mo majiru tsuki yo kana