2017-05-30

Haiku le Issa ón mbliain 1792

gaoth oíche  . . .
solas coinnle
i reodóga na scríne


.夕風や社の氷柱灯のうつる

yûkaze ya yashiro no tsurara hi no utsuru

2017-05-29

Ara Güler

Ara Güler
díoscán
sula bhfeictear í . . .
cairt an díoltóra sráide
it's creak
before it's seen . . .
street vendor's cart

2017-05-28

Corr Mhóna

I lom an gheimhridh
is an solas ag gabháil as
go luath, amanta,

cuireann corr mhóna
spréach thine sa tráthnóna
lena scréach lasánta.

Cathal Ó Searcaigh


Grey Heron


In the dead of winter
light is early
leaving the sky

sometimes a grey heron
puts a spark in the gloaming
with an impassioned cry

Trans. Gabriel Rosenstock

Γέρος ερωδιός


Στην καρδιά του χειμώνα
το φως νωρίς
αφήνει τον ουρανό

κάποτε ένας γέρος ερωδιός
δίνει μια σπίθα στη δύση
μαζί με μια παθιασμένη κραυγή

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou


2017-05-27

Tá ina Lá

Tá sé cheana ina lá!
Tá rud éigin nua im’ chroíse,
       Muvva Gopala.

Ar labhramar fiú ar feadh píosa
chun pian ár scarúna go dtí anois a mhaolú?
Glaonnn tú orm is tú lán de dhúil, ‘A bhean, tar chugam,’
agus le linn do bhéal a bheith ar mo bhéalsa,

              tá sé cheana ina lá!

Gafa i ngreim Dhia an Ghrá,
i bhfeirg leis, faighimid faoiseamh ag ól
béal le béal.

Deir tú, ‘A chailín, tá do cholainn chomh tláith le duilleog,’
agus sula n-éalaím ód’ bharróg dhocht

              tá sé cheana ina lá!

Ag éisteacht le gach cnead uaim is do mhéara orm thall is abhus
déanann an peata pearóide aithris orm, agus Ó an gáire a dheinimid sa leaba!

Deir tú, ‘Chugam aniar thú, a chailín,’
Agus tú ag suirí liom mar neach fiáin, Muvva Gopala,
Agus mé ar tí dul in airde ort,

              tá sé cheana ina lá!

 Ksetrayya


Morning Already

How soon it’s morning already!
There’s something new in my heart
       Muvva Gopala.

Have we talked a little while
to undo the pain of our separation till now?
You call me in your passion, ‘Woman, come to me,’
and while your mouth is still on mine,

              it’s morning already!

Caught in the grip of the Love God,
angry with him, we find release drinking
at each other’s lips.

You say, ‘My girl, your body is tender as a leaf,’
and before you can loosen your tight embrace,

              it’s morning already!

Listening to my moans as you touch certain spots,
the pet parrot mimics me, and O how we laugh in bed!

You say, ‘Come close, my girl,’
and make love to me like a wild man, Muvva Gopala,
and as I get ready to move on top,

              it’s morning already
             

Ksetrayya (17th.century)     


(When God is a Customer: Telugu Courtesan Songs by Ksetrayya and Others, Trans. A.K. Ramanujan, V. Narayana Rao & David Shulman, Univ. of California Press, Berkeley, 1994)

2017-05-26

Bailéid na Foraoise

Tar éis gach drochstoirme
tuirlingíonn tost ar an gcnoc go léir.
Mearbhall ar an éanlaith bhuartha!
An cóir dóibh filleadh ar an nead scriosta
nó dul sa tóir ar bhia?
Maidin bhreá éigin
bhuail géarchéim féiniúlachta iad.
Níor chualathas cheana an t-ainm a bhí in úsáid
chun iad a aithint.

Bhí díospóireacht mhór le déanaí faoina bhféiniúlacht is a gcearta
a chuir comhdháil sa Ghinéiv trína chéile.
Bhí tagairtí go leor ann do na Véidí.
Cuireadh seanteoiricí stálaithe na leathnóirí chun cinn
le gustaí móra.
Ach níor thug na rannpháirtithe riamh
faoi bhailéid na foraoise
a thuiscint.

Niranjan Chakma

 

 

2017-05-25

Svínafellsjökull

Ron Rosenstock
arm áit éigin
ag gluaiseacht ar aghaidh...
oighearshruth ag cúlú
somewhere
an army advances...
a glacier retreats
quelque part
une armée avance...
un glacier recule

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-05-24

Deasghnáth Maidine/ Morning Ritual

I bow
I kiss the dust
the dust
at your feet
Lord!
Destroyer of the Universe
Lord! Lord! Lord!
Lord of Dust
Umhlaím
pógaim an deannach
an deannach
ag do chosa
a Thiarna!
Scriostóir na Cruinne
A Thiarna! A Thiarna! A Thiarna!
Tiarna an Deannaigh

2017-05-19

amhrán glinn an anama

Jason Symes
i dtost
a chanann sé . . .
amhrán glinn an anama
in silence
it sings . . .
silvery song of the soul

2017-05-18

Aithne a chur Ort

Aithne a chur ort
Ar nós mé a tharraingt ó chéile
Ón dtaobh istigh
Snáithín daingean
I ndiaidh a chéile
Osclaíonn spás go mall
Seomra ansin
Ansin an spéir
Ealtaí colm
De shíor á ligean saor

"Ayaz" (Angus Landman).

2017-05-17

taibhreamh/ dream

bratach ar bith
fágtha ar domhan . . .
dúiseacht as taibhreamh
no flags
left in the world .. .
waking up from a dream
χωρίς σημαίες
έμειν' ο κόσμος...
απ' τ' όνειρο ξυπνώντας

Leagan Gréigise le Sarah Thilykou

2017-05-16

Haiku le Issa ón mbliain 1804

    cuireann báisteach an tráthnóna
     ag canadh é  . . .
          dreoilín

.夕雨を鳴出したりみそさざい

    yû ame wo naki-ideshitari misosazai

2017-05-15

An Búda ar an Mórbhealach

Buddha on the Highway

Yesterday
I saw Buddha cross the road.
I had been waiting long on this side
unable to cross in the evening rush
thinking how we wait for a year
or a year and a half in order to cross the road
in a life fifty, sixty or seventy years long.

He crossed the road, slow, fearless.
As I began to follow him
a vehicle rushed forward screaming at me.

No vehicle slowed down for him;
he just walked along
a wild, wide, desolate path
which was always there
and reached the other side.



Kalpatta Narayanan
Translated from Malayalam by K Satchidanandan

An Búda ar an Mórbhealach


Chonac an Búda ag trasnú an bhóthair
inné.
Bhíos ag feitheamh ar feadh i bhfad ar an dtaobh seo
gan ar mo chumas dul anonn trí bhrúthrácht an tráthnóna
is mé ag smaoineamh go bhfanaimid bliain
nó bliain go leitjh ag iarraidh an bóthar a thrasnú
sa leathchéad, trí scór nó seachtó bliain dúinn abhus.

Trasna an bhóthair leis go mall gan eagla.
Nuair a thosnaíos-sa á leanúint
tháinig feithicil chun cinn is í ag scréachaíl orm .

Níor mhoilligh feithicil ar bith dósan;
ar aghaidh leis go réidh
ar chonair fhiáin leathan sceirdiúil
a bhí riamh ann
gur bhain an taobh eile amach.



2017-05-14

Grá Pósta

Gach tráthnóna
bíonn mo bhean romham ag an ngeata
a cuid gruaige in aimhréidh, a gúna
gioblach ón gcistin
na cailíní ag crochadh de dhuillí an gheata
is mo charr ársa ag rabhláil isteach.
Iompraíonn duine acu an bagáiste, duine eile
mo chiseán lóin.
Obair an lae thart is táim sa bhaile.
Dearmad déanta agam orthu an lá ar fad is anois
cuimhním go tobann go mbeidh orm
díomá a chur orthu athuair
mar tá an tráthnóna leagtha amach
le haghaidh cuairt gan chiall ar thábhairní.
Agus is fuar im' bhéal é an caife
a dháil mo bhean orm
agus is liosta iad na scéilíní
a thug na páistí leo ón scoil.
Ainneoin an grá atá agam dóibh
ní mór dom díomá a chur orthu arís anocht.

Srinivas Ravaprol


2017-05-13

Cá Raghad?

Cá raghad nuair is i mo thigh féin
atá an ceol go léir is an scléip?
Tá mo chroí sásta san áit a bhfuilim,
d'fhill m'aigne a cuid sciathán.
Léirigh an Gúrú gur im' chroíse atá Bráman.
Má bhuailimse amach anois, feicfead clocha á n-adhradh
is an Tiarna á lorg ag daoine eile sna leabhair bheannaithe.
Chuir an Gúrú deireadh le gach teip, gach seachmall.
Caillte atá Ramanand anois is é ag stánadh ar an Máistir, Bráman.
Ba é Briathar an Ghurú a scrios ceangail is seachráin gan áireamh.

Ramanand

Where Shall I Go?

Where shall I go when all the music
and festivities are in my own house?
My heart is content where I am,
My mind has folded its wings.
The Guru has revealed that Brahman is in my heart.
If I wander outside, I will see the worship of stones
and others vainly seeking the Lord in the holy books.
The Guru has ended all my failures and delusions.
Ramanand is now lost gazing at his Master, Brahman.
It was the Word of the Guru that destroyed
all my millions of attachments and distractions.

2017-05-12

Amir Khusro: Burdún

Khusrau darya prem ka, ulti wa ki dhaar,
Jo utra so doob gaya, jo dooba so paar.


https://allpoetry.com/poem/8541023-Couplet-by-Amir-Khusro


Couplet

Oh Khusrau, the river of love runs in strange ways:
One who jumps in is drowned, one who drowns, is saved

Burdún

A Khusrau, nach aisteach an cúrsa atá ag abhainn an ghrá.
An té a léimeann inti báfar é, an té a bháfar, raghaidh anonn.


[Irish & English versions: Gabriel Rosenstock]

2017-05-11

An Dubh Dáiríre í Mo Mháthair

An dubh dáiríre i mo Mháthair Syama?
Deir daoine gur dubh atá Cailí,
ach ní aontaíonn mo chroíse leo.
Más dubh atá Sí
conas a shoilsíonn Sí an domhan go léir?
Uaireanta is bán í mo Mháthair,
uaireanta buí, gorm, is dearg.
Níl aon chur amach agam Uirthi.
Tá mo shaol caite agam ag iarraidh Í a thuiscint.

Is Damhna Í,
is Spiorad,
ansin is Folús glan.

Is fuirist a fheiscint
agus Kamalakanta ag machnamh
         air seo go léir
conas a chuaigh sé as a mheabhair

Kamalakanta

Is My Mother Really Black

Is my black Mother Syama really black?
People say Kali is black,
but my heart doesn’t agree.
If She’s black,
how can She light up the world?
Sometimes my Mother is white,
sometimes yellow, blue, and red.
I cannot fathom Her.
My whole life has passed
               trying.

She is Matter,
then Spirit,
then complete Void.

It’s easy to see
how Kamalakanta
     thinking these things
went crazy



From: Singing to the Goddess.
trans. Rachel Fell McDermott

2017-05-10

Haiku Trí Líne, Dhá Líne agus Aon Líne Bob Boldman (1950 - )

sagart
a scáil i bhfostú
i dtairne
cantain fuiseoige
go smior
is go smúsach

dorchaíonn an lá . . . i sliogán

scáthán ... m’aghaidh san áit ar fhágas í

i gcloigeann na bábóige
gearrthóga
nuachtáin
LÁ CAILLE
is fuar iad méara na striapaí
sa teampall
buille
croí
ólaim an spéir
táim
cniogtha
sochraid
an feileastram oscailte cheana féin
don bheatha tar éis báis
an chamhaoir
á scaoileadh
duilleog i ndiaidh duilleoige

ag siúl cois abhann dom
na huiscí ag smaoineamh i m’áitse

 i measc na ngiúiseanna
cnámh mo dhroma
á díriú féin
tagaim orthu istoíche
plandaí an ghairdín
im’ bhrionglóidí

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú de chuid IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge.

I gComhar le Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú nua i nGaeilge arna sheiftiú agus arna léiriú ag Eric Fraad. Cuirfidh Caitríona O’Leary amhráin agus téacsanna de chuid Brecht inár láthair chun solas géar a chaitheamh ar an domhan polaitiúil agus sóisialta ina mairimid sa bhliain seo 2017.

Ar an gCéadaoin 24 Bealtaine 2017 cuirfidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an bhFéile Litríochta Gaeilge IMRAM Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha /Songs from the Dark Times i láthair in Amharclann Smock Alley. Is é an stiúrthóir Meiriceánach amharclainne agus ceoldrámaíochta Eric Fraad a stiúrfaidh agus is í an t-amhránaí nótáilte Caitríona O’Leary atá mar stiúrthóir ceoil. Tarraingíonn an léiriú Gaeilge seo as monalóga, radhairc, amhráin, saothair éagsúla ceoil agus dánta a chum an file/drámadóir Bertolt Brecht agus na cumadóirí Kurt Weill agus Hanns Eisler d’fhonn comparáidí a dhéanamh idir na réimis fhaisisteacha a tháinig chun cinn sna 1930í agus sna 1940í agus an borradh atá faoi rialtais thiarnúla na heite deise lenár linn féin.

Ba é Brecht an file agus an drámadóir polaitiúil ba mhó a bhí againn san Iarthar sa chéad leath den fhichiú haois agus tá a shaothar chomh suntasach is a bhí riamh. Sna saothair réabhlóideacha aige ar nós Die Dreigroschenoper  agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny chuir Brecht agus Weill cor nua sa cheoldráma, san oratóir agus seánraí gaolmhara ceoil, thug brí nua pholaitiúil agus shóisialta dóibh chomh maith le nuálaíocht foirme. Is féidir an rud céanna a rá faoina chuid dánta agus drámaí ar saothar suaithinseach iad. Déanann Amhráin ón Ré Dhorcha ceiliúradh ar an oeuvre liteartha agus ceoil sin i nGaeilge ár linne do phobal ár linne, i dteanga nach minic ar stáitsí na hardchathrach í.

Is í Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath príomhfhéile litríochta na tíre a thugann cuid de na scríbhneoirí is fearr ar domhan le chéile ar mhaithe le díospóireacht, spreagadh, siamsaíocht agus draíocht.
 

Tugann IMRAM lucht féachana agus léitheoirí ar aistear draíochta chun nualitríocht na Gaeilge agus an domhain a chur ina láthair. Bíonn samhlaíocht agus éagsúlacht i gcónaí le sonrú ar chlár na féile, agus meascán neamhghnách de na seánraí éagsúla litríochta, filíocht, prós, drámaíocht agus ceol.
 

Cliar Ealaíne agus Léirithe

Stiúrthóir Stáitse: Eric Fraad
Stiúrthóir Ceoil: Caitríona O’Leary
Cóiréagrafaíocht:  Justine Doswell
Seit & Dearadh Soilsithe: Kevin McFadden
Dearadh Cultacha: Monica Ennis
Dearadh Teilgthe: Margaret Lonergan

Traschruthú agus Aistriúcháin Ghaeilge: Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh

Oirfidigh

Amhránaí: Caitríona O’Leary
Aisteoirí: Seán T Ó Meallaigh, Gearóid Ó Mordha
Damhsóirí: Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Roisin Kearney
Méarchláir: Josh Johnston
Sacsafóin, Cnaguirlisí: Nick Roth
Cláirnéid: Deirdre O’Leary


Dáta: Dé Céadaoin 24 Bealtaine 2017
Am: 8:00 pm
Ionad: Amharclann Smock Alley
Praghas: €10 / €8


Amharclann Smock Alley
6-7 Sráid an Mhalartáin Íochtarach
Barra an Teampaill
BÁC 8, Éire


IMRAM go deo! Ceannaigh leabhar - agus deoch - do chara leat, nó duit féin.


TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson 087-2912797; liamog62@mac.com

2017-05-07

BÁC / Dublin

fós ag macallú
tríd an gcruinne -
ár gcomhráite go léir
still resounding
somewhere in the universe . . .
all our conversations

2017-05-06

Bhagavad Gita: Sliocht as Caibidil 9: Rún na Beatha


Arsa an Tiarna Beannaithe:

Mar go bhfuil muinín agat asamsa, a Arjúna,
Inseoidh mé duit cad is gaois ann,
Rún na beatha: cuir eolas air
Agus bí saor ó bhuairt, go deo.

An ghaois is airde amuigh,
An t-eolas thar gach eolas,
Braitear go díreach i dtobainne é,
Síoraí atá sé, lúcháireach le cleachtadh.

Iad siúd nach ngéilleann
Do mo theagascsa, níl teacht acu orm;
Filleann siad ar an domhan seo i gcónaí,
Ar aistear ó bhás go a chéile.

Táimse ar fud na cruinne go léir
I bhfoirm gan chló.
Is beo do gach neach ionamsa
Ach táimse chomh fairsing sin

Lastall den bheithsine,
Cé go gcruthaítear is go gcothaítear iad
Trí mo chumhachtsa gan teorainn,
Ní teanntaithe iontu atáim.

Ar nós na gaoithe is í ag bogadh de shíor
Pé áit dá dtéann sí, is in oll-fhairsinge an spáis
Atá sí i gcónaí,
Fanann gach aon neach ionamsa.

Cnuasaítear ar ais im’ bhroinn iad
Ag deireadh gach ciogail chosmaigh –
Céad caoga míle billiún bliain
De bhur mblianta ar an domhan seo –

Agus le tús gach ciogail nua
Seolaim uaim arís iad,
Óm’ fhlúirse doirteann
Foirmeacha iomadúla na beatha.

Ní cuing ormsa na gníomhartha sin, a Arjúna,
Seasaimse i leataobh uathu ar fad,
Beag beann ar a dtoradh,
Gan cheangal, suaimhneach.

Faoi mo threoirse, cruthaíonn an Nádúr
Gach uile neach, gach aon ní
Beo is neamhbheo,
Is cuirtear bonn faoin gcruinne go léir.

Bíonn an ghráin ag daoine baotha orm
Nuair a ghlacaim cruth an duine chugam féin,
Dall atáid ar m’fhíor-nádúr
Mar Thiarna na beatha go léir is an bháis.

Lucht na fíor-ghaoise, ámh, a Arjúna,
A thumann go domhain iontu féin,
A dhíríonn gan eagla orm, aithníonn siad mé
Mar fhoinse gan trá.
  
Do mo mholadhsa de shíor,
Dúthrachtach, deabhóideach, dílis,
Dá mbeatha deinid iomann síoraí,
Iomann do mo ghrása gan teorainn.

Daoine eile ar chonair an eolais
Aithníonn siad mé mar an tAon san iliomad;
Laistiar d’aghaidh na milliún déithe
Feiceann siad mo ghnúis.

Is mé an deasghnáth agus an t-adhradh,
An leigheas agus an mantra,
An t-im a dhóitear sa tine,
Agus na lasracha á ídiú.

Mise athair na cruinne
Agus an mháthair, eisint agus
Sprioc gach eolais, an scagaire, OM
Beannaithe agus an Véide faoi thrí.


Mise alfa agus óimige,
Bunús agus deireadh,
Tearmann, baile, fíor-leannán,
Broinn agus síol buanseasmhach.

Is mé teas na gréine,
Coinním siar an bháisteach agus scaoilim léi;
Is mé an bás, agus an neamhbhásmhaireacht,
Gach a bhfuil agus nach bhfuil.

Na fíréin a leanann na scrioptúir
Go dílis, a ólann an sóma
Agus a nglantar óna bpeacaí iad –
A ghuíonn go dtabharfaí go dtí na flaithis iad

Baineann siad amach domhan na ndéithe
Agus baineann sult as ríméad
Do-inste; ach i ndiaidh na gcianta
De na pléisiúir mhóra ghlórmhara sin

Agus a dtuillteanas ídithe, titeann siad siar
Isteach i ndomhan seo an duine arís;
An dúil á spreagadh, ní ghnóthaíonn siad
Ach nithe a imeoidh.

Ach iad siúd a mhachnaíonn ormsa
Go hairdeallach, agus mé á adhradh acu
Gach áit, i gcónaí, tabharfaidh mé duais dóibh
Nach féidir a chailliúint.

A Arjúna, iad siúd go léir a adhrann
Déithe eile le creideamh láidir,
Is mise dáiríre atá á adhradh acu,
Gan fhios dóibh féin.

2017-05-05

An Beachánach /Behan

cad a dheinis leis
le do shaol, a Bhreandáin,
do shaol
what did you do with it
your life, Brendan,
your life

2017-05-04

Jason Symes

Jason Symes
cá bhfuilir?
ní fhaca le fada thú . . .
a bhóín Dé*
where are you?
not seen in ages . . .
ladybird

*In Irish (and in Russian), a ladybird is 'God's little cow'.

2017-05-03

Gorta agus ina Dhiaidh

D'fhan an tinteán fuar lá i ndiaidh lae, an muileann láimhe ina thost,
Lá i ndiaidh lae an bhitseach ar leathshúil ina codladh in aice láimhe
Síos suas na fallaí leis na geiceonna lá i ndiaidh lae
Lá i ndiaidh lae ba dhearóil leis iad na francaigh

Tar éis roinnt laethanta tháinig grán go dtí an tigh
Tar éis roinnt laethanta bhí gal os cionn an chlóis chúirte
Loinnir i súile an teaghlaigh tar éis roinnt laethanta
Tar éis roinnt laethanta dhein an préachán a chuid cleití a thochas.

Nagarjun


Famine and After


For days and days the hearth stayed cold, the handmill quiet
For days and days the one-eyed bitch slept nearby
For days and days lizards paced on the wall
For days and days rats too were miserable

Grain came to the house after many a day
Smoke rose above the courtyard after many a day
The eyes of the household shone after many a day
The crow scratched its feathers after many a day.

2017-05-02

Haiku le Issa on mbliain 1820

Samhlaímid ré eile le saol an spailpín ach táid ann i gcónaí -  eachtrannaigh a lán acu, in Éirinn, ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, dáiríre. Obair shéasúrach ar bun acu ar phá íseal.

tigh ar an iargúil
spailpín ar meisce . . .
clapsholas fómhair

.隠家や呑手を雇ふ秋の暮

kakurega ya nomite wo yatou aki no kure

2017-05-01

Haiku

Werner Bischof (1916-1954)
amhráin ghrá
amhráin síochána
. . . ag éag ar an ngaoth
songs of love
songs of peace
. . . dying on the wind