2017-05-06
Bhagavad Gita: Sliocht as Caibidil 9: Rún na Beatha
Arsa an Tiarna Beannaithe:
Mar go bhfuil muinín agat asamsa, a Arjúna,
Inseoidh mé duit cad is gaois ann,
Rún na beatha: cuir eolas air
Agus bí saor ó bhuairt, go deo.
An ghaois is airde amuigh,
An t-eolas thar gach eolas,
Braitear go díreach i dtobainne é,
Síoraí atá sé, lúcháireach le cleachtadh.
Iad siúd nach ngéilleann
Do mo theagascsa, níl teacht acu orm;
Filleann siad ar an domhan seo i gcónaí,
Ar aistear ó bhás go a chéile.
Táimse ar fud na cruinne go léir
I bhfoirm gan chló.
Is beo do gach neach ionamsa
Ach táimse chomh fairsing sin
Lastall den bheithsine,
Cé go gcruthaítear is go gcothaítear iad
Trí mo chumhachtsa gan teorainn,
Ní teanntaithe iontu atáim.
Ar nós na gaoithe is í ag bogadh de shíor
Pé áit dá dtéann sí, is in oll-fhairsinge an spáis
Atá sí i gcónaí,
Fanann gach aon neach ionamsa.
Cnuasaítear ar ais im’ bhroinn iad
Ag deireadh gach ciogail chosmaigh –
Céad caoga míle billiún bliain
De bhur mblianta ar an domhan seo –
Agus le tús gach ciogail nua
Seolaim uaim arís iad,
Óm’ fhlúirse doirteann
Foirmeacha iomadúla na beatha.
Ní cuing ormsa na gníomhartha sin, a Arjúna,
Seasaimse i leataobh uathu ar fad,
Beag beann ar a dtoradh,
Gan cheangal, suaimhneach.
Faoi mo threoirse, cruthaíonn an Nádúr
Gach uile neach, gach aon ní
Beo is neamhbheo,
Is cuirtear bonn faoin gcruinne go léir.
Bíonn an ghráin ag daoine baotha orm
Nuair a ghlacaim cruth an duine chugam féin,
Dall atáid ar m’fhíor-nádúr
Mar Thiarna na beatha go léir is an bháis.
Lucht na fíor-ghaoise, ámh, a Arjúna,
A thumann go domhain iontu féin,
A dhíríonn gan eagla orm, aithníonn siad mé
Mar fhoinse gan trá.
Do mo mholadhsa de shíor,
Dúthrachtach, deabhóideach, dílis,
Dá mbeatha deinid iomann síoraí,
Iomann do mo ghrása gan teorainn.
Daoine eile ar chonair an eolais
Aithníonn siad mé mar an tAon san iliomad;
Laistiar d’aghaidh na milliún déithe
Feiceann siad mo ghnúis.
Is mé an deasghnáth agus an t-adhradh,
An leigheas agus an mantra,
An t-im a dhóitear sa tine,
Agus na lasracha á ídiú.
Mise athair na cruinne
Agus an mháthair, eisint agus
Sprioc gach eolais, an scagaire, OM
Beannaithe agus an Véide faoi thrí.
Mise alfa agus óimige,
Bunús agus deireadh,
Tearmann, baile, fíor-leannán,
Broinn agus síol buanseasmhach.
Is mé teas na gréine,
Coinním siar an bháisteach agus scaoilim léi;
Is mé an bás, agus an neamhbhásmhaireacht,
Gach a bhfuil agus nach bhfuil.
Na fíréin a leanann na scrioptúir
Go dílis, a ólann an sóma
Agus a nglantar óna bpeacaí iad –
A ghuíonn go dtabharfaí go dtí na flaithis iad
Baineann siad amach domhan na ndéithe
Agus baineann sult as ríméad
Do-inste; ach i ndiaidh na gcianta
De na pléisiúir mhóra ghlórmhara sin
Agus a dtuillteanas ídithe, titeann siad siar
Isteach i ndomhan seo an duine arís;
An dúil á spreagadh, ní ghnóthaíonn siad
Ach nithe a imeoidh.
Ach iad siúd a mhachnaíonn ormsa
Go hairdeallach, agus mé á adhradh acu
Gach áit, i gcónaí, tabharfaidh mé duais dóibh
Nach féidir a chailliúint.
A Arjúna, iad siúd go léir a adhrann
Déithe eile le creideamh láidir,
Is mise dáiríre atá á adhradh acu,
Gan fhios dóibh féin.