bíonn mo bhean romham ag an ngeata
a cuid gruaige in aimhréidh, a gúna
gioblach ón gcistin
na cailíní ag crochadh de dhuillí an gheata
is mo charr ársa ag rabhláil isteach.
Iompraíonn duine acu an bagáiste, duine eile
mo chiseán lóin.
Obair an lae thart is táim sa bhaile.
Dearmad déanta agam orthu an lá ar fad is anois
cuimhním go tobann go mbeidh orm
díomá a chur orthu athuair
mar tá an tráthnóna leagtha amach
le haghaidh cuairt gan chiall ar thábhairní.
Agus is fuar im' bhéal é an caife
a dháil mo bhean orm
agus is liosta iad na scéilíní
a thug na páistí leo ón scoil.
Ainneoin an grá atá agam dóibh
ní mór dom díomá a chur orthu arís anocht.