2013-07-15

Haiku le Issa ón mbliain 1808

níl aois ag teacht
ar an bhfiliméala ach oiread -
poitín sléibhe
Ní poitín a luaitear sa bhunhaiku ar ndóigh ach fíon ríse nó 'sake'.
An traslitriú Gaeilge a thugtar ar 'sake' ná 'sáicí' - ach an dtuigfeadh éinne é sin? Sláinte! Fan óg!


    .鶯もとしのよらぬや山の酒
    uguisu mo toshi no yoranu ya yama no sake