2013-07-12

Haiku le Issa ón mbliain 1819

an chéad chith i mbliana
díon ceann tuí
is an braon anuas

Ní dóigh liom gur ag tabhairt amach atá sé sa haiku seo. Is maith a thuigfeadh Issa an meon a bhí coitianta i measc ár muintire féin, 'Toil Dé go ndéantar'.

    .御盛りや草の庵ももりはじめ
    osagari ya kusa no iori mo mori hajime


Bailc gheimhridh, scéal eile a bheadh ansin, ar ndóigh. Ní hé go mbeadh trua aige dó féin, ach bheadh an-trua aige d'éinne a mbéarfadh báisteach fhuar an gheimhridh air. Haiku gleoite, ní fios bliain a chumtha, é seo:

báisteach gheimhridh -
an chearc bhocht
ag bacadaíl léi