Orange Turd is a bilingual limerick by Gabriel Rosenstock against the background of the hush-money trial
'Cac Oráiste!' a chan éinín ar ghéag
'Cac Oráiste!' Bhfuil fhios agat canathaobh?
Ag tagairt a bhí an t-éan
Don Iar-Uachtarán bréan
'Agus canfaidh mé Cac Oráiste go héag.'
~
I heard it from a wee little bird
Who tweeted, 'Turd! Turd! Orange Turd!'
Who can say she was wrong
To go on with her song?
'Orange Turd!' Oh, the whole thing's absurd . . .
2024-12-17
Orange Turd
2024-12-16
Bás Naomh Iósaf
Bás N, Iósaf, Johann Friedrich Overbeck |
Bás Naomh Iósaf
"Is beannaithe thú idir mhná . . ."
Na focail dheiridh a labhair Iósaf lena bhean ionúin, Muire.
Is beannaithe í gach bean
Fiú an bhean a thugann fuathaitheoir ban ar an saol
Nó sádach
Gealt chinedhíothach.
Mionsamhail d'fheoil is d'fhuil í an bhroinn
De Pharthas féin
Ní chruthaíonn an Cruthaitheoir arrachtaí!
An coimpléasc tionsclaíoch míleata a chruthaíonn arrachtaí.
Áiméan
Death of Saint Joseph
"Blessed art thou among women . . ."
Joseph's last words to his beloved wife, Mary.
All women are blessed
Even those who give birth to misogynists
Sadists
Genocidal maniacs.
The womb is a flesh-and-blood model
Of Paradise itself
The Creator does not create monsters!
Monsters are created by the industrial-military complex
Amen.
Aziz Yusuf’un Ölümü
"Kadınlar arasında kutsanmış bulunuyorsun…"
Yusuf’un, sevgili karısı Meryem’e son sözleri.
Tüm kadınlar kutsanmıştır
Kadın düşmanlarını doğuranları dahi
Sadistleri
Soykırımcı manyakları.
Rahim bizzat cennetin
etten ve kandan müteşekkil bir modelidir
Yaradan canavarlar yaratmaz!
Canavarları yaratan askeri sanayidir.
Amin.
Leagan Tuircise Reha Yunluel
DAITH O SANCT JOSEPH
'Seilie ur ye amang wimmen...'
Joseph's hinmaist wurds tae's lief wife, Mary.
Aw wimmen'r seilie
E'en thae whae bring tae life misogyneests
Coorse bruits
Murtherin loonies.
The wame's a flaish an bluid model
O pairidise itsel
The Almichtie disnae shape monsters!
Monsters'r shapit bi the industrial/ military complex
Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
2024-12-15
An dorchadas seo
This Darkness
A sentence about this darkness in which I lived
and from whose solid stones I built my days.
I kept on climbing
until I myself became the darkness.
Najwan Darwish
An Dorchadas Seo
Abairt faoin dorchadas seo a raibh cónaí ormsa ann
agus na clocha daingne ann ar ar thógas mo chuid laethanta.
Leanas orm ag dreapadh
go dtí gur deineadh dorchadas díomsa.
2024-12-14
Suíomh Dubh sa Rómáin
[Grianghraf eisithe ag an CIA]
Suíomh Dubh sa Rómáin
Tá suíomh dubh ag an CIA sa Rómáin.
Glacadh grianghraf ann
d'Ammar al-Baluchi
nocht
dornasc air
lom tanaí
mar thaibhse
Ghabh an CIA é
agus é gafa anois arís ag grianghrafadóir CIA
a dhéanann jabanna eile ag an deireadh seachtaine
bainis nó bar mitsveá . . .
Tá thart ar 14,000 grianghraf ann
ó shuímh dhubha an CIA
sárshaothar uafáis gach ceann acu
Déantar cur síos
ar Ammar al-Baluchi
mar chime sa Chogadh in aghaidh Sceimhlitheoireachta
Is é mo dheartháir é.
Cé nach n-aithním ach ar éigean é
Tá an-ghrá agam dó.
~
Black Site in Romania
There is a CIA black site
in Romania
where a photo was taken
of Ammar al-Baluchi
naked
handcuffed
scrawny
a ghost of himself
Captured by the CIA
now captured again by a CIA photographer
who does some double-jobbing at weekends -
weddings, bar mitzvahs . . .
There are about 14,000 such photographs
from CIA black sites
each one a masterpiece of horror
Ammar al-Baluchi
is described as
a War on Terror detainee
He is my brother.
Though I barely recognise him
I love him very much