2014-08-12

An bhfuil an Ghaeilge á Meiriceánú?

An bhfuil an cultúr á Mheiriceánú? Cad déarfadh Peig Sayers? "Seanbhean is ea mise anois a bhfuil cos léi san uaigh is lóis nua phúdair choise féir líomódigh uirthi...."

Ar an lá seo 12 Lúnasa

Ar an lá seo 12 Lúnasa, 1827, cailleadh William Blake

LIG DON DAOR …

Lig don daor, ’s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár – an Mac Tíre is an Leon ar ball.
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.


2014-08-11

Wuthering Heights



WUTHERING HEIGHTS/ NA SCEIRD-ARDA


Amuigh ar an gcaorán lom fiáin
Ag rabhláil ’measc na dtom
Tusa bhí teasaí is mise lán d’éad
Sinn santach araon

Conas a d’fhágfá
Agus mise do do ghabháil?
Bhí fuath agam duit agus grá

Tromluí istoíche
Is dúirt tú liom go gcaillfinnse choíche
Is nach bhfeicfinn go deo iad sceird-arda
Sin mo chroíse

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé

Ó, nach fuar agus nach uaigneach
Is mé ’r an taobh eile díot
Mé lán de ghruaim, mar tá tú uaim
An t-iomlán díot

Tá mé chugat, a stór,
Tú Heathcliff, mo bhrionglóid
Is tú mo mháistir

Rófhada mé ’muigh san oí’
Beidh gach rud i gceart arís 's mé lena thaobh
Ag filleadh dom ar sceird-arda, sceird-arda
Sin mo chroíse


Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé


Ó, bíodh sé agam
Lig dom d’anam a ghabháil
Ó bíodh sé agam
Lig dom d’anam a ghabháil
Mé atá ann, Caitlín

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé
Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, lig isteach trí d’fhuinneog mé

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht

Heathcliff, is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, yé
Is mé do Chaitlín, tá mé chugat
Uch an fuacht, yé

Ar an lá seo 11 Lúnasa

Hugh McDiarmid & Somhairle Mac Gill-Eain

Ar an lá seo 11 Lúnasa, 1892, rugadh an mórfhile Hugh MacDiarmid:
The Bonnie Broukit Bairn

Mars is braw in crammasy,
Venus in a green silk goun,
The auld mune shak's her gowden feathers,
Their starry talk's a wheen o' blethers,
Nane for thee a thochtie sparin'
Earth, thou bonnie broukit bairn!
- But greet, an' in your tears ye'll drown
The haill clanjamfrie!



GLUAIS:

Crammasy: craorag
wheen o'blethers: seafóid ghlan
broukit: gan aird
haill clanjamfrie: iad go léir

2014-08-10

Gáire an Lae

An teoiric eolaíoch is fearr liomsa ná gurb é atá i bhfáinní Shatairn ná an bagáiste aerlíne ar fad a chuaigh ar strae.


Mark Russell

Tá Niall Farrell amuigh

Tá Niall Farrell amuigh tar éis a bheith ocht lá i mBRAIGHDEANAS AONAIR. Fad is a bhí sé 'faoi ghlas ag Gaeil' dhiúltaigh sé éide an phríosúin a chaitheamh ar an mbonn nach coirpeach é, dar leis, ach príosúnach polaitiúil. 'I Washington agus i mBaile Átha Cliath atá na coirpigh' ar seisean.
Feictear Niall san fhíseán seo sular gabhadh i nGaillimh é.





Ar an lá seo 10 Lúnasa

Ar an lá seo 10 Lúnasa, 1845, rugadh Abai Qunanbaiuli:
“Nuair a thagann naíonán ar an saol, bíonn dhá riachtanas aige. An chéad riachtanas ná bia & deoch agus codladh. Riachtanais na colainne iad sin agus ní áras an anama a bheadh sa cholainn ina n-éagmais, ní fhásfadh an naíonán is ní bheadh neart ann gan iad. An dara riachtanas ná dúil san eolas. Beidh an naíonán ag glámadh ar rudaí geala, á gcur ina bhéal, á mblaiseadh, a gcuimilt lena leiceann. Bainfear preab as nuair a chloisfidh sé an phíb. Níos déanaí, nuair a chloisfidh sé madra ag tafann, an glór a dhéanann ainmhithe eile, daoine ag gáire nó ag caoineadh, beidh sceitimíní air agus lorgóidh sé eolas faoi gach a bhfeiceann agus gach a gcloiseann sé: ‘Cén rud é sin? Cad i gcomhair é sin? Cén fáth a bhfuil sé sin á dhéanamh aige?’ Níl ansin ach dúil nádúrtha an anama; is mian linn gach rud a fheiceáil, gach rud a chloisteáil, gach rud a fhoghlaim.

Mura dtabharfaimid faoi mhistéirí na cruinne a thuiscint, mistéirí dofheicthe agus sofheicthe araon, mura lorgóimid míniú ar gach aon rud, ní bheimid go deo mar is ceart dúinn a bheith – inár ndaoine – agus ní bheimid éagsúil le hainmhí eile ar bith.”