Ar an lá seo 10 Lúnasa, 1845, rugadh Abai Qunanbaiuli: | |
“Nuair a thagann naíonán ar an saol, bíonn dhá riachtanas aige. An chéad riachtanas ná bia & deoch agus codladh. Riachtanais na colainne iad sin agus ní áras an anama a bheadh sa cholainn ina n-éagmais, ní fhásfadh an naíonán is ní bheadh neart ann gan iad. An dara riachtanas ná dúil san eolas. Beidh an naíonán ag glámadh ar rudaí geala, á gcur ina bhéal, á mblaiseadh, a gcuimilt lena leiceann. Bainfear preab as nuair a chloisfidh sé an phíb. Níos déanaí, nuair a chloisfidh sé madra ag tafann, an glór a dhéanann ainmhithe eile, daoine ag gáire nó ag caoineadh, beidh sceitimíní air agus lorgóidh sé eolas faoi gach a bhfeiceann agus gach a gcloiseann sé: ‘Cén rud é sin? Cad i gcomhair é sin? Cén fáth a bhfuil sé sin á dhéanamh aige?’ Níl ansin ach dúil nádúrtha an anama; is mian linn gach rud a fheiceáil, gach rud a chloisteáil, gach rud a fhoghlaim.
Mura dtabharfaimid faoi mhistéirí na cruinne a thuiscint, mistéirí dofheicthe agus sofheicthe araon, mura lorgóimid míniú ar gach aon rud, ní bheimid go deo mar is ceart dúinn a bheith – inár ndaoine – agus ní bheimid éagsúil le hainmhí eile ar bith.” |