2014-08-05

Sliocht

Bhí fealsúnaí sa gcathair a lochtaigh filíocht Dionisuis (deachtóir a bhí ina rí ar an tSisil) – níorbh fhada gur gabhadh é is gur caitheadh isteach i bpríosún é. Ar mbeith achar aimsire dó, rinne Dionisius dán nua eile, chuir fios ar an bhfealsúnaí, gur léigh an dán dó. Cad é an bharúil atá agat den dán sin? ar seisean leis an bhfealsúnaí. Dhearc an fealsúnaí thart ar na coimeádaithe. “Tugaidh ar ais chuig an bpríosún ar an bpointe mé,” ar seisean.


As Sgéalta Eorpacha is Eile, arna aistriú ag Pádraic Ó Domhnalláin (1927)