| 
 
LIG DON DAOR …Lig don daor, ’s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlasLig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
 Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
 Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
 Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
 Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
 Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
 Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
 Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
 Tá an impireacht ar lár –  an Mac Tíre is an Leon ar ball.
 Is beannaithe an uile ní beo
 Is beannaithe an uile ní beo
 Is beannaithe an uile ní  beo
 Is beannaithe an uile ní beo
 
 Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
 Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
 Ní hea, ceannaítear an chiall
 Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
 Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
 Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
 Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
 Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
 Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
 Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
 Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
 An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
 Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
 Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
 Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
 Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
 Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
 Is an galar a mharaíonn a leanaí
 
 An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
 Torthaí is blátha ag ár leanaí
 
 Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
 An daor is é ag meilt go mín
 Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair
 
 Is an saighdiúir ar an má
 An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
 Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
 Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.
 
 
 
 |