2014-08-23

Ar an lá seo 23 Lúnasa,

Ar an lá seo 23 Lúnasa, 1900, rugadh Malvina Reynolds, an té a chum What Have They Done to the Rain agus Little Boxes.

Boscaí Beaga

Boscaí beaga ’r thaobh an chnocáin
Boscaí beaga déanta as ticí teaicí
Boscaí beaga ’r thaobh an chnocáin
Boscaí beaga, ’s ionann iad.
Tá ceann glas ann, tá ceann pinc ann
Ceann gorm agus buí ann,
Iad go léir déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.

Is na daoine ’stigh sna tithe
Do chuadar chun na hollscoile
Agus cuireadh iad i mboscaí
Is amach leo, ’s b’ionann iad,
Bhí an dochtúir is an dlíodóir
An feidhm-eannach gnó, ar ndóigh,
Is gach éinne déanta as ticí teaicí
Is gach éinne, ’s ionann iad.

Is imríonn siad ar an ngalfchúrs’
Is ólann martini dry
Is is gleoite iad na páistí
Is na páistí ’dul ar scoil.
Téann na páistí ’dtí an Ghaeltacht
As sin chun na hollscoile,
Agus cuirtear iad i mboscaí
Is amach leo, ’s ionann iad.

Téann na buachaillí i mbun gnó
Bíonn bean acu is páistí
I mboscaí déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.
Tá ceann glas ann tá ceann pinc ann
Ceann gorm agus buí ann,
Iad go léir déanta as ticí teaicí
Iad go léir is ionann iad.