Tá nócha naoi n-ainm ar Allah; an té a chuireann de ghlan mheabhair iad, rachaidh sé go Parthas. Go deimhin, tá Allah corr (is aon É, agus is corruimhir é sin) agus is aoibhinn Leis corruimhreacha.
Sciorrann an t-iora rua suas an crann lena eireaball.
Ansin nochtann sé go glórach, feargach uaireanta,
an t-iora, sínte béal faoi ar ghéag.
Tháinig an t-iora ar bhuaircíní agus nócha is a hocht
de na nócha naoi n-ainm ar Dhia greanta orthu.
Níor tháinig sé fós ar an mbuaircín
ar a bhfuil an nócha is a naoú hainm. Tá sé fós á lorg.
Níl scíth i ndán dó. Nuair nach ag cuardach atá sé
roghnóidh sé ainm éigin nó trí, seans, de na nócha naoi n-ainm,
na nócha naoi mbuaircín ar thóg sé an oiread sin ama air
iad a chnuasach, agus cuirfidh sé i bhfolach i lár na coille iad.
Is dóigh linne nach bhfuil ansin ach gníomh randamach;
b’fhéidir fiú go ndeirimid linn féin, an as a mheabhair atá sé.
Ceileann sé an nócha is a naoi n-ainm ar Dhia air féin
agus é ag cuardach leis an t-am go léir.
Kelly Shepherd