2014-08-16

Ar an lá seo 16 Lúnasa

Ar an lá seo, 16 Lúnasa, 1886, cailleadh Sri Ramakrishna.
Duine a scríobh go hómósach faoi bheatha an naoimh mhóir úd ab ea Christopher Isherwood:

Deir Ramakrishna:

“Saolaítear in aisce é an té a thagann ar an saol ina dhuine, rud deacair a bhaint amach, gan iarracht a dhéanamh ar léargas a fháil ar Dhia fad agus is beo dó.”

“Feiceann tú go leor réaltaí i spéir na hoíche ach ní le héirí gréine. An féidir a rá mar sin nach bhfuil réaltaí san fhirmimint i gcaitheamh an lae? A dhuine nach bhfuil in ann Dia a aimsiú i laethanta d’aineolais, ná habair nach bhfuil Dia ann.”

“Ní bheidh fís Dé agat má tá siad seo ag baint leat: náire, fuath agus eagla.”

“Cuimhnigh gurb é áras Dé é croí an mhóidín. Cónaíonn Sé gan amhras i ngach neach beo ach foilsíonn Sé é féin go speisialta i gcroí an mhóidín. Parlús Dé é croí an mhóidín.”

“Mair sa saol seo mar éan uisce. Cloíonn an t-uisce leis an éan, ach croitheann an t-éan de é. Mair sa saol mar iasc láibe. Cónaíonn an t-iasc sa láib ach bíonn a chraiceann geal lonrach i gcónaí.”

“Buail do bhosa agus ainm Dé á rá agat agus eitleoidh i gcéin uait do pheaca-éiníní.”