2014-08-27

Ar an lá seo 27 Lúnasa

Ar an lá seo 27 Lúnasa, 1950, chuir an mór-scríbhneoir Cesare Pavese lámh ina bhás féin tar éis don bhanaisteoir Meiriceánach, Constance Dowling, é a obadh. Feictear an bheirt acu sa ghrianghraf seo, grianghraf a tógadh sa Róimh tamall roimh a bhás. Ceann de na dánta a chum sé di is ea an dán álainn seo thíos. Teideal Béarla atá ar an dán. Is féidir an bunleagan Iodáilise a chlos anseo.

Tagann tú ar ais i gcónaí ar maidin

Anáil lag an mhaidneachain
led bhéalsa a análaíonn
ag bun na sráideanna folmha.
Soilsíonn léithe do shúile,
braonta milse bhreacadh an lae
ar chnocáin dhorcha.
Do choiscéimeanna is d’anáil
mar ghaoth na maidine
is tithe á bplúchadh acu.
Critheann an chathair,
ligeann clocha anáil –
an bheatha is ea thú, dúiseacht.

Réalta a cailleadh
i solas na maidine,
scol na gaoithe,
teas, anáil –
tá an oíche thart.

Solas is ea thú agus maidin.