2014-08-21

Ar an lá seo 21 Lúnasa

Ar an lá seo 21 Lúnasa, 1940, cailleadh Leon Trotsky.
“Fad is atá anáil ionam beidh dóchas agam. Fad is atá anáil ionam, troidfead ar son na todhchaí, todhchaí sholasmhar ina mbeidh an duine, láidir agus álainn, ina mháistir ar shruth guagach na staire agus an sruth sin á threorú aige chuig fíoracha spéire gan teorainn, iad ag cur thar maoil le háilleacht, le sult is le sonas!”

“Murar féidir déanamh in éagmais scátháin, mura mbeadh ann ach chun tú féin a bhearradh, conas is féidir tú féin nó do shaol a athchruthú gan tú féin a fheiceáil i scáthán na litríochta?”

“Tá Natasha díreach tagtha ón gclós cúirte anois go dtí an fhuinneog chun í a oscailt níos mó i dtreo is go mbeidh an t-aer in ann imeacht ar fud an tseomra. Feicim an paiste geal féir faoi bhun an bhalla, an spéir ghlan ghlé os a chionn agus solas na gréine gach áit. Nach álainn an saol é! Glanadh na glúine atá ag teacht de gach olc, cos ar bolg is foréigean é, agus go mbaine siad sult iomlán as.”