2014-08-24

Ar an lá seo 24 Lúnasa

Ar an lá seo 24 Lúnasa, 1899, rugadh Jorge Luis Borges
“Bíonn an bunsaothar mídhílis don aistriúchán.”

“Is é an t-am an tsubstaint ar díom é. Abhainn is ea an t-am a scuabann ar aghaidh mé, ach is mise an t-am; is tíogar é a mhilleann mé, ach is mise an tíogar.”

“Cruthaíonn gach scríbhneoir na réamhtheachtaithe atá aige.”

"B’in an chéad uair a úsáideadh an raidhfil Remington san Airgintín agus mealltar mo mhian nuair a smaoiním go bhfuil an t-ainm céanna ar an gcomhlacht a bhearrann gach maidin mé is atá ar an raidhfil a mharaigh mo sheanathair.

“Aon uair a scríobhtar rud éigin i mo choinne, ní hamháin go n-aontaím leis ach braithim go bhféadfainn jab níos fearr a dhéanamh mé féin.”

“An fhilíocht is fearr caithfear í a léamh os ard. . . Cuimhníonn an fhilíocht gur amhránaíocht a bhí inti an chéad lá.”

“Tá daoine ann agus is ar éigean má bhraitheann siad an fhilíocht in aon chor agus is gnách gur á múineadh a bhíonn siad.”

“Caithfidh an scríbhneoir – agus, creidimse, daoine i gcoitinne – féachaint ar gach rud a thiteann amach dó nó di mar acmhainn.”

“Is é a bhí sna Falklands ná beirt bhlagadán ag troid faoi chíor.”

“Samhlaíodh riamh dom gur cineál leabharlainne a bheidh i bParthas.”

“Nós Lochlannach is ea gan an Duais Nobel a bhronnadh orm; ó rugadh mé – 24 Lúnasa, 1899 – níor bhronnadar orm í.”

“Nílim cinnte an ann dom, dáiríre. Is mé na scríbhneoirí go léir atá léite agam, na daoine go léir ar bhuaileas leo, na mná go léir ar thugas grá dóibh; na cathracha go léir ar thugas cuairt orthu, mo sheacht sinsear romham . . .”