2023-09-30

Amhrán a Mhúin Uncail Toby Dom



 

Amhrán a Mhúin Uncail Toby Dom
(Down by the Riverside)

Táim chun ualach a fhágáil uaim
Síos liom go bruach na habhann
Síos liom go bruach na habhann
Síos liom go bruach na habhann;
Táim chun ualach a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Claíomh is sciath a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Claíomh is sciath a fhágáil uaim,
Síos liom go bruach na habhann.
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Cuirfead umam an róba bán
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Cuirfead umam an róba bán,
Síos liom go bruach na habhann
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó.

Cuirfead orm coróin na réalt,
Síos liom go bruach na habhann,
Síos liom go bruach na habhann,
Cuirfead orm coróin na réalt,
Síos liom go bruach na habhann,
Sin deireadh le cogadh go deo.

Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó,
Ní bhacfadsa le cogadh níos mó

2023-09-29

John Wills


beirim
ar dhuilleog mhailpe
is scaoilim léi ansin
                                          

prind
frunza de arțar, apoi
o las să cadă 
                            
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-28

Filí /Poets


                      Maggie Taylor

gan ach triúr filí
fágtha in Éirinn
arsa an t-éan a ghabh tharam

a little bird told me
only three poets left
in Ireland

un petit oiseau m'a dit
en Irlande, il ne reste plus 
que trois poètes

Leagan Fraincise: Francis Combes


2023-09-27

haiku


oíche i mí Lúnasa
réalta reatha
i súile an chait
                                       


noapte de august
în ochii pisicii mele-
 stea căzătoare
                                   
Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-09-26

Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh


Mé ag guí ar son do cholainne atá ar iarraidh

le Sara Uribe

Guímse go bhfaighidh do cholainnse atá ar iarraidh a ceart.

Go dtabharfaí a hainm uirthi. Guímse go mbeidh áit ann dom

chun caoineadh a dhéanamh. Guímse ar son na ndaoine córa agus na ndaoine eile,

mar tá croí agamsa, fiú mura bhfuil acu siúd.



Rezo para que tu cuerpo ausente no quede impune.

Para que no quede anónimo. Rezo para tener un

sitio a dónde ir a llorar. Rezo por los buenos y por
ellos, porque si ellos no tienen corazón, yo sí.

© 2012, Sara Uribe
As: Antígona González
Foilsitheoir: Sur+ Ediciones

Tá breis is 100,000 duine ar iarraidh i Meicsiceo, ina measc deartháir an fhile.

2023-09-25

Senryu

       Samuel Jessurun de Mesquita

well, says the orang-utan
at least I'm not
a wage slave

bhuel, arsa an t-órang-útan
ní sclábhaí pá mé
ar aon nós

bueno, dice el orangután
al menos no soy 
esclavo de un sueldo

Leagan Spáinnise: Patricia Jimenez 

2023-09-24

Rosarno

              Marco Pelliccioli

ROSARNO
(Inimircigh ag éirí amach in Rosarno - 07.01.2010) 

Sa tigh cairtpháipéir
cruthaithe ag an tost
an mac ag análú
céasta ag an Stair.

An mháthair ar a glúine os comhair na croise
an t-athair spíonta sna goirt 

agus an ghaoth ag béicíl

"Ní ar éinne an locht!"



ROSARNO

(“Immigrati in rivolta a Rosarno” - 07.01.10)


Nelle case di cartone
costruite dal silenzio
respira il figlio
punito dalla Storia.

La madre china al crocifisso
il padre fiacco alla campagna

mentre il vento urla:

“non è colpa di nessuno!”

© 2014, Marco Pelliccioli
As: C’È NUNZIA IN CORTILE
Foilsitheoir: LietoColle,