2013-06-30

Van Morrison agus Aigne an Tosaitheora

Is trua nach bhfuil níos mó amhrán nua againn i nGaeilge. Dá mbeadh ionad ar leith ann ina gcanfaí amhráin nua - caife, nó tábhairne, abair - ba spreagadh éigin do chumadóirí a leithéid sin, cinnte. An rud céanna i gcás na ndrámaí. Caithfidh ionad dá gcuid féin a bheith ag lucht na drámaíochta Gaeilge (scríbhneoirí, aisteoirí, stiúrthóirí, dearthóirí etc) nó ní bheidh aon rath ar chúrsaí. Ní féidir a bheith ag brath ar an amharclann 'náisiúnta'. Lárionad mór amháin, an réiteach. Ina gcuirfí ealaíona éagsúla chun cinn, amhráin, drámaí, scannáin, seónna ilmheán, cuir i gcas, seónna idirnáisiúnta ina measc..

Idir an dá linn, an fiú leithéidí Van Morrison a aistriú go Gaeilge? Thugas faoi ar na mallaibh. Dréachtaí is ea iad. Faoin amhránaí a chanfadh iad a bheadh sé siolla breise a lorg nó siolla a fhágáil ar lár nó gutaí a bhá is focail a chiorrú is a leithéid sin.

Tagraíonn an Máistir Zen  Shunryu Suzuki d'Aigne an Tosaitheora agus nuair a thugann tú faoi dhán a chumadh nó faoi amhrán a aistriú, abair, le hAigne an Tosaitheora, bíonn gach aon ní nua.

Inné, bhíos in aghaidh an Anglasféir. Baineann Van Morrison leis an Anglasféar, Béal Feirsteach agus canúint Mheiriceánach aige ina chuid amhrán. Ach inniu, agus mé á aistriú le hAigne an Tosaitheora, níl an claonadh sin nó an chlaontacht sin i m'aigne a thuilleadh. Níl an tAnglasféar ann a thuilleadh.

Níl ann ach an Folús. San Fholús sin tá saoirse agam chun mo rogha rud a aistriú. Níl dubh is bán ann a thuilleadh. San aigne amháin atá an tAnglasféar.

Is cinnte go dtiocfaidh an tAnglasféar ar ais agus go mbeidh mé ag labhairt amach ina choinne, fiú ag troid ina choinne, ach inniu agus Cyprus Avenue, Into the Mystic agus na hamhráin eile de chuid Van á n-aistriú agam, Aigne an Tosaitheora atá i mbun na hoibre, aigne atá saor ó thruailliú an Anglasféir is ó gach sféar eile (más féidir a leithéid a shamhlú!).   

CYPRUS AVENUE


Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táimse cloíte i suíochán cairr
Táimse sáite anseo inniu
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Ach is ag rásaíocht ’tá mo chroí
Níl mo chosa in ann stop.
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is na duilleoga ag titim síos
Amadán is ea an fómhar.
Seasann focail i mo bhéal
Gach aon uair is mian liom rud a rá
Balbh, a ghrá,
Nuair is mian liom rud a rá,
Is bím ar crith istigh mar dhuilleog ghlas ar chrann
Is siúlóidh mé cois abhann le fíon silíní, fíon silíní
Ag gabháil thar an stáisiún is na tiománaithe ag caoineadh
Is fanacht tamall, nochtann chugam mo spéirbhean
Féach na ribíní ina gruaig
Nochtar chugam mo spéirbhean
Sé each bhána is carráiste
’S í ag teacht ón aonach chugainn
A théagair, a théagair
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Is táim cloíte i suíochán cairr
Táim ag féachaint i do shúil’
Thuas ansin, thuas ansin, thuas ansin …
Thuas ar ascaill na gcrann
Lean ort ag siúl
Sa ghaoth is faoin mbáisteach, a stór.
Lean tú ort ag siúl is an ghrian i measc na gcrann
Níl éinne, éinne a thiocfaidh idir mise is tusa, a théagair
Óg is fiáin, ceithre bliana déag
A théagair, a théagair
Ú-íí!

2013-06-29

Dán Grá le Thich Nhat Hanh (sliocht)

Nuair a chaillfear mé
tiocfaidh mé ar ais chugat
chomh tapa agus is féidir.
Geallaim duit nach dtógfaidh sé i bhfad.

Nach fíor go bhfuilim farat
cheana féin
gach nóiméad den lá?
Tagaim ar ais chugat
le gach nóiméad.

Breathnaigh – sin an méid,
braith id láthair mé.
Más mian leat caoineadh,
caoin led thoil.
Is tuig
go gcaoinfidh mise leatsa.
Leigheasfaidh do dheora
sinn araon.
Is liomsa do dheorasa.
The moment I die,
I will try to come back to you
as quickly as possible.
I promise it will not take long.

Isn't it true
I am already with you
in every moment?
I come back to you
in every moment.

Just look,
feel my presence.
If you want to cry,
please cry.
And know
that I will cry with you.
The tears you shed
will heal us both.
Your tears are mine.

2013-06-28

Fukuda Chiyo-ni: Uaigneas

Cuach le nine9nine9

loneliness
lies within the listener-
a cuckoo's call
san éisteoir istigh
atá an t-uaigneas -
glaoch na cuaiche


By Fukuda Chiyo-ni (1703 - 1775)
English version by Patricia Donegan & Yoshie Ishibashi
From: Chiyo-ni: Woman Haiku Master 

2013-06-27

Físeán: Drúcht na hOíche, Night Dew, 夜露


Drúcht na hOíche le Mariko Sumikura
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Ceol le Derek Ball
 

DIETMAR TAUCHNER: Haiku

Rugadh Dietmar Tauchner san Ostair sa bhliain 1972. Ag obair in Puchberg agus i Vín mar oibrí sóisialta agus mar údar. Taistealaí agus fálródaí dothraochta é. Comhstiúrthóir ar cheithre ghearrscannán haiku: www.bregengemme.net

Haiku leis foilsithe i mBéarla as far as i can, Red Moon Press, Winchester, Stáit Aontaithe, 2010
coscairt
mé ag éisteacht
leis an ngrian
Tauwetter
ich lausche
der Sonne
i ngrá
giolc
na réaltaí
verliebt
die Sterne
zirpen
damhna dorcha
nochtann mo chailín
a brionglóidí dom
Dunkle Materie
meine Freundin eröffnet mir
ihre Träume
fuinneamh dorcha
fágann daid
an domhan
Dunkle Energie
Vater verlässt
die Erde
réalta reatha
buaileann cáithnín liom
le frithcháithnín leis
Sternschnuppe
ein Teil von mir trifft
sein Antiteilchen
cónocht
an chathair i gcoineascar
ama
Tagnachtgleiche
die Stadt im Zwielicht
der Zeit
adaimh gan áireamh
gafa seal
chun mise a dhéanamh
unzählige Atome
verbunden für eine Zeit
um ich zu sein
siopa leabhar athláimhe
scaoilim boladh
an ama
Buchantiquariat
ich entlasse
den Duft der Zeit
fuineadh lae
véineas á lorg
ag seanbhean
Tagesende
eine alte Frau sucht nach
der Venus
bachlóga ag oscailt
cumhracht shéimh
an túis
öffnende Knospen
der zarte Duft
des Anfangs
an réalta nóna
teanga ghlé
ár gcolainne
Abendstern
die luzide Sprache
unserer Körper
braislí réaltbhuíonta
de ghás is de dheannach
mo lá breithe
Galaxiehaufen
aus Gas und Staub
mein Geburtstag
múchaim na coinnle
ar mo cháca lá breithe
abhaic bhána
ich blase die Kerzen
der Geburtstagstorte aus
weiße Zwerge

2013-06-26

kogarashi

Haiku le Issa ón mbliain 1819 ina gcloisimid an kogarashi ag séideadh, gaoth fhuar an gheimhridh:

gaoth an gheimhridh -
drúthlann
leath-thoistiún an babhta

Ní chosnaíonn na striapacha bochta seo mórán, cúpla pingin, sin uile. Nuair a chuirtear gaoth an gheimhridh agus na striapacha bochta le hais a chéile sa haiku seo cruthaítear truamhéala, mothú a bheadh ag teacht leis an atrua sin a bhraitheann an Búdaí i leith an uile ní.

    .木がらしや二十四文の遊女小家
    kogarashi ya ni jû shi mon no yûjo-goya

 Is é an chéad fhocal é sa haiku thuas agus an chead fhocal arís sa haiku a leanas le Masaoka Shiki, haiku den chéad scoth:

kogarashi ya hoshi fuki-kobosu umi no ue

gaoth sheargthach -
séidtear na réaltaí
spréitear ar fud na mara iad

2013-06-25

Dán dom ghariníon, Maggie

Cad iad na héisc
a shnámhann
i linnte do dhá shúl
an éisc eitilte iad
a chaitheann an lá ar fad ag spraoi
nó an éisc ón duibheagán iad
dearg, glas, gorm is buí
is iad ag sciorradh thall is abhus
i measc sceireacha coiréil

go domhain sna farraigí?

2013-06-24

Fógra: EVERLASTING VOICES

The poetry of Irish Nobel Laureates WB Yeats, Seamus Heaney and Samuel Beckett is presented in a lively and entertaining way, with musicians, dancers and actors collaborating to bring the poems to life.

Featuring: Inni K, Megan Kennedy, Clódagh Nic Gabhann & Cathal Quinn
Directed by Tristan Rosenstock

Poetry and songs will be in English and in Irish
Translations of poems into Irish by Gabriel Rosenstock

Brilliant poems from Yeats, Heaney and Beckett have been selected to take the audience on a journey through life: from youth to courtship, marriage, having children, then on into old age and beyond.

Some of the poems in Everlasting Voices will be premiered, having been translated into Irish for the very first time by Gabriel Rosenstock.

Gabriel Rosenstock is a poet, haikuist and author/translator of over 170 books, mostly in Irish. Among the anthologies in which he is represented is Best European Fiction 2012 (Dalkey Archive Press, USA) and Haiku in English: The First Hundred Years (W.W. Norton & Company, Inc., 2013).

File, fear haiku agus aistritheoir é Gabriel Rosenstock.
Is ball d'Aosdána é. I measc na ngradam a bronnadh air tá an bonn Tamgha i Khidmat.

National Concert Hall, Kevin Barry Room
Friday, July 19th 8.30 pm

TicketPrices:€15/12
National Concert Hall Box Office 10am-­6pm Mon­-Sat
2 hours before concerts on Sunday & Public Holidays
Tel (01) 4170000,
Fax (01) 4751507
Online: www.nch.ie
Email:info@nch.ie
No booking fees


Ó, a Thiarna, lonraíonn na réaltaí

Ó, a Thiarna, lonraíonn na réaltaí

Ó, a Thiarna,
lonraíonn na réaltaí
is tá súile an duine druidte
a ndoirse faoi ghlas ag ríthe
is gach aon leannán leis féin lena ghrá.

Seo mé, i m’aonar, farat


   

O my Lord, the stars glitter

By Rabia al-Basri (Rabia al- Adawiyya)
(717 - 801)

English version by Charles Upton



O my Lord,
the stars glitter
and the eyes of men are closed.
Kings have locked their doors
and each lover is alone with his love.

Here, I am alone with you.

2013-06-23

Crann / A Tree

Yaşar Koç Photography
Crann, Seanchara

Nochtann crann
mar sheanchara ba dhóigh leat
cara a thréigeas fadó
ag feitheamh liom atá sé leis na blianta fada -
cén gaineamhlach é seo? -
faoin mbáisteach, faoin ngrian,
oíche agus lá
ach nílimse ach ag gabháil tríd
níl am agamsa aon chuid de seo a dheimhniú
ar aon nós níl ann ach brionglóid


Nach ea?

Crainn eile, balbh,
finnéithe
ar an bhfeall nua seo

Tree, an Old Friend

A tree appears
and seems to me like a lost friend
one I had abandoned
a long long time ago
it has waited for me all these years -
what desert is this? -
in sunshine, in rain
night and day
but I am only passing through
I haven't time to verify any of this
ah sure it's all a dream

Not so?

Other trees, mute,
witnesses now
to this fresh betrayal

2013-06-22

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Éan geimhridh i gcúrsaí haiku is ea an 'chidori', an fheadóg.

stop ag caoineadh
tá an t-earrach ar a bhealach
a fheadóg amaideach!


    .鳴な鳴な春が来るぞよばか千鳥
    naku na naku na haru ga kuru zo yo baka chidori

Cloiseann an Seapánach an fheadóg san fhocal féin, chidori, agus tá sé le clos anseo:

Haiku eile leis (ón mbliain 1815) a sheasann amach domsa is ea an cur síos neamhghnách nach mór nua-aimseartha seo ar na feadóga ag éirí san aer:
cladach á chrapadh
ina pháipéar bruscair -
éiríonn na feadóga

Luaitear na feadóga sa waka álainn seo de chuid Ki no Tsurayuki (872 -945):

agus mo chroí
ag cur thar maoil le grá
bhrostaíos an oíche gheimhridh ar fad
go dtí teach mo leannáin.
Bhí an ghaoth ar an abhainn chomh feannaideach sin
gur ghlaoigh na feadóga is iad faoi chrá

2013-06-19

Drúcht na hOíche, Night Dew, 夜露

Drúcht na hOíche le Mariko Sumikura
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Ceol le Derek Ball



Drúcht na hOíche

Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.


2013-06-18

Sú, Sap, 樹液

Sú le Mariko Sumikura
Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock
Ceol le Derek Ball




Maidin gheimhridh
Is mé ligthe le crann silíní
Cluas le coirt
Cloisim an sú
Ag éirí go bríomhar.





Mariko Sumikura

As Kyoto na Seapáine di. Ball den Japan Poets Club, an Kansai Poets' Association agus Stiúrthóir Japan Universal Poets Association.
Príomh-Eagarthóir Poetic Bridge: AMA-HASHI (天橋) . 
Foilseacháin:
Kokoro Kaoru Hito (Bean an Chroí Chumhra),
Yume Tsumugu Hito (Bean ag Sníomh Taibhreamh),
Hikari Oru Hito (Bean ag Fí Solais,)
Ai Matou Hito ( Bean a Chaitheann an Grá)
agus an leabhar as a dtagann na dánta cúig líne seo, Tsuchi Daku Masurao (Fear a Mhuirníonn an Domhan).



Focal neamhchoitianta is ea masurao. Focal atá caite amach ag daoine, nach mór. ‘Duine fearúil’ is brí leis. Mascalach. Is focal é a chuala óna béal féin go minic nuair a bhuaileas léi in Kyoto, cathair a raibh an-tionchar ag a muintir uirthi ón meánaois ar aghaidh. Ní haon mhascalach mná ise, áfach, ach duine fíneáilte idir chorp chleite is sciathán. Saothar léi aistrithe go Béarla, Rómáinis, Eabhrais, Spáinnis, Fraincis agus Gaeilge. Ghlac sí páirt i bhféilte filíochta ar nós Struga na Macadóine. Aistí foilsithe aici ar an bhfealsamh Maria Zambrano. Leabhar filíochta Béarla liom féin Uttering Her Name (Salmon Poetry, 2009) aistrithe go Seapáinis aici.

2013-06-16

An Leamhan is a Chuid Taisteal

Líon na leamhan
amuigh ansin
is an solas
á lorg acu –
líon gan áireamh.
Tháinig leamhan
go dtí an fhuinneog anocht
á bhrú féin
in aghaidh na gloine
agus thar aon leamhan eile
(thar aon neach eile)
dá bhfaca mé riamh
samhlaíodh dom
go raibh aistear an-fhada
déanta aige
trí ghleannta dubha ceo.
B’fhacthas dom
go raibh impí
ina shúile
nár léir dom i gceart
is i bpreabarnach uafásach leictreach
a chuid sciathán traochta.
Níl mórán anseo,
a deirimse leis,
cuardaigh an cosmas duit féin –
réaltbhuíonta i gcéin.
Tar ar ais ansin is deimhnigh dúinn uile
nach bhfuil sa dorchadas
ach ár ndaille
ár n-éadóchas
ár ndeoraíocht i bpéin –
nó, níos fearr fós,
croch thart
is aimsigh an solas sin atá uait go géar
id chorp mistiúil féin

2013-06-15

Séimhe na Neach bhFiáin

Séimhe na Neach bhFiáin

Nuair a mhéadaíonn an t-éadóchas ionam
agus nuair a dhúisíonn an fhuaim is lú mé i lár na hoíche
agus eagla orm faoi mo shaol féin is faoi mo leanaí,
imím liom is luímse siar san áit a nglacann bardal na coille
a scíth agus nach álainn san uisce é, an áit ina gcothaíonn an chorr réisc mhór í féin.
Seo mé isteach i séimhe na neach bhfiáin
nach eire ar a mbeatha é an danaid a thuar. Seo mé
i láthair an uisce chiúin.
Agus braithim os mo chionn na réaltaí is iad caoch I rith an lae
ag feitheamh lena solas. Ar feadh scaithimhín glacaim scíth
i ngrásta an domhain, is mé saor.

The Peace of Wild Things


When despair grows in me
and I wake in the middle of the night at the least sound
in fear of what my life and my children's lives may be,
I go and lie down where the wood drake
rests in his beauty on the water, and the great heron feeds.
I come into the peace of wild things
who do not tax their lives with forethought
of grief. I come into the presence of still water.
And I feel above me the day-blind stars
waiting for their light. For a time
I rest in the grace of the world, and am free.

~ Wendell Berry ~

2013-06-14

Imeacht Liteartha - Saothar Máltaise aistrithe go Gaeilge agus go Béarla á léamh in Áras na Scríbhneoirí

GA CUIREADH: Ba mhór agam, thar ceann Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus i Málta agus thar ceann Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, cuireadh a chur ort bheith i láthair ar a 6 i.n. an 17 Meitheamh 2013 in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath le haghaidh ócáid liteartha ar leith ina léifear amach sleachta as saothar an údair Mháltaise Alfred Sant.  Príomh-Aire Mhálta a bhí in Alfred Sant ó 1996 go dtí 1998 ach is mar údar próis is mó atá clú anois air agus lear leabhar agus aistí i gcló aige.
 
Tuilleadh eolais faoin údar: http://en.wikipedia.org/wiki/Alfred_Sant
 
Tá an ócáid seo ann mar chuid de cheiliúradh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Beidh an t-údar féin i láthair lena shaothar a léamh sa Mháltais.  Léifear an saothar i nGaeilge agus i mBéarla freisin ag an ócáid uathúil seo agus beidh deis ann do dhaoine ceisteanna a chur faoina shaothar.
Is é an Dr Lillis Ó Laoire, Ceann na dTeangacha, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh a léifidh an saothar i nGaeilge agus is í an Dr Annette Schiller, léachtóir san aistriúchán agus iarchathaoirleach ar Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann a léifidh na sleachta i mBéarla.
 
Beidh tae / caife agus sóláistí ar fáil.
 
Más suim leat bheith i láthair, iarrtar ort é sin a chur in iúl chuig: ronan.mac-murchaidh@ec.europa.eu nó glaoch a chur ar 01 6341178

MT INVIT: F'isem ir-Rapprezentanzi tal-Kummissjoni Ewropea fl-Irlanda u f'Malta, u f'isem id-Direttorat Generali tat-Traduzzjoni, ghandi l-pjacir nistiednek ghal serata letterarja specjali nhar is-17 ta' Gunju 2013 fis-6p.m. fl-Irish Writers Centre, 19 Parnell Square, Dublin, fejn se jinqraw xoghlijiet maghzula tal-awtur Malti Alfred Sant. Sant kien il-Prim Ministru ta' Malta bejn l-1996 u l-1998, izda huwa maghruf ukoll bhala awtur ta' bosta rumanzi u kitbiet.
 
Tista' ssib aktar informazzjoni hawn: http://en.wikipedia.org/wiki/Alfred_Sant
 
Din l-okkazjoni hija parti mic-celebrazzjoni tal-Presidenza Irlandiza tal-Kunsill tal-Unjoni Ewropea. L-awtur se jkun prezenti u se jaqra x-xoghlijiet tieghu bil-Malti. Dawn ix-xoghlijiet se jinqraw ukoll bl-Ingliz u bl-Irlandiz, f'attività unika fejn l-udjenza se jkollha l-opportunità li tistaqsi mistoqsijiet lill-awtur.
Dr Lillis Ó Laoire, Kap tad-Dipartiment tal-Lingwi fil-University College, Galway, se jaqra x-xoghlijiet bl-Irlandiz u Dr Annette Schiller, lekcerer fit-traduzzjoni u ex-chair tal-Irish Translators and Interpreters Association, se taqra x-xoghlijiet bl-Ingliz.
 
Wara jigi servut tè /kafè.
 
Jekk interessat li tattendi, jekk joghgbok ibghat lil: ronan.mac-murchaidh@ec.europa.eu jew cempel 01 6341178.

EN INVITATION: On behalf of the European Commission Representations in Ireland and Malta and on behalf of the Directorate General for Translation, it is with great pleasure that I am inviting you to be present at 6 p.m. on 17th June 2013 at the Irish Writers Centre, 19 Parnell Square, Dublin for a special literary occasion where selected pieces of work from the Maltese Author Alfred Sant will be read out.  Alfred Sant was the Prime Minister of Malta from 1996 to 1998 but it is mainly as an author of prose that he is best known nowadays, with many books and essays now in print.
 
Please see the following for more information: http://en.wikipedia.org/wiki/Alfred_Sant
 
This occasion is part of the celebration of Ireland's Presidency of the Council of the European Union. The author will be present to read his work in Maltese. The work will be read in Irish and English also at this unique event and there will be an opportunity for people to ask questions.
Dr Lillis Ó Laoire, Head of Languages at University College, Galway will read the work in Irish and Dr Annette Schiller, lecturer in translation and former chair of the Irish Translators and Interpreters Association will read the work in English.
 
Tea / coffee and refreshments will be available.
 
If you are interested in attending, please reply to: ronan.mac-murchaidh@ec.europa.eu or call 01 6341178

Haiga: Lilí

Íomhá Ron Rosenstock

beireann lilí
ar ghrian na maidine
is tugann uathu í
lilies catch
the morning sun
and give it away

2013-06-13

The Responsibility of Poets

As comhrá reatha: 

It is good that we constantly return to the responsibility of poets in today's world.I believe that modern western civilisation has caused a spiritual and mental  paralysis among many poets and artists across all disciplines.Currently, myself and fellow-translator Hans-Christian Oeser, are working on our thirteenth trilingual volume together, German, English and Irish. This time it is the poems of Martin Walser (found in diaries and other writings). In my Afterword I intend to write something along these lines:
It is no wonder to me that Martin Walser wrote his Ph.D dissertation on Kafka. After all, there's something Kafkaesquely wrong with the world he lives in - that we all live in - some kind of psychosis. Is that not so? Who suffers from this psychosis? The community/ society, the writer, the reader? All of us, of course. In his prose and in his poetry, we feel that various characters seem to be suffering various crises, the writer included, and happiness seems very far off indeed.

Such themes in modern literature have made  addicts of the reading public - and of anyone who watches a play, a TV entertainment or a film; we need our dose of pessimism, of despair and of cynicism since anything pleasant or happy or humane, or innocent would strike us as lacking veracity. That's the way it is. We need this pain. The irony. The mockery. The violence.
And yet, Walser is called by some a Heimatdichter. He wants to go home. Wouldn't we all! He would like to escape from the Kafkaesque maze, escape from the German shame of two world wars and the concentration camps. Can we escape from history? Reading and translating his poems, I found myself trapped in a Kafkaesque world. This was not created by Kafka, or Walser. It is we who have created this world. What must we do? Break it, break this world?


ich muß es zerschlagen
bevor es Nacht wird

This world of consumerism, this world of depersonalisation. Can we open our mouths about it? No, the modern condition is paralysis. Walser says if he opened his mouth he might scream:
ich weiß, er will schreien

The sickness of western society is such that it needs a crisis to be whole again. Walser is typical of the ennui, cynicism and disenchantment that pervades an awful lot of modern writing in the West. I have always done my best to avoid being infected by this dis-ease, a word I deliberately hyphenate. An early interest in macrobiotics, Transcendental Meditation and haiku, for starters, as well as minority cultures, all combined to work as an antidote to the dis-ease of the West. And so we look at the diseased patient and ask, what now? A crisis?

This is what we are waiting for, what we expect to happen to the patient: a crisis. Is it happening already? Or do we see just a few twitches here and there?

Haiku le Issa ón mbliain 1819

mná rialta an teampaill -
 is gá beirt
chun an raidis a stoitheadh


    .尼達や二人かかって引大根
    ama-dachi ya futatsu kakatte hiki daikon

Raidis mhór fhada bhán é an daikon. Tá an-mheas ag na Seapánaigh agus ag lucht macrobiotics ar an daikon picilte:

Nuair a bhíos ag obair sa Ghúm theastaigh uaim leabhar cócaireachta macraibheathach a fhoilsiú ach chuir saineolaí ar an Eacnamaíocht Bhaile sa Roinn Oideachais go tréan i mo choinne. Feoil agus fataí an mana a bhí ag an duine sin: cultas dainséarach a bhí sa ghluaiseacht mhacraibheathach! Anois duit!

2013-06-12

Marin Marais


Samhlaíodh dom
go raibh píosa ceoil leat
á stiúradh agam
an lámh chlé neamhspleách
ar an lámh eile
an lámh chlé in ann an chuid mhall a stiúradh
an lámh dheas in ann an chuid mhear a stiúradh
agus ansin bhí gach aon chuid díom do do stiúradh
gach pór díom
ó bhonn go baithis
gach aon orlach díom
mo shúile
mo chluasa
gach aon bhall dem chorp
an croí an t-ae na duáin na scamhóga
ní raibh aon chuid díom nach raibh ar maos i do chuid ceoil

D’fhéachas amach
bhí na nóiníní go léir ina dtost
an féar gan chorraí
gach aon nóinín níos báine ná a chéile

Géaga na gcrann
do do stiúradh

Gomaji Ganesh

An tUasal Gomaji Ganesh chun tú a fheiceáil, a dhuine uasail.

Cé?

An tUasal Gomaji Ganesh.

Gomaji? Ganesh? Nílimse ag súil le Gomaji Ganesh ar bith.
Cé hé féin? Cad atá uaidh?

Ní dúirt sé cad a bhí uaidh. An ndéarfaidh mé leis nach bhfuil tú istigh?

Gomaji Ganesh? Tá an t-ainm sin cloiste agam.
Gomaji . . .? An é - ? Ní hea,  ní fhéadfadh. Féach, abair leis – soicind amháin.
Féachfaidh mé cad deir Google faoi.
Ganesh, Gomaji. Á, seo é anois.
Ní chreidim! Ach – agus tá sé anseo chun mé a fheiceáil?

Tá, a dhuine uasail. An ligfidh mé isteach é?

Ná dein! Ar chraiceann do chluaise!
Duine gan tábhacht é  Gomaji  Ganesh.
Tábhacht dá laghad.
Tá sé ráite anseo, féach! Cé a chreidfeadh é:

Gomaji Ganesh: Duine Neamhthábhachtach.

2013-06-11

Tuairimí á lorg ag Foras na Gaeilge faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go bhfuil tús á chur acu le comhairliúchán poiblí faoi léitheoireacht leabhar i nGaeilge. Tá an cháipéis chomhairliúcháin ina bhfuil moltaí faoi bheartais leis an léitheoireacht a chothú le fáil ar láithreán gréasáin Fhoras na Gaeilge.

Beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta sa bhliain 2014. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí seo san áireamh nuair a bheidh an straitéis sin á cur le chéile.
 
Is as Comhdháil faoin Léitheoireacht a d'eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2012 a d'eascair na moltaí atá sa cháipéis.  Tugadh faoin gComhdháil sin a eagrú chun léargas a fháil ar staid reatha earnáil na leabhar in Éirinn agus thar lear. Is ar bhealaí leis an léitheoireacht a chothú i gcoitinne atá na moltaí dírithe, ach baineann go leor de na moltaí le cúrsaí foilsitheoireachta chomh maith.
 
Dúirt Caitlín Uí Mhéalóid, Stiúrthóir Gníomhach Chlár na Leabhar Gaeilge, go bhfuil súil aici go dtapóidh eagraíochtaí litríochta agus daoine aonair an deis seo le bheith páirteach san athbhreithniú seo ar chúrsaí léitheoireachta.
 
"Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an t-infreastruchtúr cuí ann le i bhfad níos mó daoine, idir óg agus aosta, a spreagadh le bheith ag ceannach agus ag léamh leabhair Ghaeilge amach anseo," a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. "Baineann na ceisteanna seo le léitheoirí, foilsitheoirí, scríbhneoirí, tuismitheoirí, múinteoirí, leabharlannaithe, lucht díolta leabhar agus léirmheastóirí, agus le heagraíochtaí ealaíon agus litríochta. D'fháilteoimis roimh a dtuairimí siúd ar fad faoi na beartais atá á moladh sa cháipéis chomhairliúcháin."

Is féidir an cháipéis chomhairliúcháin a íoslódáil ó láithreán gréasáin Chlár na Leabhar Gaeilge (www.gaeilge.ie) nó is féidir cóip di a fháil sa phost ach glaoch ar oifig Chlár na Leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine a dtuairimí a nochtadh faoi na moltaí ar fad atá sa cháipéis, nó is féidir leo díriú ar réimsí agus ar mholtaí ar leith.
 
Glacfar le haighneachtaí agus le haiseolas ón bpobal (ar ríomhphost nó sa phost) go dtí Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013.

Tuilleadh eolais: www.gaeilge.ie (Clár na Leabhar Gaeilge)
Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie
Guthán: 046-9430419

Clár na Leabhar Gaeilge,
Foras na Gaeilge,
Ráth Chairn,
Áth Buí,
Co. na Mí

2013-06-10

Fógra: Que ferais-je sans ce silence?

Mouth on Fire presents a selection of Nobel Laureate Samuel Beckett's poems in French, English and Irish (translations into Irish by Gabriel Rosenstock), interspersed with live music by renowned harpist Anne-Marie O'Farrell, and visuals by artist Margaret Lonergan.


Poems will be read in French by French actress Julia Gleize, in English by actor and director Cathal Quinn and in Irish by poet Gabriel Rosenstock.

Thursday 13 June at 7.30pm

Admission Free 
RSVP

Alliance Française
1 Kildare Street, Dublin 2

Féach Alliance Française  agus  Mouth on Fire:

2013-06-09

Doiminícín (Amhrán mór ó na seacaidí)

 

Dominique, nique, nique,            Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement         an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.         ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,   Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,        gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,        gan  aon ábhar caint’ ach Dia



A l’époque où Jean Sans Terre     Nuair ’bhí Seán Gan Chríoch i réim
D’Angleterre était le roi,               I Sean-Sasana mar rí,
Dominique, notre Père,                 Doiminícín, thug sé léim

Combattit les Albigeois                 Faoi na hAilbigeinsiní!               


Dominique, nique, nique,               Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement            an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.            ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,      Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,           gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,           gan aon ábhar caint’ ach Dia.



Certain jour, un hérétique                 Chuir an t-eiriceach seo lá
Par des ronces le conduit,                 ár mbochtáinín dil ar strae:
Mais notre Père, Dominique,            Doiminícín lena ghrá
Par sa joie le convertit-                     ’S aige siúd a bhí an svae      

Dominique, nique, nique,                  Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia.

Ni chameau, ni diligence,                 Gan aon chamall gan aon charr
Il parcourt l’Europe à pied,               Bhí sé thall is bhí sé abhus
Scandinavie ou Provence,                Críoch Lochlann - bun go barr
Dans la sainte pauvreté.                    Ní raibh tacsaí ann ná bus!




Dominique, nique, nique,                 Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement              an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.              ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,       Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,            gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,             gan aon ábhar caint’ ach Dia.

Enflammá des toutes écoles               Ní raibh cailín ná garsún

Filles et garçons pleins d’ardeur,        Nach raibh líonta lena dhúil,
Et pour semer la parole,                      D’fhág a shíol bán ar an ród -
Inventá les Frères Prêcheurs.              Bhí na Bráithre ar an bhfód.
            
                                                    
Dominique, nique, nique,                  Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia.


Chez Dominique et ses frères,            Is do rith siad as arán 
Le pain s’en va à manquer,                 An saghas donn is an saghas bán:
Et deux anges se preséntèrent,            Tháinig báicéirí ó Neamh
Portant deux grands pains dorés.        Thug builíní dóibh nár leamh!



Dominique, nique, nique,                  Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,               gan aon ábhar caint’ ach Dia.


Dominique vit en rêve                          Is níl fhios agam cén fáth
Les prêcheurs du monde entire            Ach tá leid ann sa churfá
Sous le manteau de la Vierge               Nach mbeidh deireadh le mo rann
En grand nombre rassemblés.              Hé ná himigh, tusa – fan!




Dominique, nique, nique,                   Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é  ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,               gan aon ábhar caint’ ach Dia.


Dominique, mon bon Père,               Is níl fhios agam cén chúis
Garde-nous simples et gais               ‘Bhfuil an domhan seo lán de dhrúis,
Pour announcer à nos frères              Ní bheidh deireadh le mo rann
La Vie et la Verité.                             Seo leat, can liom, seo leat, can!


Dominique, nique, nique,                  Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia.


Dominique, nique, nique,                  Doiminícín, ícín, ícín,
S’en allait tous simplement               an simpleoir ’s an bochtán
Routier pauvre et chantant.               ag canadh ’s é ar fán.
En tous chemins, en tous lieux,         Ar feadh na slí, sea dar fia,
Il ne parle que du bon Dieu,              gan aon ábhar caint’ ach Dia
Il ne parle que du bon Dieu,               gan aon ábhar caint’ ach Dia.
                                                                                                              etc.

2013-06-08

Háva Nagila

Rósóg an bhrí ata le Rosenstock agus má bhí rósanna bána sa ghairdín agat comhartha ab ea é sin gur Giúdach Ashkenazi den sloinne Rosenstock a bhí ionat.  Ina Ghiúdach a tógadh mo chara Ron Rosenstock, an grianghrafadóir as Brooklyn, agus is cinnte go raibh Giúdaigh i measc mo shinsir féin chomh maith sular bádh i gcultúr na Gearmáine iad. Dóibh siúd go léir a d'aistríos Háva Nagila.

Háva nagíla, háva nagíla,
Háva nagíla, venismechá.
Háva nagíla, háva nagíla,
Háva nagíla, venismechá.
Háva neránena, háva neránena,
Háva neránena, venismechá.
Háva neránena, háva neránena,
Háva neránena, venismechá.
Úru, úru, achím,
Úru, achím, belév saméach.
Úru, achím, belév saméach.
Úru, achím, belév saméach.
Úru, achím, belév saméach.
Úru, achím,
Úru, achím, belév saméach.

הבה נגילה, הבה נגילה
הבה נגילה ונשמחה
הבה נגילה, הבה נגילה
הבה נגילה ונשמחה
הבה נרננה , הבה נרננה
הבה נרננה ונשמחה 
הבה נרננה , הבה נרננה
הבה נרננה ונשמחה
הבה נרננה ונשמחה
!עורו, עורו אחים
עורו אחים בלב שמח
עורו אחים בלב שמח
עורו אחים בלב שמח
עורו אחים בלב שמח
עורו אחים, עורו אחים
בלב שמח
   
Seo linn ag damhsa, seo linn ag damhsa
Seo linn ag damhsa, ardaigh do chroí!
Seo linn ag damhsa, seo linn ag damhsa
Seo linn ag damhsa, ardaigh do chroí!
Seo linn ag casadh thart, seo linn ag casadh thart,
Seo linn ag casadh thart, ardaigh do chroí.
Seo linn ag casadh thart, seo linn ag casadh thart,
Seo linn ag casadh thart, ardaigh do chroí.
Suas suas a deirim
Suas, a deirim, croí glan ríméadach
Suas, a deirim, croí glan ríméadach.
Suas, a deirim, croí glan ríméadach,
Suas a deirim, croí glan ríméadach.
Suas, a deirim,
Suas, a deirim, croí glan ríméadach.

2013-06-07

Sióga, Filí, Gaeil agus Mionlaigh eile nach iad

Aimsir Ársa
Cathal Ó Searcaigh
Arlen House a d’fhoilsigh
Ian Joyce a mhaisigh
ISBN 978 -1- 85132-046-2

Bhrisfeadh sé éinne eile, an scannán a deineadh faoin Searcach agus go grod ina dhiaidh sin géarleanúint ghraosta na meán lathaí, na doirse go léir a dúnadh de phlab air . . . ach is amhlaidh atá an Searcach agus a shaothar níos tathagaí ná riamh i bhfianaise na sárleabhar a tháinig óna pheann le tamall de bhlianta anuas, Gúrú i gClúidíní (CIC 2006), na cuimhní cinn Light on Distant Hills (Simon & Schuster, 2009) agus an dá chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Arlen House, An tAm Marfach ina Mairimid (2011) agus Aimsir Ársa (2013). Is ar Aimsir Ársa a bheidh mé ag díriú san aiste seo.
Mar chosaint ar an ionsaí a deineadh ar a cháil, d’fhéadfá a rá gur chúb an Searcach isteach ann féin ach ní teitheadh ab ea é sin ach a anam is a dhúchas mar fhile agus mar Ghael a athaimsiú agus a athmhúnlú. Sa leabhar seo tá toradh ealaíonta a fhéintaighde á roinnt aige linn go fial. Thréig daoine áirithe é ach má thréig, féach! –  as duibheagán an ama agus an spáis, chruinnigh a chairde go léir timpeall air. Agus cé hiad sin, a deir tú? Lí Pó, cuir i gcás. Nach caoin cairdiúil an comhrá seo eatarthu:

Tá mé san aois sin anois,
ré na seanaoise
go dtig liom mo chomhrá
a dhéanamh leatsa, a mhian,
thar dhuibheagán na gcianta …

Mé i mo shuí ag ól fíona
amuigh faoin spéir
oíche shoiléir i dtús an fhómhair –
do leabhar os mo chomhair …
(as Labhraim le Lí Pó)

Binneas! Milseacht! Séimhe na Sean-Síneach, draíocht an Dao. Fíon seachas fínéagar. Fíon na filíochta. Milseacht a fáisceadh as fulaingt. Lí Pó (no Lí Bai) agus  Gúrú na gCnoc, mórfhilí i gcuideachta a chéile agus is mór an phribhléid dúinne cúléisteacht a dhéanamh ar a n-allagar neamhaí. Is maith a thuig Lí Pó ‘saol na trioblóide, saol na brionglóide’.
Ní hé seo an chéad uair don Searcach filí ón anallód a ghairm chuige féin as aer. Is cuimhin liom go maith i gcomhluadar Óivid é, nuair a chéadbhraith Cathal ar deoraíocht ina thír féin é. Tarlaíonn sé. Tarlaíonn a leithéid d’fhilí. Níl le déanamh ach breith ar an bpeann agus an bheatha a mhóramh:

Móraim an bláth seo
a bhláthaíonn i bpian
i dtalamh righin mo ghairdín
is a thugann a aghaidh
go lúcháireach ar an ghrian . . .
( as Lus na Gréine)

An bheatha a mhóramh, an ghrian a mhóramh, an solas a mhóramh, an teanga a mhóramh, an grá a mhóramh. Níl éinne níos fearr chuige:

Ní san aigne amháin
atá do chuimhne i dtaisce
ach ar fud fad mo cholainne …

Déarfadh daoine áirithe, b’fhéidir, i ndiaidh ar tharla dó, gur cheart dó a chlab a dhúnadh anois agus gan a bheith ag scríobh faoi bhuachaillí a thuilleadh. Fastaoim! Ligean do scannán é a chur ina thost, ab ea? Ligean d’iriseoirí is lucht biadáin é a chloí? Tá dánta ómóis anseo aige faoi Éireannaigh cháiliúla ar homaighnéasaigh iad, Mícheál Mac Liammóir agus Ruairí Mac Asmaint [recte Mac Easmainn], abair. Tuigimis an méid seo: guth dochloíte é guth an tSearcaigh, guth seo a ghairme is a anama, guth síoraí, guth na filíochta, guth na Gaeilge, guth na fírinne, guth na háilleachta. Tá daoine ann a chuirfeadh ainm Chathail in áit Antinous sa dán aige den teideal sin:

Antinous na hÁilleachta! Antinous na Grástúlachta!
Sa cháil sin buan beo a bheas sé anois agus go deo.
Sa staid dhiaga úd, fiú mura bhfuil ann ach samhail,
buanóidh sé ar feadh na síoraíochta
ionas nach dtig leis an bhás, fiú amháin, díobháil
a dhéanamh dó nó a chur ó dhealramh . . .

Sea, is saghas déithe iad na mórfhilí, gan amhras. (Sa bhliain 1793 d’fhógair creideamh dúchasach na Seapáine, Sinteo, an máistir haiku Basho ina dhia).
 Ní milseacht agus móramh ar fad é Aimsir Ársa, áfach. Seachain fíoch an fhile! (Léigh an dán ar lch 30-31). Filleann an feall. Tríd is tríd, áfach, an móramh seachas an cáineadh an nóta is treise in Aimsir Ársa. Agus tá tréith eile fós ann, is é sin sceitsí iontacha á dtarraingt aige den áit ina bhfuil sé ag cur faoi agus tochailt déanta aige go dtí an gheografaíocht shíceach, i bhfocail eile an leibhéal sin den tírdhreach nach nochtar don chuairteoir lae, Éire mar a fheictear do leithéidí Michael Dames í in Mythic Ireland, cuir i gcás, an Éire sin a bhfuair John Moriarty spléachadh uirthi, deinim amach, an Éire sin dá mbeadh sí feicthe ar feadh nóiméid ag forbrórí is ag baincéirí go mb’fhéidir nach mbeadh sí leonta acu mar atá.  
    Na Bailte Bánaithe an teideal atá ar an dara cuid den leabhar seo agus tá a fhios agam ó bheith ag caint le roinnt de mo chomhfhilí gurb iad na dánta seo is mó a rachaidh i bhfeidhm ar go leor léitheoirí. Nach bhfuil leath na tíre bánaithe – arís! Dúirt mé i dtosach na haiste seo gur fhill Cathal ar a fhréamhacha sa leabhar seo chun uchtach agus cothú a lorg, rud a dhein, ach is dánta coscracha iad na dánta sa rannóg seo agus meabhraíonn siad dúinn go bhfuil teipthe ag an Stát seo an Ghaeltacht agus an teanga a chosaint mar is ceart. An cumha atá sna dánta seo, is maith mar a thuigfeadh Lí Pó, Dú Fú agus filí eile ón Ríora T’ang é agus seans maith gurb iad Sínigh na ré órga sin a spreag an Searcach chun súil chumhach a chaitheamh ar a chomharsanacht féin:

Tráthnóna idir an dá sholas
tchím iad ag taibhsiú chugam
as ceo folaigh na nglúnta.

Mo sheanathair, muintir
mo mhuintire, tchím iad
ag obair amuigh faoin spéir,

na fir ag buain i gcuibhrinn
nach bhfuil ann níos mó,
na mná ag blí na mbó

i mbuaile gréine na Míne
na páistí ag déanamh folachán
i measc stucaí agus síogán ….

(as Na Bailte Bánaithe)


Dán máistriúil amach is amach is ea Na Bailte Bánaithe, é ina cheithre chuid. Tá na Gaeil in ann an cumha a láimhseáil, mise á rá leat (pace Hallaig le Somhairle Mac Gill-Eathain). Ní bheadh Sasanach in ann é a dhéanamh chomh maith céanna. Ní bheadh an teanga aige chuige, ar ndóigh. Cloisimse ceol osnádúrtha sna línte thuas agus sin an chúis is mó go seasann Cathal amach mar dhuine de mhórfhilí an domhain – a chluas is a chroí ag teacht le chéile go feillbhinn. Tá an ceangal sin briste i gcás a lán lán d’fhilí an domhain ‘fhorbartha’ agus an pobal tar éis iad a thréigean dá dheasca sin. 
Má tháinig Lí Pó agus Óivid i gcabhair air, níor lig a sheanmhuintir síos é ach an oiread:
Le gach anáil dá dtarraingim
mothaím ag éirí iad ina nduine
is ina nduine as mínte m’aigne …


Ach, ar ndóigh, níor lean Cathal béasa a shinsir agus sa mhachnamh macánta a dhéanann sé ar a chás, admhaíonn sé nach bhfuil sé in ann iad a leanúint:

mise nár thóg claí, nár threabh gort,
nár ghin mac nó iníon dár ndúchas,
dár gcineál. Is bocht liom mo chás

iad a fhágáil anois gan oidhre óg
is fód mo dhúchais ag gabháil seasc
i Mín na bPoll, i bProchlais is i Mín na gCopóg …

Bhí sé riamh in ann leas aoibhinn a bhaint as logainmneacha, mar is eol dúinn, ach anois is cuid de liodán éifeachtach bróin iad na hainmneacha céanna. Smaoinigh ar an dochar uafásach a dhein galldú na logainmneacha in Éirinn agus smaoinigh go bhfuil an galldú sin ag tarlú i gcónaí; cuir tú féin i mbróga an fhile anois agus é ag éisteacht leis na fámairí sa dúiche aige, iad
                                            
Ag déanamh iontais
den tsleán, den speal, den tseisreach.

Iad ag béarlóireacht
go teanntásach,

beag beann ar gheaftaí,
beag beann ar Ghaeilic.


 Cogadh an teideal atá ar an tríú rannóg den leabhar fíorshuaithinseach seo ina leathann Cathal a chanbhás amach chun cur síos a dhéanamh ar staid fhuilteach an domhain faoi láthair. Sé chuid atá sa dán corraitheach Cailín, Cúig Bliana Déag, as Baghdad ag Inse a Scéil agus ba mhaith an cleas é an cogadh a fheiceáil trí shúile déagóra. Nár bhreá leat cailíní scoile na hÉireann a shamhlú agus an dán éachtach sin á léamh acu, nó, go deimhin, cailíní ar fud an domhain agus an port seo ag gach duine acu i ndiaidh a léite dóibh, nach bpósfadh siad fear troda go deo. Chuirfeadh sé sin stop le cogadh, stop gairid ar aon nós. Ní inniu ná inné a thosaigh an chogaíocht agus tagraíonn ár gcairde, filí an Ríora T’ang, go minic di – ‘gorm é deatach an chogaidh, bán iad cnámha an duine,’ a deir Dú Fú.
An Saol Eile a thugann sé ar an gceathrú cuid den leabhar seo agus éinne a léigh a chuimhní cinn, tuigfidh sé gur saineolaí ar an saol eile ab ea a mháthair. Níor bhuaileas léi ach uair amháin; b’fhéidir go ndéanfaidh mé comhrá ceart léi lá breá éigin amach anseo, beannacht Dé léi agus beannachtaí na sióg:

Ó chaill siad a dtiarnas
os cionn talaimh
tá siad dulta ó shúil
an daonnaí, ina gcónaí
ansiúd ar an uaigneas
idir an dá sholas
ina ndúnáras rúin
i lúb na locha …
(as Bean a bhFuil an Galar Dubhach Uirthi ag Caint ar na Sióga)

Táid ann ar ndóigh agus go rábach, na daoine maithe, agus ní bhainfinnse dá gcáil go deo ach i gcomhthéacs an leabhair seo d’fhéadfá a mhaíomh go seasann siad do mhionlach ar bith, filí, homaighnéasaigh, Gaeil. Murach go rabhadar róchliste dó mar shlua sí, is dócha go mbeidís carntha i sluachampa géibhinn fadó ag Hitler!
     An cúigiú cuid den leabhar seo, An tEaragal, is dán fada é ina chúig chuid is fiche, an paeón is breátha ar fad, is dócha, i nuafhilíocht na Gaeilge. Tá an tseanphágántacht linn i gcónaí, buíochas mór le Dia na Glóire:

Ár gcuradh réidh,
sciath ghealaí i do dheis
sleá gréine i do chlé.

I do cholgsheasamh
agus faoi riastradh,
ní baol dúinn an anachain,

Agus tú sa bhearna bhaoil,
a fhir ghnímh,
a Mhic an Eargail . . .
                                  

2013-06-06

Anna Akhmatova: Feall is creach is reic

TIOMNAÍM AN tAISTRIÚCHÁN SEO DO NA POLAITEOIRÍ AGUS DO NA BAINCÉIRÍ A d’FHÁG ÉIRE SA RIOCHT INA bhFUIL SÍ.

Feall is creach is reic déanta ar an uile ní,
scríobann eite mhór dhubh an Bháis an t-aer,
an ainnise dulta go smior ionainn.
Conas nach bhfuil éadóchas orainn?

Ó na coillte máguaird, isló,
séideann na silíní an samhradh isteach fán mbaile;
lonraíonn na spéartha doimhne gléineacha istoíche
le réaltbhuíonta nua.

Agus druideann an ní míorúilteach an-ghar
do na bathlaigh shalacha –
rud éigin nach eol d’aon neach beo
ach atá fiáin istigh san ucht againn leis na cianta.


Everything is plundered, betrayed, sold,
Death's great black wing scrapes the air,
Misery gnaws to the bone.
Why then do we not despair?

By day, from the surrounding woods,
cherries blow summer into town;
at night the deep transparent skies
glitter with new galaxies.

And the miraculous comes so close
to the ruined, dirty houses --
something not known to anyone at all,
but wild in our breast for centuries.





(Poems of Akhmatova, edited and translated by Stanley Kunitz with Max Hayward)

2013-06-05

LÁNÚIN FHILEATA, Đoko agus Anna, a casadh orm i mBéalgrád

  I measc na ndaoine a casadh orm ag an bhféile filíochta sa tSeirbia, Beogradski Festival Poezije i Knjige, bhí file as an Macadóin,  Đoko Zdraveski.  Rugadh sa bhliain 1985 é in Scóipé na Macadóine, ina theagascóir  focleolaíochta i Nis sa tSeirbia. Nuair a d’inis mé dó go raibh cnuasach lena chomh-Mhacadónach, Nikola Madzirov, curtha amach agam, d’aontaigh sé gurb é Nikola an file is fearr ina measc – go fóill!

Cén fáth filí Oirthear na hEorpa a aistriú go Gaeilge? Is suimiúla i bhfad iad ná filí an Bhéarla ar go leor bealaí, sin an fáth. Tá anam iontu. Léigh DVA  cuir i gcás, díolaim de nualitríocht na Slóivéine a chuireas in eagar i gcomhar le hEoghan Mac Aogáin, nó na cnuasaigh le Kristiini Ehin ón Eastóin nó Nikola Madzirov a d’fhoilsigh Coiscéim.
Tá trí dhán anseo le  Đoko, a) liosta eagla,  b) baile, c) comharthaí
Tá Đoko (nó Gjoko) ag siúl amach le file Rúiseach, Anna Rostokina, a rugadh i Moscó sa bhliain 1986. Tá MA aici i Litríocht na Seirbise. I gcás a cuid dánta siúd, tugaim an bhun-Rúisis anseo chomh maith. Níl an oiread céanna foilsithe aici is atá ag fear na Macadóine ach is dóigh liom féin go bhfuil an-mhianach inti.

liosta eagla

1.
bíonn clástrafóibe orm
ar an mbus
is gnách dom suí
gar don bhealach éalaithe
ní shuífinn go deo cois na fuinneoige

2.
is deise liom go mór sráidbhailte tréigthe
ná cathracha
nua-aoiseacha

is fearr liom bóithre na tuaithe
is a gcuid sclaigeanna
(na bóithre in nebregovo cuir  i gcás
nó zize)
ná na mótarbhealaí leathana
Is gile liom lochanna sléibhe
nach dtugann éinne cuairt orthu
ná farraigí
is tránna
ar a mbíonn aintíní
agus uncailí lena gcroiméal dubh is iad ag liú
taoschnónna úra
arbhar beirithe

níl muir ná trá uaim!
áit a bhfeiceann fir
cíocha na mban
seachas na súile atá acu


3.
is cóngaraí dom
gadhair
ná daoine

mar
scanraíonn daoine



4.
ní fios an méid eagla
atá ceilte
istigh ionam


agus mé ag baile i m’aonar
sa leithreas
suím ansin agus an doras ar leathadh


uaireanta bím folamh
chomh folamh leis an mbus deireanach
skopje – nis

seachas cúpla póilín
agus iad ag taisteal go hoifigiúil
fad le kumanovo

baile

    foghlaimítear an tost sa bhroinn.
    --n. madzirov


cruthaímid teach
as cathaoir
is cuirimid blaincéad
in airde uirthi

cruthaímid domhan
dúinn féin amháin,
níl aon ní eile ann,
seachas ciúnas
ár n-anála

comharthaí

nuair a bhíos im gharsún
chleachtainn mo shíniú amscaí
ar ghloine cheoch
an tseanghluaisteáin dheirg

inniu ar ghloine an chithfholcadáin
scríobhaim comharthaí lem chorr-mhéar
is nach dtuigim ó thalamh an domhain
ní heol dom ach go n-eascraíonn siad
as óige níos faide fós i gcéin
Надо радоваться простым вещам.
Надо смотреть на небо сквозь ветви,
с которых опадает листва,
как время нашей жизни.
Надо узнать все цвета вокруг себя.
Надо поймать солнце в витрине.
Надо увидеть деревья, пробивающиеся
из развалин Генералштаба.
Надо не утаить несколько слов,
когда мы провожаем близких с порога дома,
как корабли, уходящие в плавание.
Надо выпить утренний кофе
и отыскать истину в гуще,
как драгоценную раковину на дне океана.

Ba cheart meas a bheith againn ar na nithe is bunúsaí.
Ba cheart dúinn breathnú ar an spéir trí ghéaga na gcrann
agus a nduilleoga á gcailliúint acu
faoi mar a chaillimidne laethanta an tsaoil.
Ba cheart dúinn na dathanna go léir inár dtimpeall a aithint.
Ba cheart dúinn spléachadh a fháil ar an ngrian i bhfuinneog siopa.
Ba cheart dúinn na crainn a fheiceáil
is iad ag briseadh trí fhothrach Generalštab, Béalgrád.
Ba cheart dúinn cúpla focal a rá is sinn
ag scaradh lenár ngrá geal ar an tairseach
is é ag imeacht mar a bheadh long faoi lánseol.
Ba cheart dúinn caife na maidine a ól
agus an fhírinne a aimsiú sa dríodar
faoi mar a thiocfá ar phéarla luachmhar
ar ghrinneal an aigéin.
Нежный молочный Бог незримо таял...
Георгий Господинов

Таким оно и будет,
безымянное белое облако,
которое он опустит на мой лоб,
словно оловянную ложку,
обжигающую холодком,

таким оно и будет:
как этот утренний туман,
что, обволакивая, скрадывает все черты,
и тишина, не размыкающая губ.

И ничего не будет
никого
и меня
не будет.

Слово вылетает
и растворяется в тумане
Человек выходит
и растворяется в тумане
Бог выходит
а никого и нет
И Бог вздыхает
и растворяется в тумане

Bhí Dia lách lachtach á leá…
                  Georgi Gospodinov
 
Is mar seo díreach a bheidh,
An néal borrúil nach bhfuil insint air
A leagfar ar mo chlár éadain
Ar nós spúnóg stáin
A dhófaidh an craiceann leis an bhfuacht,

Is mar seo díreach a bheidh,
Ceo maidine
A chuimsíonn agus a fhágann smál ar gach gné
Agus an tost nach scarann a bheola.

Is ní bheidh faic ann
Ní bheidh éinne ann
Agus ní bheadsa
Ann.

Éalaíonn focal
Agus imíonn isteach sa cheo
Siúlann fear amach
Agus imíonn isteach sa cheo
Siúlann Dia amach
Ach níl éinne le feiceáil
Mar sin ligeann Dia osna
Agus imíonn isteach sa cheo chomh maith.

В. и Д.

Вот так: осень, безвременье,
облака летят на юг,
мы на мели.
Я говорю вам издалека,
хотя все еще рядом.
Не верьте: меня уже нет.
Я касаюсь ваших теплых волос,
незабвенных лиц,
и пальцы проходят насквозь, как в песок.

У любви нет лица,
у нее даже имени нет.
Все, что мы о ней написали, не стоит старого медяка.
Все, что мы говорили друг другу, улетучилось
еще до того, как мы успевали закончить фразу.

Я молчу,
смотрю по сторонам.
В осеннем небе кто-то готовит чай с медом
и чаинками птиц.
Я отпускаю вниз по течению все, что ушло,
становлюсь ситом, песком, отблеском, тенью, ничем,
слежу за потоком мыслей и облаков.
И, если подует ветер, улечу, как
перышко одуванчика – легче и не бывало.

Do V.agus D.

Is mar seo atá:
An fómhar, laethanta anró,
Néalta ag taisteal ó dheas,
Táimid ar an trá thirim.
Táim ag labhairt libh ó chríocha i gcéin
Cé go bhfuilim gar daoibh i gcónaí.
Ná creid focal de: ní hann dom níos mó.
Leagaim méar ar bhur bhfolt síodúil,
Bhur gcuntanóis ionúine
Is gabhann mo mhéara tríothu faoi mar ba ghaineamh iad.

Níl aghaidh ag an ngrá,
Níl ainm air fiú amháin.
Ní fiú feoirling an méid atá scríofa againn.
Gach a ndúramar lena chéile ina ghal soip
Sular éirigh linn abairt a chríochnú.

Tá sé ciúin.
Táim ag féachaint timpeall.
Spéartha an fhómhair os mo chionn,
Duine éigin agus tae á réiteach aige le mil
Is le dúradáin éan.
Scaoilim chun bealaigh gach a bhfuil tarlaithe,
Táim ag iompú im ghaineamh, im chriathar, bladhm, scáil, faic,
Agus mé ag breathnú an t-am ar fad ar na smaointe is ar na néalta sreabhacha.
Agus má shéideann an ghaoth, eitleod im ghósta
Caisearbháin, an rud is éadroime dá bhfuil ann.

Haiga: Eala

sneachta ag iompú ina eala
eala
ina sneachta
snow turning into a swan
a swan
into snow

2013-06-04

Yamai: Haiku

 Sa seachtú haois déag a bhláthaigh Yamai (1662-1713). An máistir mór, Basho, a thug an t-ainm cleite sin dó. Is é seo an haiku is cáiliúla de chuid Yamai. Bhíos i mbothán a charad, Kyorai, lasmuigh de Kyoto. Sasanach, Stephen Gill, a thug ann mé.



In one shrill cry
the pheasant has swallowed
the broad field

d'aon scréach ghéar amháin
tá an gort leathan
slogtha ag an bpiasún

2013-06-02

T.S. Eliot: Sa bhaile a chuirtear tús leis.

Sa bhaile a chuirtear tús leis. Agus sinn ag dul in aois
éiríonn an domhan níos téagartha, patrún na marbh is na mbeo
níos casta. Ní hí an dian-mhóimint í
léi féin, gan aon ní roimpi ná ina diaidh,
ach do shaol ar fad á dhó i ngach móimint
agus ní saol duine amháin ach oiread é
ach saol na seanchloch is gan aon léamh orthu ...

Home is where one starts from. As we grow older
The world becomes stranger, the pattern more complicated
Of dead and living. Not the intense moment
Isolated, with no before and after,
But a lifetime burning in every moment
And not the lifetime of one man only
But of old stones that cannot be deciphered...

~ T. S. Eliot ~

2013-06-01

Haiga: Barnafoss, An Íoslainn

Íomhá Ron Rosenstock

san aigne
atá sé –
guairneán na dtonn
all
in the mind –
swirling waves