Is trua nach bhfuil níos mó amhrán nua againn i nGaeilge.
Dá mbeadh ionad ar leith ann ina gcanfaí amhráin nua - caife, nó
tábhairne, abair - ba spreagadh éigin do chumadóirí a leithéid sin,
cinnte. An rud céanna i gcás na ndrámaí. Caithfidh ionad dá gcuid féin a
bheith ag lucht na drámaíochta Gaeilge (scríbhneoirí, aisteoirí,
stiúrthóirí, dearthóirí etc) nó ní bheidh aon rath ar chúrsaí. Ní féidir
a bheith ag brath ar an amharclann 'náisiúnta'. Lárionad mór amháin, an
réiteach. Ina gcuirfí ealaíona éagsúla chun cinn, amhráin, drámaí,
scannáin, seónna ilmheán, cuir i gcas, seónna idirnáisiúnta ina measc..
Idir an dá linn, an fiú leithéidí Van Morrison a aistriú go Gaeilge? Thugas faoi ar na mallaibh. Dréachtaí is ea iad. Faoin amhránaí a chanfadh iad a bheadh sé siolla breise a lorg nó siolla a fhágáil ar lár nó gutaí a bhá is focail a chiorrú is a leithéid sin.
Tagraíonn an Máistir Zen Shunryu Suzuki d'Aigne an Tosaitheora agus nuair a thugann tú faoi dhán a chumadh nó faoi amhrán a aistriú, abair, le hAigne an Tosaitheora, bíonn gach aon ní nua.
Inné, bhíos in aghaidh an Anglasféir. Baineann Van Morrison leis an Anglasféar, Béal Feirsteach agus canúint Mheiriceánach aige ina chuid amhrán. Ach inniu, agus mé á aistriú le hAigne an Tosaitheora, níl an claonadh sin nó an chlaontacht sin i m'aigne a thuilleadh. Níl an tAnglasféar ann a thuilleadh.
Níl ann ach an Folús. San Fholús sin tá saoirse agam chun mo rogha rud a aistriú. Níl dubh is bán ann a thuilleadh. San aigne amháin atá an tAnglasféar.
Is cinnte go dtiocfaidh an tAnglasféar ar ais agus go mbeidh mé ag labhairt amach ina choinne, fiú ag troid ina choinne, ach inniu agus Cyprus Avenue, Into the Mystic agus na hamhráin eile de chuid Van á n-aistriú agam, Aigne an Tosaitheora atá i mbun na hoibre, aigne atá saor ó thruailliú an Anglasféir is ó gach sféar eile (más féidir a leithéid a shamhlú!).
CYPRUS AVENUE
Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táimse cloíte i suíochán cairr
Táimse sáite anseo inniu
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Ach is ag rásaíocht ’tá mo chroí
Níl mo chosa in ann stop.
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is na duilleoga ag titim síos
Amadán is ea an fómhar.
Seasann focail i mo bhéal
Gach aon uair is mian liom rud a rá
Balbh, a ghrá,
Nuair is mian liom rud a rá,
Is bím ar crith istigh mar dhuilleog ghlas ar chrann
Is siúlóidh mé cois abhann le fíon silíní, fíon silíní
Ag gabháil thar an stáisiún is na tiománaithe ag caoineadh
Is fanacht tamall, nochtann chugam mo spéirbhean
Féach na ribíní ina gruaig
Nochtar chugam mo spéirbhean
Sé each bhána is carráiste
’S í ag teacht ón aonach chugainn
A théagair, a théagair
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Is táim cloíte i suíochán cairr
Táim ag féachaint i do shúil’
Thuas ansin, thuas ansin, thuas ansin …
Thuas ar ascaill na gcrann
Lean ort ag siúl
Sa ghaoth is faoin mbáisteach, a stór.
Lean tú ort ag siúl is an ghrian i measc na gcrann
Níl éinne, éinne a thiocfaidh idir mise is tusa, a théagair
Óg is fiáin, ceithre bliana déag
A théagair, a théagair
Ú-íí!