2014-05-16

Bob Marley: Luíochán Istoí’

Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá)
Táid ag troid ar son cumhacht’ (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Ach ní heol dóibh an uair (úú-wí, úú-wí, úú-wá)
Féach an bhreab is an gunnán agus airgead,
Díspeagadh á dheanamh
Ar ár n-onóir, sea.
Níl d’eolas againn
Ach focail na máistrí
Táimidne aineolach
Is roimh bhréaga cuirtear fáilte (siú-bí, dú-wá)

Trína gcleasa polaitiúla (siú-bí, dú-wá)
Táimidne stiúgtha (siú-bí, dú-wá)
Agus má tá greim bia uait (siú-bí, dú-wá)
Beidh do dheartháir féin ina namhaid agat, bhue-ell!

Luíochán istoí’
Féachann gunnaí im’ threo
Luíochán istoí’
Tá siad ag scaoileadh liom anois.
Á gcosaint ag a Mhórgacht.
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
(Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wí) úú-wá! Úú-wá!
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-úú
Ú-ú-wí, úú-wí, úú-wá-á!

Bhuel, is eol dúinn
Nithe nach ndeir siad linn;
Nílimidne dall, dáiríre
Is níl teacht acu orainn;
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Bímid ag teacht i dtír (siú-bí, dú-wá)
Tríd an gcumhacht atá ó Jah (siú-bí, dú-wá)
Is féidir teacht tríd.

Yé, an luíochán seo istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’
Ag iarraidh mé a chloí;
Luíochán istoí’
Pé rud a cheannaíonn an bhreab;
Luíochán istoí’
Ceaptha ag an tsochaí;
Luíochán istoí’ . . .