2019-01-31

Haiku le Issa on mbliain 1818

an chamhaoir -
i gcuas cloiche
báisteach earraigh

.明や石の凹みの春の雨

ariake ya ishi no kubomi no haru no ame


2019-01-30

ag feitheamh le Bashō

Pentti Sammallahti
waiting
waiting …
waiting for Bashō

ag feitheamh
ag feitheamh …
ag feitheamh le Bashō
attendant
attendant...
attendant Bashō

Leagan Fraincise: Daniel Py
περιμένοντας
περιμένοντας...
περιμένοντας τον Μπασό

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-01-29

lasairéin

Pentti Sammallahti
a bhfuarú féin
ina scáil féin
lasairéin Shliabh Etjo
cooling themselves
in their own reflection
flamingoes of Mt. Etjo
βρίσκοντας δροσιά
στο είδωλό τους
φλαμίνγκο του όρους Έτζο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-01-28

Mutsuo Takano

Gort agus Crann Lom le Vincent van Gogh

裸木となる太陽と話すため  高野ムツオ


hadakagi to naru taiyô to hanasu tame


iompaím
im' chrann lom
chun labhairt leis an ngrian

Mutsuo Takano

2019-01-27

Smaoineamh an Lae

Tá sé thar am againne, Albanaigh, Sasana a chur ina bhosca féin. In áit a bheith ag brath ar Shasana agus inspioráid a ghlacadh uaidh, ba chóir dúinn iompú i dtreo na hEorpa mar is san Eoraip a bheidh rath orainn.

Hugh MacDiarmid

2019-01-26

Lá na Marbh, Reilig N. Inez

Manohar Shetty


Tá na hanamacha bogtha ar aghaidh,
Na colainneacha fós mar chuid
Den talamh. Raghaidh an ghrian síos
Uair nó dhó
Sula bhfeofaidh an rós is an lile.

Labhraíonn na leaca uaighe nite
Os cionn an tráchta ar an mbóthar
Monabhar faon i gcuimhne
Ar shaol a caitheadh go hiomlán
Nó a raibh deireadh obann brónach leis.

Tríd an bhféar méith
Scinceanna sa tóir ar fhéileacáin.
Préachán ag feitheamh sna sciatháin.
Ólann beach
As béal roiseoige.

Fiolar aonair ag trasnú na spéire
Deirtear i gcogar
Gur féinics é.   

 

All Soul’s Day, St Inez Cemetery

Manohar Shetty


The souls have moved on,
The bodies still part
Of the ground. The roses
And lilies will fade in
Two sunsets or three.

Over the passing traffic
The washed gravestones
Speak through dimly
In memory of lives spent
Fully or ended sadly, swiftly.

Through the lush grass skinks
Hunt down butterflies.
A crow waits in the wings.
A bee drinks from
The mouth of a hibiscus.

A lone eagle crossing
The skies is whispered
To be a phoenix.

2019-01-25

An focal 'grá'

An focal 'grá'

Tá an focal 'grá' a mhúin an Sadgúrú dom
Tar éis mo chroí a ghlanadh.
Deir Sami, chuir sé gach amhras trí thine i bhfaiteadh na súl,
Tógadh suas mé go dtí go bhfaca mé

An uile ní!

The word 'love'

The word 'love' taught me by my Sadguru
Has cleansed my heart.
Sami says, in a moment He set on fire all doubts,
Hoisted me aloft and I could see

Everything!


Sami (1743- 1850)

[Trans. Mohan Gehani & Menka Shivdasani]


2019-01-24

Jason Symes

Jason Symes
cloigtheach á mhuirniú
ag an mBráthair Antoninus...
samhradh an ghrá
Brother Antoninus*
embracing a round tower...
summer of love

*(1912- 1994)

2019-01-23

Cuinche / Quin

Ron Rosenstock
guigh ar son
anam Chromail ...
á róstadh ar leac na bpian
pray for the soul
of Cromwell ...
roasting in hell
προσευχηθείτε
για την ψυχή του Κρόμγουελ ...
καίει στην κόλαση

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-01-22

Haiku le Issa on mbliain 1805

luibheanna a mbailiú …
cuma uaigneach leis
ar Jonaí an Scrogaill


.わかな摘鷺も淋しく思ふやと

wakana tsumi sagi mo sabishiku omou ya to


2019-01-21

cá'il sí anois?

Ron Rosenstock
will no one tell me
what she sings ...
where is she now
nach ndearfadh éinne liom
cad tá a chanadh aici ...
cá'il sí anois
κανείς δεν μου λέει
τι τραγουδά εκείνη ...
πού είναι τώρα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
NOTE: Haiku often employs literary allusion. Here we have an echo of Wordsworth's Solitary Reaper.
'Behold her single in the field, yon solitary Highland lass.' Wordsworth is dying to know what she is singing but, of course, she is singing in Gaelic so it's a lost world to him.
Gaelic would disappear from the Highlands before long, the people forced out out to make way for English sheep.

2019-01-20

Briathra an Bhúda

Dosaggiṃ pana mettāya,
nibbāpenti naruttamā.
Mohaggiṃ pana paññāya
yāyaṃ nibbedhagāminī.
 

Éist leis an mbun-Phailis http://host.pariyatti.org/dwob/itivuttaka_3_93.mp3

Múchfaidh siad lasracha an fhuatha le grá
lasracha an tseachmaill le gaois
Múchann na saoithe an seachmall
leis an ngaois a bhriseann tríd chun na fírinne

2019-01-19

Má táim gan aon airgead a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.

Má táim gan aon airgead a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.

Má labhraím i dteangacha daoine agus aingeal ach gan aon airgead a bheith agam, níl ionam ach mar a bheadh prás ag fuaimneach nó ciombail ag clingeadh.
Má tá bua fáidheoireachta agam, eolas ar gach rúndiamhair agus fios gach ní agam agus oiread lánchreidimh agam agus a d'aistreodh na sléibhte ach gan aon airgead a bheith agam, is neamhní mé.

Má roinnim amach mo mhaoin shaolta go léir, agus má thugaim suas mo chorp le dó ach gan aon airgead a bheith agam, ní aon tairbhe dom é.
Bíonn an t-airgead foighneach agus bíonn sé lách; ní bhíonn éad air; ní dhéanann sé maíomh ná mórtas; ní bhíonn sé mímhúinte ná leithleasach, míchéadfach ná agrach. Ní áil leis an éagóir ach is aoibhinn leis an mhaith. Bíonn sé lán d'fhadfhulaingt, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d'fhoighne. Ní rachaidh an t-airgead i léig go deo.

 Sliocht as Litir George Orwell chuig na Corantaigh

2019-01-14

Is Léir an Duine Ionraic i ngach cearn den Chruinne

Ní héinne ar leith é
an duine ionraic;

Ach ar nós dúghoirme
na speire síoraí

Sé gach duine é
gach ait ar domhan

True person manifest throughout the ten quarters of the world

The true person
Not anyone in particular;

But, like the deep blue color
Of the limitless sky,
It is everyone, everywhere in the world.

Eihei Dogen (1200 - 1253)

English version by Steven Heine

The Zen Poetry of Dogen: Verses from the Mountain of Eternal Peace by Steven Heine


2019-01-13

Briathra an Bhúda

Manopubbaṅgamā dhammā;
manoseṭṭhā manomayā.
Manasā ce pasannena
bhāsati vā karoti vā,
tato naṃ sukhamanveti
chāyāva anapāyinī.


Éist leis: http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_1_2.mp3

Chun tosaigh ar an uile ní atá an aigne;
an aigne a rialaíonn is a chruthaíonn iad.
An focal nó an gníomh
a thagann ón aigne ghlan istigh,
leanfaidh sonas é
mar scail nach n-imeoidh go deo uait


Dhammapada 1.2


2019-01-12

Haiku le Issa ón mbliain 1805

gaoth fhómhair
muinín aige as an mBúda . . .
féileacán beag

.秋風にあなた任の小蝶哉


aki kaze ni anata makase no ko chô kana

2019-01-11

Graifítí an Lae

An cineál saoirse is tábhachtaí dá bhfuil ann ná a bheith mar atá tú dáiríre. Malartaíonn tú an fíor-thusa ar ról.

Jim Morrison

2019-01-10

meditation / marana

Ron Rosenstock
briathra
Ashtavakra . . .
ag dul as sa Bhriathar
words
of Ashtavakra . . .
disappearing in the Word

2019-01-09

Tanka ag freagairt don Impriseanaí Meiriceánach Childe Hassam

tá mo ghrása i Sasana
liath atá mo chroí
chomh fuar liath leis an Tamais
       ní scalann an ghrian
       tríd an smúit

my love is in England
my heart is grey
cold and grey as the Thames
        sunshine cannot pierce
       the gloom

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=27038

solas an lae, nach luachmhar é
nuair a sheasann tú ann
do ghilese tríd
       is den ábhar céanna sibh
       tusa is an solas

daylight, how precious it is
when you stand there
your radiance mingling with it
      the same substance
       you and the light

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=206500



bímis mar scáthán
ar thost a chéile
d’fhonn teacht ar an bhféin comónta
gan tús
                     scáil na gcrann i linn

let us mirror
each other’s silence
and find the common self
that is beginningless
              trees reflected in a pond

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=166669


is fuirist fís a chailliúint
scairteann an t-anam ar son comhartha
gabhann an scairt sin foirm is cruth
is féach
              ealaí ag eitilt thar dhumhcha


a vision is easily lost
the soul cries out for a sign
a cry takes form and shape
and look
              swans flying over dunes

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=75938


cad a chloiseann tú
cantain éan os cionn tráchta
an gcloiseann tú a gcloisimse
       trup na sál
       ag teacht faoim’ dhéin

what is it you hear
birdsong above traffic
do you hear what I hear
              clip-clop of heels
              you draw near


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=33182


tógaimis carr
suas síos Ascaill a Cúig
go dtí go stopfaidh an bháisteach
       go dtí go stopfaidh mo chroí
       a ansacht

let’s take a cab
up and down Fifth Avenue
until the rain stops
       until my heart stops
       beloved

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=19902


tá sí ag feitheamh linn
ag tnúth linn
is sinne ag tnúth léithise
       mistéir a chéile
       i mistéir an róis


it awaits us
it longs for us
as we have longed for it
       the mystery of each other
       in the mystery of the rose


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=32319

what’s new
our love is new
as it was yesterday
and today and always
       that’s what’s new

scél lem dúib
is úr dár ngrá
mar a bhí inné
mar atá inniu is go brách
       é mo scél

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=36078


cuireann an fómhar
ag machnamh sinn go lom
is clos ó chnocaibh i gcéin
       clascairt na mbeann
       ón am fadó

autumn causes us
to look at ourselves bare
on distant hills we hear
       a clash of antlers
       from long ago

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=32071


chonac Manhattan i dtaibhreamh
is é ag taibhreamh faoi féin
chuala do ghuth ansin
              dúisigh, dúisigh
              tabhair dom póg


I saw Manhattan in a dream
dreaming of itself
then I heard your voice
                     wake up, wake up
                     kiss me


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=96384


nuair nach mbraithim
taobh liom thú
mothaím thú
       i dtic uaireadóra
       leathghealach sa spéir

when you’re not near
everything reminds me
of your absence
       tick of a watch
       half-moon in the sky


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=25426


gabh chugat féin pé cruth
pé ainm is mian leat
inniu is tú Pómóna
       caomhnóir cnónna
       is torthaí

take whatever shape
whatever name you wish
today you are Pomona
       guardian of nuts
       and fruits


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=33393


the Gaels saw them
as nothing more
than seal snot
       look what’s coming ashore
       jellyfish


tá’s agat féin
cad a shíl
na Gaeil díobh
       féach cad tá ag teacht i dtír
       smugairlí róin

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=27088

bíonn laethanta ann
is bíonn bratacha balbh
faic le rá acu
       leoithne phatuar
       ag dul i bhfolach

there are days
when flags are dumb
nothing to say
              an indifferent breeze
              goes into hiding


http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=27079


cad a chanann sé
óiréal an úlloird
cúpla nóta cráite
       agus an tost, uch
       nach géar é


what does it sing
the orchard oriole
a few piercing notes
       and silence, ah
       how sharp

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=24955


thaibhríos gur gréasaí a bhí ionam
tháinig tú led’ bhróga
tar ar ais i gceann míosa, ar mé
              choinníos iad
              ar feadh bliana

I dreamt I was a cobbler
you brought me your shoes
call for them in a month, I said
              I kept them
              for a whole year

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=26948


cosc ar mhná?
cá bhfuilim?
McSorley’s, a dhuine uasail
cén bhliain í seo?
tá do dhóthain ólta agat, a dhuine uasail


you don’t’ serve ladies?
where am I?
McSorley’s, Sir
       what year is this?
       I think you’ve had enough, Sir

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=98395


thaibhríos gur de sholas na gealaí
is ea thú go léir
nach den saol seo thú
       an éireoidh an ré
       chun tú a bhreith léi

I dreamt you were made
entirely of moonlight
you were not of this earth
       will the moon rise
       and take you with it

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=25035


murab ionann is na gondalóirí
is a gcuid seanamhrán
canfadsa duitse
       rud éigin úrnua ar fad
       in aghaidh na huaire


unlike gondoliers
with a litany of old songs
I will sing for you
       something entirely new
       by the hour

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=27036


thaibhríos gur neach mara a bhí ionat
nuair is dúghorm a bhíonn an mhuir
glaonn sí ort
       iompaíonn tú do dhroim
       ar an domhan

I dreamt you were a sea creature
on days when the sea is dark blue
it calls out to you
       you turn your back
       on our world

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=24253


thaibhríos gur scríobhas
dán foirfe duitse
dhúisíos is ní raibh teacht
ach ar an líne dheireanach
       duitse bíodh líológa ann go brách


in a dream I had written
the perfect poem for you
I awoke and all I could find
was the last line
       for you may there always be lilacs


https://www.wikiart.org/en/childe-hassam/under-the-lilacs


scairtfidh mé d’ainm
ó na díonta
beidh fhios ag cách é
    tuigfidh an éanlaith conas é a rá
    ina dteanga féinig

I shall shout your name
from rooftops
all shall know it
    birds will sing it
    each in its own tongue

https://www.wikiart.org/en/childe-hassam/rooftops-pont-aven     


d’eitil dán óm’ lámh
lorgaíos gach áit é
dán ceiliúrtha ár ngrá
       glantóir sráide a tháinig air
       tá sé fós á léamh

a poem flew from my hand
I searched for it high and low
it spoke of our love
       a streetcleaner found it
       he’s read it a hundred times

http://the-athenaeum.org/art/full.php?ID=26896

   an mbeadh grá agat dom, ar mé
   dá mbeinnse im’ Guy Fawkes
   grá! arsa tusa liom,
   níos buaine ná riamh
       phléasc mo chroí


would you still love me, I asked
if I were Guy Fawkes
I would love you, you said
more than ever
       my heart exploded


https://www.wikiart.org/en/childe-hassam/houses-of-parliament-early-evening


sheolas giolla chugat
lem’ chuid dánta go léir
coinnigh súil amach dó
       aithneoidh tú é
       ar a neamhshaoltacht

I’ve dispatched a messenger boy
with all my poems for you
keep a sharp eye out
       you will know him
       by his air of otherworldliness

https://www.wikiart.org/en/childe-hassam/messenger-boy

2019-01-08

Dún Briste

Ron Rosenstock
arraing na scarúna . . .
mantra síoraí
na farraige
pain of separation . . .
never-ending mantra
of the sea

2019-01-06

Ross Abbey, Co. Galway / Mainistir Ros Oirialaigh

Ron Rosenstock
shadows creeping back
to pray...
evicted monks

scáileannna ag teacht ar ais
chun paidir a rá...
manaigh dhíbeartha
σκιές που γλιστρούν
προσευχόμενες...
εξόριστοι μοναχοί

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou