2020-02-08

CIARÓGA DUBHA



Tar éis Chogadh Vítneam bhí an moladh seo
ag duine éigin dom Mham: Cén fáth
nach ndíolfá do bháibín, níl faic
le hithe agat!

D’fhreagair mo dheartháir ceithre bliana d’aois:
ná déan, ná díol mo dheirfiúr! Tá ciaróga dubha
go leor ann le hithe!

Tar éis dom filleadh ar an tír
ocht mbliana déag ina dhiaidh sin, chonac iad –
tancanna móra dubha lonracha ar an mballa

Fianaise ar an ngrá a bhí ag mo dheartháir dom


Teresa Mei Chuc