2020-02-13

An Chamhaoir

Mar ainnir óg a lonraíonn an Chamhaoir,
Gach neach beo aici á corraí.
Chun leas an duine a adhnadh an Tine Dhiaga;
Chruthaigh an Chamhaoir an solas, ruaigeadh an smál.

A gaetha aici á gcraobhscaoileadh; d’éirigh is thug aghaidh ar chách,
Faoina róbaí gléigeala maisiúla maorga;
Órga niamhrach í, aoibhinn don tsúil,
Máthair an tsoláthair, máistreás ar an domhan bán.

Is beannaithe í, an ghrian á hiompar aici, súil na ndéithe,
Each fionn ar ghreim sriain léi, ollásach,
Nochtann an Chamhaoir í féin, gile na gile,
An domhan á chlaochlú aici go fairsing slán.

A spéirbhean, cloígh an domhan led’ ghile!
Ullmhaigh dúinn féaraigh a bheidh saor ón uamhan!
Díbir an fuath, bronn orainn do chiste!
A bhanfhlaith, beannaigh ár n-amhrán.

Soilsigh sinn led’ ghlóire shíoraí,
A Chamhaoir dhiaga! Bronn saol fada orainn is só,
A Bhandia atá lán de ghrásta! Tabhair suaimhneas dúinn
Is bólacht, capaill is carbaid gan cháim!

A iníon neimhe, a Chamhaoir uasal án,
Cumann filí laoithe is iomainn i d’onóir.
Tabhair saibhreas dúinn is luachmhaire i bhfad ná ór.
A dhéithe, beannaígí sinn go léir is beannaígí an lá!