2020-02-12

Feartlaoi

Mohammad Alvi
A luaithe is a bhaineas amach an uaigh
shíneas mo ghéaga chun scíth a ligint
á shamhlú nach gcuirfeadh éinne isteach orm anois,
liomsa amháin iad an dá shlat talún seo
mar sin leanas orm ag iompú im’ chré
níor bhraitheas an t-am ag imeacht
ach níorbh fhada gur cuireadh isteach orm
tháinig neach eile isteach i m’uaigh
is tá feartlaoi duine eile
greanta os mo chionn