2013-02-09

Jack Hirschman: Leacht Cuimhneacháin Aineoil

An tSóivéid

Leacht Cuimhneacháin Aineoil


1.
 

     Nuair a thit mo shúile
     ar a gcuid deor,
     ní fhéadfadh siad gan
     cuimhneamh.

     Is tá stad i mo ghuth
     nuair a smaoiním orm féin
     is mé ag dearcadh air, rud
     nárbh eol dom riamh.

     Ní fhaca riamh tagairt dó -
     oiread is tagairt amháin -
     sa 34 bliain a chaitheas
     sa ghluaiseacht chumannach.

     Níor luadh riamh é
     in aon alt dar léas, sa Rúisis
     sa Ghearmáinis ná
     sa Mheiriceáinis.

     An rud a chonac-sa ar an 8 Bealtaine,
     Lá na Saoirse, sa scrín sin
     a bhí 10 heicteár ar fad,
     comhchruthaithe ag


     Yevgeny Vuchetich, dealbhóir,
          Yakov Belopolski, ailtire,
               Alexander Gorpenko, ealaíontóir,
                    Sarra Valerius, innealtóir,

ba é mo shaol é, mo shaol ar fad,
sular rugadh mé fiú amháin
is ansin, ó rugadh mé sa bhliain
1933 an fórsa brúidiúil sin
a mhilleadh, fórsa a tháinig ar an saol
an bhliain chéanna, cumhacht a dhein
magadh,
díspeagadh,
díbirt mhailíseach,
bascadh,
braighdeanas,
céasadh is marú

ní hé agus mise im leanbh
nó im dhéagóir dom,
ach anois féin
agus sa todhchaí:

“Bhíos-sa ann agus táimse ann!” agus
ní Rún saindiamhair
éigin é seo cé gur schrei tosta
atá sa Leacht Cuimhneacháin,
mysterium, chuirfeadh
a mhéid alltacht ort
agus a shiméadracht fhoirfe
ar dlúthchuid dá fhoirm é.

2.

An t-am atá caite ar mhaith leat
a shaoradh ná an todhchaí
agus tú ina láthair. Ní bhéarfadh
grianghraf air.
Go deo na ndeor!

Ná ní nochtfadh grianghraif
de dhealbh na Máthairthíre
is na mairbh aici á caoineadh –
a clann mhac mharbh ar do shlí isteach duit
ná grianghraf de sharcafagas
ar bith an arraing a bhaineann
leis an bPáirc seo.

D’fhéadfá iad a chuardach
ar an idirlíon,
chífeá íomhánna ríomhaire,
físeáin fiú ach ní chiallóidís mórán duit.

Ní mór duit dul ann!
Nílim ag iarraidh camchuairt a dhíol!
Ní mór duit dul ann
chun é a bhraistint is a thuiscint:

cad faoi is ea do shaol
agus cad d’imigh air
agus gach ar thug tú grá dó
ó chuir Yevgeny Vuchetich
bailchríoch ar dhealbh bhuacach
an tsaighdiúra, an té a shaor
cailín bídeach Gearmánach trí bliana d’aois
ón mbás
sa chath agus é á hiompar
inniu ar a ghualainn
go hard os cionn an staighre
is Garrán na hOnóra fúthu thíos.

Ní mór duit dul ann
anois, im theanntasa!
Feicfimid iomann
ann
iomann
sóisialach réalaíoch,
an saothar dealbhóireachta
is iontaí amuigh, seans,
agus marbhna
an chiúnais tríd
a chruthaíonn diagú
an chlasaicis&nsbp;&nsbp;nua-aimseartha.

3.

Ar an talamh sollúnta seo
déanfar tú a bhunúsú!
Stopfaidh an t-am duit.
Bainfidh Uhr a chaipín de
agus le meangadh maith gáire
is go séimh déanfar
Ur de ionatsa
faoi mar atáimse
chomh dúthrachtach sin aige
ó thaobh na hointeolaíochta de,
tar éis bhás carad, abair,
nuair atá an bheatha ag tathant ort

faoi mar a bheadh sé ag caint leat
i gcónaí, ag tathant ort
leanúint ar aghaidh, ach –
tar éis seo, nó tar éis an tsaoil

tar éis sin,
atá á athshonadh fós
go dothomhaiste
- ar bhealach eile.

Agus scríobhaimse anois
is anseo KEHTABP sna
litreacha Coireallacha sin
is geal lem chroí,
an chéad fhocal a scríobhas
as Rúisis oíche amháin sa bhliain
1976 in Specs Bar,
An Trá Thuaidh, San
Francisco, California,
Na Stáit Aontaithe, an
Domhan – chríochnaíos an chéad dán
sa teanga sin

Agus as sin
ar feadh aon bhliain déag
scríobhas dán Rúisise
idir dhá dhán a scríobhadh
sa Mheiriceáinis gach aon
lá nach mór,
tá áthas orm a rá
agus maidir le: Cén fáth?

Mar gur trom é ualach
an bháis, seaimpín
na híobartha a bhí
san Aontas Sóivéadach
agus an Réabhlóid
á cosaint aige
sa 16 poblacht a chothaigh sé.

Mar go raibh paca striapach
polaitiúil biogóideach, bliain
i ndiaidh bliana, tréimhse
i ndiaidh tréimhse
tar éis aigne mo chomhthíreach
a nimhiú le fuath gráiniúil
in aghaidh phobal
na Rúise agus fiú in aghaidh
an rialtais Shóivéadaigh
a tháinig ar an saol
chun bheith chun tosaigh
ar ruathar idirnáisiúnta. Ón tús
deineadh ceap magaidh
den Réabhlóid,
séanadh í,
caitheadh amach í mar scéal
go tarcaisneach,
deineadh ionradh uirthi,
cuireadh comrádaithe i gcarcair,
céasadh iad,
cuireadh chun báis iad –
sea, más ea. KEHTABP mar
is breá liom íomhá an cheinteáir
leathdhuine leath-each
agus luínn ansin
im neamh-chomhfhios
mar gharsún
ag déanamh miotais de
i m’aigne. Agus b’fhéidir

nuair a scríobhas an chéad dán Rúisise úd
go rabhas ag smaoineamh ní hamháin
ar Kent State ach ar Ken
McCarthy, fear beáir
in Specs atá ar shlí na firinne
le fada
ag ródháileog hearóin ar
ghlac sé leis maidin ghraosta
go luath: sea más sea,
focáil leat, a Mheirceá an rachmais,
ní ar mhaithe leis siúd amháin é
ach ar son na milliún
gan áireamh atá marbh, leath-
mharbh nó ag fáil bháis
gan ainm sa bhrocais
drugaí seo atá á rith ag
lucht aisig lofa
na sainte, mafia Wall Street
an chearrbhachais,
margaí na hola órga
ina mún as boid chorparáideacha
sáite i dtóin-ghluaisteáin
dhomhanda. Agus ar mhaithe
le Beirlín Thoir is
slógaí ar son na síochána i ndiaidh 1945;
ar mhaithe le Joliot-Curie ar beannaíodh
a deirfiúr le hanam lonrach
mar dheartháir
ar mhaithe le Paul Robeson,
an t-ealaíontóir Meiriceánach
ab uaisle le dhá ghlúin anuas; is Terri
Winter, mo ghrá geal im dhéagóir dom
a d’oscail mo shúile dom
don aisling ar fad den chéad uair
riamh; is Pablo Neruda, file
a d’fhan farainn go léir;

Is an teilea-chlóscríobhaí leis an
Associated Press sa seomra rite
is gach litir aici á caoineadh.
Thóg sé an saol ar fad uirthi, ní hea
ach dhá shaol mar baineadh an saol
den bheirt Rosenberg; fíocháin
an ghiolla chóipe agus an scéal orthu
a chaitheas a spíceáil
ar dheasc na n-eagarthóirí
timpeall na hoifige ollmhóire sin
agus iad fliuch le deora;
is René Depestre, naoi mbliana déag
slán aige, is gan ochón lena ainm
an uair sin, cóiméad
Háítí; is Steve
Nelson agus an Daily
Worker agus an Jefferson
School; is I.F. Stone; is
Jennings Perry (dein é a
googleáil, tá seisean anseo leis); is an iliomad
oibrithe Nedicks agus iad siúd
san Automat agus lucht
na gCeardchumann a ciceáladh
sna fiacla ag an Dlí Taft-Hartley faisisteach sin;
is comrádaithe máistriúla ar nós
Nelson Peery, is Fran Furey,
tiománaí bus Bobby Jordan
in am na fírinne níor scinn riamh ar fiar;
is Charlie is Miles ag bop-
áil ar 52nd St; gach aon ní a dhein
fiosrach mé is a d’oscail mo
mheon; is na mná
sna monarchana dúshaothair
ar 149th St sa Bhronx
sula raibh gnéas ann, nó díreach
nuair a bhí cailíní
ar tí a bheith freudaithe is na srinceanna
ag sleamhnú faoi chraiceann na coitiantachta;
is an Communist Labor
Party agus Sue Ying, is
Willie Baptist i Siopa Leabhar
Tom Mooney ar
Valencia St., áit inár lorgaíos
den chéad uair dánta
leis an té ar a dtugtaí
An Diabhal
An Ollphéist,
An Dúnmharfóir Srathach,
Scriostóir
An Chumannachais
Níos Measa Faoi Dhó
Ná Hitler
agus a bhfuil briathra leis ar gach
ceann de na 16 sarcafagas atá
sa Leacht Cuimhneacháin Sóivéadach seo,
greanta ar chloch idir 1947 -49,
--- téacsanna nach dtiocfaidh tú orthu
ar chomhad google ar bith, focail is
smaointe gan chinsireacht agus fáil
orthu sa Leacht Cuimhneacháin amháin-
an chúis a dtugtar
Ehrenmal Treptow ar an
Eachtra sa Pháirc
atá glanta ded nádúr
daonna agus nach mbactar leis
faoi mar nach raibh ann ach
díreach bolscaireacht
a eitseáladh ar chloch don phobal fiosrach.

4.

Tríd an mbealach isteach stuach
ar Ascaill Pushkin: dealbh
i gcéin san earrach faoi shneachta
faoi thintreach faoin mbáisteach nó faoin ngrian
den Mháthairthír is í ina suí, ardaithe
ar dhá phlionta eibhir, a ceann cromtha
faoi bhrón, a lámh chlé
ina dorn druidte
faoi chlóca os cionn a croí arb é
a misneach is a diongbháilteacht leis é. Feadh
ascaill na bhfeánna ansin go dtí
an tairseach leathan
de dhá phiolón dhearga ollmhóra eibhir
i bhfoirm bratacha sóivéadacha
agus faoi bhun gach ceann acu saighdiúir óg
is saighdiúir sean, iad araon ar a nglúine,
greim acu ar a gcuid clogad, a gceann cromtha
mar chaomhnóirí sollúnta na slí
go dtí Garrán na hOnóra roinnt céimeanna síos
uathu. Faoin bhféar ansin
a luíonn 4,800 fear is bean den
Arm Dearg. Ar chlé,
sraith d’ocht sarcafagas
bánmharmair, thart ar 100 troigh
eatarthu, a léiríonn aer-ruathair ar
shráidbhailte Sóivéadacha ag
“bithiúnaigh Hitleracha ar theastaigh uathu
go ndéanfaí daoir de phobal
na hÚcráine, na Bealarúise, na gCríoch Baltach,
na Crimé agus réigiún Cugais nó iad a dhíothú.”
Léirítear leis síolta chur i gcoinne na
bpáirtíneach, an méid a dhein na hoibrithe
ar mhaithe leis an Arm Dearg, aontacht
an airm, an phobail agus
an Pháirtí, raidhfilí ardaithe acu
i dtreo fhíor na spéire faoi íomhá
Leinín. Cosantóirí na gcathracha Rúiseacha
faoi léigear á n-adhmholadh acu.
Agus ansin cath Bheirlín
is misneach, íobairt agus
dobrón an Airm Dheirg. Gníomh
na saoirse agus an chodarsnacht idir
idé-eolaíocht Shóivéadach na comhréire
i measc ciníocha agus idé-eolaíocht
fhaisisteach Hitler gona
náisiúnachas brúidiúil agus fuath ciníoch.
Agus is é atá sa sarcafagas deireanach
searmanas sochraide
do shaighdiúir a thit
is a throid ar son saoirse
agus neamhspleáchas an Aontais Shóivéadaigh;
Bua agus Bás Cróga,
is téacsanna scríofa isteach sa chloch
ar dhroim gach ceann
de na rilífeanna ísle sa script Choireallach ag
J. Stailín,
Agus na téacsanna sin aistrithe
go Gearmáinis agus feictear iad
ar 8 macasamhail mharmair i ndeas
don Gharrán, 16 san iomlán
a sheasann do na poblachtaí go léir
san Aontas Sóivéadach.
I lár an dá shraith
sarcafagas, suas
céimeanna an kurgan,
seandumha adhlactha Rúiseach
faoina luíonn 200 saighdiúir Sóivéadach
eile inar féidir gliúcaíocht
trí fhuinneog
agus bláthanna ar an leac
ar Lá seo na Saoirse
agus an seisear déag toscairí
ó phoblachtaí an Aontais a fheiscint
is iad i leathchiorcal
sa mhásaléam
ia a chuid móscáice ildaite
na súile go léir dírithe
ar mhórleabhar gorm lonrach
inar breacadh ainmneacha na saighdiúirí go léir
a cuireadh sa Gharrán agus faoin dumha
adhlactha kurgan. Agus ó dhíon
an mhásaléim sin, ar bonn ollmhór
é, ollfhíor nach mór
35 troigh ar airde
de Nicolai Ivanovich Masalov,
agus an cailín Gearmánach
faoin ascaill aige, a chlaíomh íslithe aige,
a chos ag satailt ar svaistice bhriste.

5.

Slava! Slava! Slava, Geroiam!
Slava! Slava! Slava, Geroiam!
Fógraím é mar a chanas
le glúin anuas é, éagnairc
chaithréimeach R. Rozhdestvensky,
buaic na cantaireachta ar shliabh
Oirféach fhírinne na beatha
an "Gesang ist Dasein"
i mbriathra Rilke: Cantaireacht is ea
Bheith Ann; agus toisc nuair a chuirim ceist
orm féin is nuair a cheistítear mo cuid féineanna:
Cén eachtra stairiúil
is mó i gcaitheamh an 20ú
haois go dtí anois, an eachtra a gcaithfidh
gach eachtra eile ina dhiaidh sin - cogaí,
dúnmharuithe, féinmharuithe, matalanga
nádúrtha - athshonadh léi?
Ó airde shliabh na
cantaireachta, Páirc an Leacht Cuimhneacháin
Shóivéadaigh thíos - a chruth
ina chónra fada áit a bhfuil
corp do shaoil ina luí
i staid anama agus crainn á thimpeallú
is seamaidí féir máguaird -
ardaíonn an dara glúin ó dheireadh
an chogaidh 66 bliana ó shin
a nglór is canann an freagra:
Slava! Slava! Slava, Geroiam!



Aistriúchán Gabriel Rosenstock