Shankara (788-820) |
Ní mé na cluasa, an teanga, an tsrón ná na súile, ná nithe ar finnéithe orthu iad
Ní talamh ná spéir mé, ná aer ná solas
Eolas mé is aoibhneas
Mé Síve! Síve mé!
Ní mé anáil na beatha ná a cúig shruth
Ní mé na seacht ndúil, ná na cúig orgáin
Ná ní mé an guth ná na lámha ná aon ní a ghníomhaíonn.
Eolas mé is aoibhneas
Mé Síve. Síve mé
Ní aon ní is gráin liom mé, ná is rogha liom, ná saint, ná dúil ná seachmall
Uabhar, coimhlint, éad - ní bhaineann siad liom
Ní liom aon ní, níl aon ní uaim, ná an tsaoirse féin
Eolas mé is aoibhneas.
Mé Síve. Síve mé
Ní heol dom suáilce ná duáilce, ná pléisiúr ná pian.
Ní heol dom cantaireacht bheannaithe ar bith, ná ionad beannaithe, ná scrioptúr, ná deasghnátha
Ní heol dom an blas ná an té atá á bhlaiseadh
Eolas mé is aoibhneas
Mé Síve. Síve mé
Ní heagal liom an bás. Níl amhras ann faoim bheith ná faoi m'ionad
Athair ná máthair níl agam; níor saolaíodh riamh mé
Níl gaolta agam ná cairde. Níl gúrú agam ná lucht leanúna
Saor ón amhras, táim éagruthach
An t-eolas liom, an t-eolas ionam, táim gach áit, lastall d'aithint
Mar an gcéanna i gcónaí. Nílim saor, nílim i ngaiste - is ann dom
Eolas mé is aoibhneas
Mé Síve. Síve mé
Is mé Síve go deimhin, airdeall íon
Shivo ham! Shivo ham!