2013-08-21

Oíche Chultúir?

Feicim go bhfuil Cúinne na gCainteoirí acu arís i mbliana, i dTeampall an Bharra, mar chuid den Oíche Chultúir. Deirtear go mbeidh scoláirí, intleachtaigh, tráchtairí cultúir agus daoine breátha mar sin ann agus deich nóiméad an duine acu chun a racht a ligean.
Cé hiad féin, na cainteoirí breátha seo? Ní deirtear linn ar an suíomh, ar ndóigh, cé hiad. (B’fhéidir gur ardán a bheidh ann feasta do na leaideanna is na béithe iontacha sin atá istigh i Seanad Éireann, agus a seal istigh, más fíor).

Nach bhfuil sé sin spéisiúil anois, saghas Speakers’ Corner a bheith againn. Sea, díreach é,  is Speakers’ Corner a thugann siad ar an ócáid seo, glanaithris ar a mhacasamhail thall in Hyde Park, Londain. Is ag déanamh aithrise ar na Sasanaigh agus ar na Meiriceánaigh atáimid an t-am ar fad. Sin is Oíche Chultúir anois duit. Bhuel, ní hea ar fad, ach cheapfá go mbeadh ar a gcumas smaoineamh ar ainm eile seachas Speakers’ Corner. Braithimse gur leisciúlacht aigne a léiríonn a leithéid.

Cad is cultúr ann? Déarfadh daoine áirithe nach ceart tabhairt faoina shainmhíniú in aon chor, gur rud nádúrtha is ea é a fhásann i measc pobail daoine agus go gcuimsíonn ‘cultúr’ gach aon saghas – ní hamháin na healaíona, abair, ach bia, éadach, nósmhaireachtaí, creideamh, piseoga agus mar sin de agus ba liosta le háireamh iad na rudaí go léir a théann i bhfeidhm ar chultúr, an aimsir cuir i gcás.
Ar aon chuma, más gá dúinn aithris a dhéanamh ar na Sasanaigh, bíodh Hyde Park dár gcuid féin againn, faoi ainm eile, a deirimse, 365 lá in aghaidh na bliana. Ar ndóigh nuair a sheol an tAire Jimmy Deenihan Oíche Chultúir na bliana seo, thagair sé don líon mór turasóirí a bhainfeadh sult as na himeachtaí is na taispeántais éagsúla, go háirithe i mbliain seo an Gathering, i bhfocail eile daoine amuigh agus iad ag caitheamh níos mó airgid. Airgead. Airgead. Airgead. Tomhaltachas. Anois, tá na himeachtaí go léir le linn Oíche Chultúir saor in aisce, ach fós féin agus an ócaid á seoladh aige, thagair an tAire don chaiteachas breise, mar caithfidh daoine ithe agus ól ar ndóigh agus ní bheathaíonn na briathra na bráithre, etc. Níor thagair sé don teanga. An dtuigeann an tAire tábhacht na teanga?

 B’fhéidir go meabhraíonn na himeachtaí saor in aisce seo dúinn an t-airgead mór a bhíodh laistiar de na healaíona go léir go dtí le déanaí agus anois tá daoine in ann teacht ar an gceol agus in an-chuid cásanna ar an litríocht chomh maith, saor in aisce. Is rud maith é sin. Tá sé in am againn iompú ó chultúr an airgid agus na pribhléide.

Daoine nár thug cuairt riamh ar ghailearaí ealaíne, an spreagfaidh an Oíche Chultúir iad chun tamall a chaitheamh in áit éigin ar nós Áras Nua-Ealaíne na hÉireann? Dála an scéil, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann an t-ainm oifigiúil Gaeilge ar an Irish Museum of Modern Art. Seans nach bhfuil sé sin ar eolas ag gach éinne agus ceann de na cúiseanna atá leis sin ná gur annamh na dearcealaíona á bplé trí mheán na Gaeilge.  Tá cúiseanna stairiúla leis sin – agus le go leor rudaí eile a bhaineann le cúrsaí cultúir – ach ní féidir an milleán a chur ar an stair i gcónaí. Tá tusa agus mise in ann an tréimhse ina mairimid a mhúnlú, go pointe áirithe, mar sin cén cor a chuirfimidne sa stair? Braitheann sé sin orainn féin.

Cén chuma a bheidh ar Oíche Chultúir na bliana seo chugainn? Arís, braitheann sé sin orainn féin, ar an tuiscint atá againn féin do luachanna cultúrtha na hÉireann agus caithfimid an cheist a chur orainn féin, an bhfuilimid sásta na luachanna a gcreidimidne iontu a chur in iúl do lucht eagraithe na n-imeachtaí seo go léir inár gceantar féin?

 Cad eile atá ar an gclár? An Wax Museum. Níl fhios agam an bhfuil leagan oifigiúil Gaeilge acu? Céir-Mhúsaem is dócha. Ní rabhas riamh ann. Níl fhios agam fiú amháin an bhfuil fonn orm dul ann. Cé a bheadh ann? Charlie Haughey? Garret FitzGerald? Bhíodar dona go leor is iad ina mbeatha gan a bheith ag stánadh orthu is iad ina gcéir-shamhlacha.
Músaeim. Músaeim. Músaeim. Seo ceann: Dublin Writers Museum. Nuair a théim go dtí suíomh Mhúsaem na Scríbhneoirí feicim an abairt seo:
“Swift and Sheridan, Shaw and Wilde, Yeats, Joyce and Beckett are among those presented through their books, letters, portraits and personal items.”
Go hiontach ar fad! Féach, is linne na hinstitiúidí sin go léir, is linne iad, muintir na hÉireann: ná ligimis dóibh cló an Bhéarla a chur ar gach aon diabhal rud mar nach bhfuil sé ceart ná cóir ná cothrom – ná cultúrtha!

Is saghas jamboree liquorice all sorts atá san Oíche Chultúir, rud éigin do chách, agus feicim go bhfuil a áit bheag féin ar an gclár ag an Leprechaun Museum. Is ionadh liom nár thagair an tAire Deenihan dó. 

Tarraingíonn leipreacháin  cuairteoirí…. Airgead… Ór!

Léigh Gabriel an Aiste Raidió seo ar Údar Cainte inniu. Is féidir éisteacht leis anseo: 22 nóiméid isteach sa chlár.