2022-02-11

Haiku Búdaíocha : Stanford M. Forrester

halla machnaimh  . . .
Stanford M. Forrester
mo chumas cruinnithe meabhrach
sciobtha ag seangán

solas na camhaoire . . .
na búdaí cloch go léir
faoi róbaí órga

méarlorg an Bhúda
sa ghaineamh  . . .
gairdín Zen

chun do cheist a fhreagairt
níl ach bláth amháin
ag teastáil

solas an lae  . . .
ní thugann éinne an lampróg
faoi deara

gairdín caonaigh fuaim na báistí ar na búdaí cloch 

teampall ina fhothrach -   
bloghanna de bhúda
fós ag guí 

nach tapa
mar a thagann sé ar ais  . . .
dusta 

cac gadhair
nó mise . . .
is cuma leis an gcuileog

i mbabhla an mhanaigh
grán ríse amháin
seangán amháin    

gaoth gheimhridh -
faid na féasóige
ar an bhfear úd gan dídean

tráthnóna samhraidh seangán ag iarraidh mé a ithe

buaileann clog an teampaill
míle uair  . . .
báisteach gheimhridh

deireadh an tsamhraidh  . . .
lus na gréine ag dul as 
síol i ndiaidh síl

chomh ciúin le teampall sléibhe nead seangán

haiku á scríobh
sa ghaineamh  . . .
cuireann tonn bailchríoch air

tráthnóna geimhridh -
líonann scáil mhall
an babhla folamh

an ghrian ar leac na fuinneoige  . . .
ní buí níos mó í
an bheach mharbh

fothrach teampaill  . . .
caonach ag fás
idir mhéara coise an Bhúda

lán mara an búda gainimh scaipthe ina mhíle tonn

Baile na Síneach -
búdaí stáin ag machnamh
ar sheilf lán deannaigh

searmanas tae -
doirteann an máistir
a aigne sa chupán

gairdín teampaill -
seangáin ag dreapadh suas síos
an cosmas

laistiar den teach tae -
folmhaíonn an máistir
a chupán