Faoin mbáisteach
Is í an bháisteach chéanna í, báisteach
an lae inné, báisteach nua
ag titim, seanbháisteach
an rud céanna; solas dorchadas
dorchadas solas, anuas chugainne
ar an gcaonach,
chun sólás a thabhairt dúinn
agus sinn inár seasamh taobh lena chéile
faoin gcrann ard
a dtugaimid crann na beatha air
Tá gach aon ní stóráilte sa chrann
idir na fáinní
an bealach atá ag an bhforaois
chun an t-am a thomhas
Agus istigh ann, i gcumhracht álainn
an adhmaid, tú féinig, an tusa a bhí
agus tá tú linn
i dtearmann na báistí,
an bháisteach
nach bhfuil aon éalú uaithi.
Om regnet
Det är samma regn, samma
regn igår, nytt regn
faller, lika gammalt
som allt regn; ljus mörker
mörker ljus, ner
mot oss på mossan,
till tröst, sakta når det oss
där vi står intill varann
under det höga träd
vi kallar livets
I det trädet finns allt lagrat
mellan årsringarna
som är skogens sätt
att mäta tid
Och där inne, i den vackra doften
av trä finns du, det som var du
och är du hos oss
i skydd av regnet,
det ofrånkomliga
regnet