2023-08-03

An Fear a Phéinteáil Bláth


                 Ivar Arosenius


Chuaigh sé amach gach lá
Chun bláth a phéinteáil - bláth!
Níl a fhios agam cén fáth.

Bláth beag bán
Sea, aon bhláithín beag amháin.

Bhí grá aige don bhláth
Bhí go deimhin, sea bhí . . . grá!
Níl a fhios agam cén fáth.