2014-02-28

Haiku le Issa ón mbliain 1811

a scrogall aici
á síneadh: gé
ag píceáil tríd an ngeata

.雁の首長くして見る門口哉
kari no kubi nagaku shite miru kado-guchi kana

Is aoibhinn liom an haiku seo. N'fheadar i gceart canathaobh.Tá lé ar leith agam leis an éanlaith, éanlaith an aeir agus éanlaith chlóis. Agus cad a chonaic an ghé? Chonaic sí Issa ar ndóigh agus é ag breathnú uirthi, le sásamh.

Ar an lá seo 28 Feabhra

Ar an lá seo, 28 Feabhra 1533, rugadh Michel de Montaigne.

Aistí leis ar fáil sa Ghaeilge. Nó an bhfuil? Níl a fhios agam cad is brí le “ar fáil” sa chás seo! Ar fáil cén áit? Cuirimis gach rud ar fáil ar líne – saor in aisce:

2014-02-27

An chéad Uair


An chéad uair


An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil,
id shúilese a scal an ghrian
Is do bhronn tú gealach agus bhronn tú réalt’
ar spéartha dú’ dorcha síoraí
A mhian

Is an chéad uair dúinne bheith beol le beol
Im lámha bhí an domhan gan suan
Mar chroí ag preabadh, croí éin i gcás
Agus é ar ordú uaim

Is an chéad uair domsa im luí led thaobh
Nach cóngarach dom a bhí do chroí
Is bheadh ár lúcháir ar fud an domhain
Anois agus go síoraí
A mhian
An chéad uair domsa do ghnúis ’fheiceáil.

Ar an lá seo, 27ú Feabhra

Ar an 27 Feabhra, 1998, cailleadh Jack Micheline, file agus péintéir:
Rugas greim ar an mbourbon agus thosnaíos ag ól. Bhíos tagtha isteach ó na sráideanna ar a raibh cónaí orm, an áit ina mbínn ag scríobh, ag déanamh mo mhúin is ag gol. D’ólas a thuilleadh bourbon agus níorbh fhada go rabhas ar mo chaid agus ritheas suas staighre áit a raibh an bia… chuimhníos ar na béiceanna sa B & B dearóil úd an geimhreadh roimhe sin, agus na blianta is mé ar fán trí na sráideanna, geimhrí fada ifreanda i Nua-Eabhrac agus an eagla, an t-ifreann, an mheatacht a bhaineann leis an bhfichiú haois; beola na striapacha is na n-andúileach drugaí is na madraí mire; na sráideanna ag cur thar maoil i gcaitheamh an tsamhraidh, an t-allas, na haislingí, scliúchas, teaghlaigh, bonnáin, beáir, troid, poill is prochóga; an chathair chúng chealgach phlódaithe bhréan, chomh crua leis an lá, líonta le grá a bhí imithe amú agus an phian agus an ainnise; liú an dreama ar tugadh batráil dóibh, ocras orthu, eagla orthu is sceimhle. Rugas ar na ceapairí salami agus chaitheas ón mbalcóin síos ar an tsráid iad. Theitheas ón gcóisir, mé ar meisce, ag damhsa suas West Eighth Street, ag déanamh ar an Cedar Bar. Bhíos ag eitilt nuair a chasas isteach sa bheár. Bhaineas liomóg as tóin cailín agus seo chugam beirt phóilíní sula raibh seans agam mo dheoch a chaitheamh siar. Rug siad greim ar mo lámha agus sháigh siad amach an doras mé. Tosach mhí na Samhna, an ghaoth feanntach agus nimh san aer. Leagadar go talamh mé, ag iarraidh dornasc a chur orm. Chiceálas ina gcoinne agus mé ag béicíl: “Ligigí dom, a mháthairfocaeirí!” Amach leis an slua ina thuile, ár dtimpeallú, seó saor in aisce uathu. “A mháthfocaeirí salacha gan náire!’ ar mé de liú.
D’éirigh leis na póilíní an dornasc a chur orm sa deireadh agus chaith isteach i gcarr mé, ár n-aghaidh ar Ospidéal Naomh Uinseann. An slua ina staic, ag an eagla is ag an meatacht; na póilíní dearg san aghaidh, ag eascainí. Bhíos-sa chomh mór sin ar meisce gur chuma liom sa chac. Bhíos tar éis plaic a bhaint as srón póilín acu sa scliúchas. Thugadar chuig dochtúir mé i mbardas éigeandála Naomh Uinseann. Dúirt an dochtúir leo nach raibh ionam ach file ar meisce; bhí sé tar éis mé a chlos ag léamh dánta i gclub snagcheoil cúpla bliain roimhe sin. Dúirt na póilíní leis gur ainmhí allta a bhí ionam, glan as mo mheabhair. Dúirt an dochtúir leo mé a ligean saor. Thugadar amach as an ospidéal mé agus luíodar isteach orm arís; bhí díoltas uathu agus teailí hó. Bhaineas plaic eile as srón an phóilín agus chuas ar dásacht. Tharraingíodar ar ais san ospidéal mé agus chuir seaicéad ceangail orm; cheanglaíodar de shínteán mé is chuir fios ar vaigín. Tháinig an vaigín is cuireadh ann mé. Fad is a bhíos i mo luí sa vaigín, ceangal na gcúig gcaol orm, glas béil orm, arsa an póilin liom dá mbogfainn mo chosa oiread is orlach go mbrisfeadh sé mo dhá chos. Níor bhogas. Chuaigh an vaigín isteach in Bellevue agus d’iompraíodar amach mé, an seaicéad ceangail fós orm; ligeadh isteach mé is cuireadh san ardaitheoir mé, go dtí Bardas an Fhoréigin chuig dochtúir darbh ainm Ginsberg. Bhíos ag iarraidh a rá leis nach raibh ionam ach file ar meisce ach níor éist sé liom. Bhain beirt ghardaí agus cótaí bána orthu, bhaineadar mo chuid éadaigh díom. Tugadh róba folctha dom agus slipéir agus sádh dhá shnáthaid mhóra ionam chun mé a shuaimhniú. Cuireadh isteach i leaba mé sa bhardas agus thit mo chodaldh orm. Nuair a dhúisíos bhí sé ina lá geal.
Ní haon Tír na nÓg a bhí i mBardas a Naoi, Bellevue. Bhí boladh stálaithe antaiseipteán ar fud an bhaill. Gach éinne lán go béal de thorazine. Thug duine de na hothair Doc air féin agus théadh sé timpeall ina charr rothaí ag breathnú ar na hothair eile. Bhí fear ard caol ann darbh ainm Moe agus mheas sé go raibh sacsafón á sheinm aige, na méara ag dul suas síos corn sin na samhlaíochta  aige.

2014-02-26

Ar an lá seo, 26 Feabhra

Ar an lá seo, 26 Feabhra, 1932, tháinig Johnny Cash ar an saol.

Folsom Prison Blues

(Johnny Cash)
Tá an traein ag teannadh linne
Ón gcúinne chugainn go mear
Ní fhaca mé ga gréine
Le …ní tamall gearr
Táim sáite in Folsom Prison
Is stop an t-am, ochón,
Is tá an traein ag gluaiseacht léi
Síos go San Antone.

Nuair bhíos-sa i mo bháibín,
Ar Mama liom “A mhac
Bí i do bhuachaill múinte
Gan gunna i do ghlac.”
Ach do lámhachas fear in Reno
Chun breathnú ar a bhás,
Nuair a chloisimse an fheadaíl
Tosnaím ag gol go fras.

Bí cinnte go bhfuil boic ag ithe
Ina gcarr galánta dóibh
Nó ag slogadh siar an chaife
Ag caitheamh na dtodóg
Ach nach raibh sé tuillte agam!
Ní bheidh mé saor go deo
Is na daoine ag síorghluaiseacht
Iad 'na ndealg sa bheo.

Bhuel, dá saorfaí mé ón bpríosún seo
Dá mba liom an t-iarnród
Bí cinnte go mbogfainn as an áit seo
Ó, gan aon agó
I bhfad ó Folsom Prison
Is ann a gheobhainnse scíth
Agus ligfinnse don fheadaíl
An brón a ghlanadh díom.

2014-02-25

Ar an lá seo, 25 Feabhra

Ar an lá seo, 25 Feabhra, 1943, rugadh George Harrison.


SEO CHUGAINN AN GHRIAN


Seo chugainn an ghrian (dú dn dú dú)
Seo chugainn an ghrian
A stóirín
Nach breá í

A stóirín
Nach fada uaigneach é mar gheimhreadh
A stóirín
Tá blianta fada ó bhí sí ann

Seo chugainn an ghrian
Seo chugainn an ghrian
A stóirín
Nach breá í

A stóirín
Tá gáire ag teacht ar gach aon aghaidh
A stóirín
Tá blianta fada ó bhí sí ann

Seo chugainn an ghrian
Seo chugainn an ghrian
A stóirín
Nach breá í

Grian, grian, grian, tá sí chugainn
Grian, grian, grian, tá sí chugainn
Grian, grian, grian, tá sí chugainn
Grian, grian, grian, tá sí chugainn

A stóirín
Braithim an t-oighear á leá go mall
A stóirín
Tá blianta fada ó bhí sé glé

Seo chugainn an ghrian (dú dn dú dú)
Seo chugainn an ghrian
Nach breá í

Seo chugainn an ghrian (dú dn dú dú)
Seo chugainn an ghrian
Nach breá í
Nach breá í

2014-02-24

Ar an lá seo, 24 Feabhra

Ar an lá seo, 24 Feabhra, 1799, cailleadh Georg Christoph Lichtenberg:
Ní fhéadfadh earraí níos aite ná leabhair a bheith ann; á gclóbhualadh ag daoine nach dtuigeann iad; á ndíol ag daoine nach dtuigeann iad; á gceangal, á meas agus á léamh ag daoine nach dtuigeann iad: agus anois á scríobh fiú amháin ag daoine nach dtuigeann iad.

2014-02-22

2014-02-21

Graifítí an Lae

Is fearr i bhfad baracáidí smaointe ná baracáidí cloch.
José Martí (1853 - 1895), file agus réabhlóidí

Ar an lá seo 21 Feabhra

Ar an 21 Feabhra, 1933, rugadh Nina Simone.

Is fíorchorraitheach an leagan atá aici den amhrán Strange Fruit.




Na liricí (i nGaeilge) mar a chanadh Billie Holiday iad:

TOR AISTEACH

    Ait an tor ar na crainn ó dheas,
    Fuil ar dhuilleoga, an fhuil faoin teas,
    Corpáin ghorma ag luascadh sa ghaoth
    Aisteach an tor, ó nach aisteach é.
    An saol ó dheas, ó nach é 'tá méith
    Súile ag at agus caime an bhéil,
    Cumhracht mhagnóilia, úr isló
    Is boladh tobann duine á dhó
    Tor é seo don phréachán dubh
    Cnuasaíodh an bháisteach é is an ghaoth inniu,
    Á lobhadh faoin ngrian, síos leis sa mhoirt
    Tor an-aisteach, tor an-ghoirt.

2014-02-20

Dán le Subodh Sarkar

Dán le Subodh Sarkar, file agus ollamh. Is fiú go mór  an t-agallamh leis anseo a léamh.

M’Athair

le Subodh Sarkar
Teifeach ab ea m’athair teifeach ab ea mo mháthair
Ach rugadh mise saor san India.
Theith m’athair óna bhaile dúchais i dteannta mo mháthar
Mo dheirfiúracha is mo dheartháireacha.
Theith m’athair
Ón sráidbhaile a raibh a chroí ann
Theith m’athair ón abhainn
A bhí láimh leis
Theith m’athair ón scoil
Inar mhúin sé.

Ní raibh pas aige san India
Eachtrannach dleathach ab ea é
Bhí cárta  ciondála aige
A theanga mar víosa aige
Ina imirceach ó Bheangál go Beangál

Cailleadh d’ailse é, aois 55, in Krishnagar, Dst. Nodia, W.Bengal, an India
Ach chreid sé gur cailleadh i bhfad roimhe sin é
Agus é ag rith, ag rith, ag rith
A bhean óg ag rith is mise ina broinn
Nach iontach gur ritheas an méid sin sular rugadh mé
Beangál go Beangál
An India go dtí an India
Agus sa deireadh ón India go dtí an Comhlathas.
Níor thug sé riamh oiread is bonn airgid amhain dó
An ainm ar ospidéal é comhlathas?
Nó seicphointe míleata? Níl tuairim agam,
An bhféadfá a rá liom, a dhuine uasail?

Ar an lá seo, 20 Feabhra

Ar an 20 Feabhra, 1933, cailleadh an scríbhneoir Kobayashi Takiji i bpríosún tar éis do na póilíní batráil uafásach a thabhairt dó. Ní raibh sé ach 29 bl. d’aois.

2014-02-19

Ar an lá seo 19 Feabhra

Ar an lá seo 19 Feabhra, 1920 cailleadh John Creaghe i bpríosún i Washington.  Éireannach ab ea John, nó Juan mar a thug na Meicsicigh agus na hAirgintínigh air.

http://www.irlandeses.org/cathain.htm

2014-02-18

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Ní raibh ach ceithre bliana fágtha aige ar an saol agus an bhliain áirithe sin, 1824, gan éinne ina theannta chun slán a rá leis an mbliain a bhí ag druidim chun deiridh. Seacht siolla dhéag is iad lán d'uaigneas.
Ní gá go mbeadh Seapáinis agat: abair na siollaí Seapáinise os ard, fuaimnigh gach siolla. Tá uaigneas iontu, nach bhfuil? Cóisir deireadh na bliana - cóisir aonair. Duine de na filí haiku is mó a bhí riamh ann agus gan éinne ann chun deoch a roinnt leis.
i m'aonar -
buidéal amháin
chun deireadh na bliana a cheiliúradh
.一人居や一徳利のとし忘

hitori i ya hito tokkuri no toshiwasure

Ar an lá seo 18 Feabhra



Ar an lá seo 18 Feabhra, 1859, rugadh an scríbhneoir Giúdaise Sholom Aleichem (An Fidléir ar an Díon):
“Atann an duine saibhir le mórtas, atann an duine bocht le hocras.”

Bain sult as an scannán seo faoi Aleichem, a shaol agus a shaothar, an duine a thug léargas ar chultúr agus ar theanga ar tugadh buille an bháis dóibh. (B’fhéidir nach ‘sult’ an focal ceart sa chás seo, áfach). 

2014-02-17

Ar an lá seo 17 Feabhra

Ar an 17 Feabhra, 1986, cailleadh Jiddu Krishnamurti:

“Ní daoine atá ag teastáil ó rialtais ach teicneoirí éifeachtacha, mar is baol do rialtais é an daonnaí – agus is baol do reiligiúin eagraithe é chomh maith. Sin an fáth a dteastaíonn ó rialtais agus ó eagraíochtaí creidimh smacht a bheith acu ar chúrsaí oideachais.”


Ar nós an Bhúda, níor theastaigh ó Jiddu Krishnamurti go leanfaí é ná go ndéanfaí aithris ar a chuid ráiteas mar a dhéanfadh pearóid. Theastaigh uaidh go n-éistfeadh daoine leis go haireach agus a chuid ráiteas a thástáil dóibh féin, go ciúin. An fíor gach ráiteas uaidh, an ráiteas thuas, abair, nó aon cheann de na ráitis thíos? Chomh maith le ráitis shuntasacha uaidh anseo, tá scata físeán. An aigne chiúin amháin a thuigfidh éirim na bhfiseán sin; nó, chun é a rá ar shlí eile, an aigne a thuigfidh éirim na bhfiseán sin, éireoidh sí ciúin.

 “Caithfidh tú an saol ar fad a thuiscint seachas díreach píosa beag de. Sin an fáth a gcaithfidh tú léamh, sin an fáth a gcaithfidh tú féachaint ar na spéartha, sin an fáth a gcaithfidh tú canadh agus damhsa, agus dánta a scríobh agus fulaingt agus tuiscint a bheith agat, mar sin é an saol go léir.”

“Má thuigimid an fhadhb i gceart, tiocfaidh an freagra aisti, mar níl an freagra deighilte ón bhfadhb.”

“Is foréigneach an rud é Indiach, Moslamach, Críostaí, Eorpach nó aon ní eile a thabhairt ort féin. An léir duit an foréigean ann? Fágann sé scartha ón gcuid eile den chine daonna thú. Cothaítear foréigean nuair a scarann tú ó dhaoine eile ar bhonn creidimh, náisiúntachta is traidisiúin. Mar sin an duine atá ag iarraidh an foréigean a thuiscint, ní bhaineann sé le tír ar bith, le creideamh ar bith, le páirtí polaitíochta ná le córas páirteach ar bith; is cás leis tuiscint iomlán a fháil ar an gcine daonna.”

“Ord iomlán is ea an áilleacht. Ach níl an tuiscint sin don áilleacht ag an gcuid is mó againn sa saol atá á chaitheamh againn. D’fhéadfadh gur ealaíontóirí móra sinn, péintéirí móra, inár saineolaithe ar go leor rudaí, ach sa ghnáthshaol laethúil, leis an mbuairt agus leis an ainnise go léir a bhaineann leis, is saol an mhí-ordúil a chaithimid, faraor. Sin mar atá. D’fhéadfá a bheith i d’eolaí mór, d’fhéadfá a bheith i do shaineolaí mór le rá ar ábhar éigin, ach tá do chuid fadhbanna féin agat, streachailtí, pian, imní agus mar sin de. Is í an cheist ná an féidir maireachtáil agus ord iomlán istigh ionainn, gan smacht ná rialú a chur i bhfeidhm, ach nádúr an mhí-oird sin a fhiosrú, cad is cúis leis, conas é a ruaigeadh, é a chur dínn, é a ghlanadh. Bheadh ord beo sa chruinne ansin.

 “Críoch gan chonair í an Fhírinne a deirimse agus níl conair ar bith chuici, ná reiligiún ná seict.”

 “Rud scriosach, drochrud amach is amach is ea údarás d’aon sórt, go háirithe i réimse na smaointeoireachta agus na tuisceana de. Scriosann ceannairí a lucht leanúna agus scriosann an lucht leanúna a gcuid ceannairí. Ní mór duit a bheith i d’oide duit féin agus i do dheisceabal agat féin. Caithfidh tú gach aon ní atá luachmhar agus riachtanach dar le daoine eile a cheistiú.”


http://www.ckuik.com/jiddu_krishnamurti

2014-02-16

Ar an lá seo 16 Feabhra

Ar an 16 Feabhra, 1917, cailleadh Octave Mirbeau:
 “Ní mór duit ligean ort go bhfuil meas agat ar dhaoine agus ar institiúidí atá áiféiseach dar leat. Maireann tú agus tú ceangailte i do mheatachán de ghnáis mhorálta agus shóisialta a bhfuil gráin agat orthu…”


“Torathair, torathair! Ach níl a leithéid de rud ann agus torathar! An rud a dtugann tusa torathar air is foirm uachtarach é, nó foirm thar d’eolas-sa. Nach torathair iad na déithe? Nach torathar é an ginias, ar nós tíogair nó damháin alla, ar nós duine ar bith a mhaireann lastall den bhréag shóisialta, i neamhbhásmhaireacht lonrach dhiaga an uile ní? Sea ambaist, táimse, leis, im thorathar!”


“Bhí an duine ar an tsráid, b’fhacthas domsa, ina thaibhse bhuile, seanchreatlach as alt, na cnámha ceangailte go dona dá chéile agus fuaim aisteach uathu is iad ag titim ar an gcosán.”
“On ne se doute pas de tous les embêtements dont sont poursuivis les domestiques, ni de l’exploitation acharnée, éternelle qui pèse sur eux. Tantôt les maîtres, tantôt les placiers, tantôt les institutions charitables, sans compter les camarades, car il y en a de rudement salauds. Et personne ne s’intéresse à personne. Chacun vit, s’engraisse, s' amuse de la misère d' un plus pauvre que soi. Les scènes changent ; les décors se transforment ; vous traversez des milieux sociaux différents et ennemis ; et les passions restent les mêmes, les mêmes appétits demeurent. Dans l’appartement étriqué du bourgeois, ainsi que dans le fastueux hôtel du banquier, vous retrouvez des saletés pareilles, et vous vous heurtez à de l’inexorable. Enfin de compte, pour une fille comme je suis, le résultat est qu’elle soit vaincue d' avance, où qu' elle aille et quoi qu' elle fasse. Les pauvres sont l’engrais humain où poussent les moissons de vie, les moissons de joie que récoltent les riches, et dont ils mésusent si cruellement, contre nous...”


“Rud a thógáil ó dhuine agus é a choimeád: gadaíocht is ea é sin. Rud a thógáil ó dhuine agus ansin é a thabhairt do dhuine eile ar an méid airgid agus is féidir a fháil uaidh: gnó is ea é sin. Tá an ghadaíocht i bhfad níos bómánta sa mhéid go sásaíonn brabús aonair í, brabús dainséarach go minic; sa ghnó, áfach, is féidir é a dhúbailt agus ní baol duit.”

2014-02-15

Ar an lá seo 15 Feabhra

Ar an 15 Feabhra 1781, cailleadh  Gotthold Ephraim Lessing:
“Eiriceach is ea duine a fheiceann lena shúile féin.”

 “Má bheireann an diabhal ar oiread is ribe gruaige leat, is leis thú go deo.”

2014-02-14

Ar an lá seo 14 Feabhra

Ar an 14 Feabhra 1885 cailleadh Jules Vallès. Tá leabhar leis An Páiste/ L’Enfant tiomnaithe do gach éinne a d’fhulaing leamhas ar scoil nó ar cuireadh ag gol sa bhaile iad, a ndearna a n-oidí bulaíocht orthu ar scoil nó ar bhuail a dtuismitheoirí iad.

2014-02-12

Ar an lá seo 12 Feabhra

Ar an lá seo 12 Feabhra, 2003, theastaigh ó Laura Bush, Céad-Bhean na Stát Aontaithe ag an am, ócáid filíochta a eagrú sa Teach Bán chun W. Whitman, L. Hughes agus E. Dickinson a chomóradh mar ghuthanna fileata an náisiúin. D’eagraigh Sam Hamill frithócáid! Is maith iad na frithócáidí.

File agus fear haiku é Hamill, fear a fuair cuireadh oifigiúil ón Teach Bán chun a bheith i láthair ag an ócáid fhileata. Ní raibh aon tuairim ag an mBuiseach go bhfásfadh gluaiseacht chun filí a aontú in aghaidh an chogaidh as an gcuireadh sin uaithi.

http://poetsagainstthewar.org/

 Nuair a chuala Laura go raibh na filí ag éirí amach ina coinne is beag nár shalaigh sí í féin chomh mór sin nach bhféadfaí an Teach Bán a thabhairt ar an áit go deo arís. Chuir sí an ócáid fhileata ar ceal.


Níl díolaim againne i nGaeilge a chuireann in aghaidh an chogaidh, an bhfuil? Is é sin le rá, bundánta i nGaeilge a sheasann ar son na síochána agus in aghaidh an chogaidh? Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil? Sea, táim ag fiafraí díom féin, os ard, cén fáth nach bhfuil? Cén fáth nach bhfuil? Cuirimis a leithéid de dhíolaim ar fáil! Gan mhoill. Agus cuirimis ar fáil í ní dúinn féin amháin ach do Ghaelscoileanna na tíre, don chéad ghlúin eile, i dtreo is go mbeidh a fhios ag sliocht ár sleachta go raibh guthanna áirithe in Éirinn ag cur in aghaidh na síorchogaíochta agus ag seasamh le luachanna na síochána agus na sibhialtachta. 

Cad iad na dánta frithchogaidh atá sa Ghaeilge? Aifreann na Marbh le Eoghan Ó Tuairisc, ar ndóigh. Ó Mo Bheirt Phalaistíneach le Michael Davitt. Níl aon ghanntanas dánta frithchogaidh sa Ghaeilge. Dubh le Nuala Ní Dhomhnaill, abair, ar thitim Srebenice. Tá dánta le Gearóid Mac Lochlainn agus daoine eile a bhaineann leis na Trioblóidí ó thuaidh.

 Dá mbeadh orm dán dem chuid féin a roghnú le haghaidh na díolama sin, roghnóinn dán an teidil as Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad.

Tá dán in aghaidh an chogaidh lofa úd san Iaráic ag Cathal Ó Searcaigh agus is é seo a leanas an leagan Béarla de a dheineas-sa. Is féidir an bundán éachtach a léamh sa leabhar Gúrú i gClúidíní (Clo Iar-Chonnacht 2006)

A Postcard to Yusuf in Iraq


A balmy March night in Manhattan
I stand at the doorstep
where you once lived in Bleeker Street
and where I loved you in the eighties.
I linger at this door into delight,
the moon-madness of our embraces comes flooding back
and how we spoke of your homeland –
the sunny stretches between Najaf and Hillah.
Where are you tonight? I don’t know,
the foundations of the world shiver, beloved,
from Najaf to Hillah; your people tremble
beneath a mighty hail of cowardly assault.
Bombs of the barbarians rain on you
and your cities are ruins, your towns and villages destroyed,
and I fear greatly that your life may be in peril
as they come to lay waste to what lies between Najaf and Hillah.
Tonight as I linger at the door to my heart’s desire
thinking of you and of something you once said:
‘The poet’s homeland is in the hearts
of the oppressed.’ Tonight, beloved,
what can I say but assure you
in a language not heard above tumult and confusion
that I am with you, entirely. The bomb
is victorious over my word and the missile mocks my poem,
but tonight I am with you, my treasure of all Iraq
for your heart, throbbing there in the crimson fire of war,
is my homeland, my poem, my humanity.
And so, man of my heart and soul,
I am with you now from the crown of my head
in Najaf to the soles of my feet in Hillah.

2014-02-11

'ain soph'


אין סוף: 'ain soph', 'point of nothing' from which all light and all worlds arise in Jewish mysticism.
lonrach
i lár na cruinne
miotas á fhí ag damhán alla
radiant
in the centre of the universe
spider spins a myth

Naimhde na Teanga/ Enemies of the Language

The enemies of the language are legion. How to deal with them? The answer, it seems to me, is to be crane-faced. I am working on it.

There is nothing like a Goddess scorned. And in case of Bagalamukhi (called the One who checks the mouth), she can be a towering personality to behold. While she protects her devotees, she can be the face of evil in case of any wrong doer. She is the eighth of the ten forms of the goddess known as dashamahavidya. Some ancient scriptures also call her crane faced. She is focused on her intent and gaze like the crane who waddles in the waters looking at its target. Those who pray to her whole heartedly, get the same kind of physiognomies to silence their enemies. But they can be granted their wish only when they are able to fulfill the rituals and manage to appease her long enough to grant a blessing.

Bagalmukhi


Bagalmukhi
Déan corr réisc díom

Is líonmhar iad naimhde mo theanga

Conas cur suas le seitgháire
Ó mhaidin go hoíche?

Déan corr réisc díom
Achainím ort

Éist lena ngiob geab!

Dean corr réisc díom
Slogfad a dteangacha!

Bagalmukhi

Bagalmukhi
Turn me into a grey heron

Countless the enemies of my language

How can we put up with their sniggering
From morning till night?

Turn me into a grey heron
I beseech You

Listen to their prattle!

Turn me into a grey heron
I will swallow all their tongues!

Ar an lá seo, 11 Feabhra

Ar an lá seo, 11 Feabhra, 2010, cailleadh Colin Ward. Tá leabhar suimiúil leis Anarchy in Action le híoslódáil ar an idirlíon mar PDF. Tá míthuiscint ar a lán daoine faoin mbrí a bhaineann le hAinrialachas. Neamhord, ceaptar, nuair is é a mhalairt atá fíor, ord nua ach an t-ord sin á thógáil aníos seachas ag teacht chugainn anuas.

Seo sliocht as Anarchy in Action le Ward a thugann léargas dúinn ar an bhfealsúnacht sin:
“Daoine is ea ainrialaithe a chruthaíonn fealsúnacht shóisialta agus pholaitiúil as an gclaonadh nádúrtha agus spontáineach atá ag daoine chun teacht le chéile ar mhaithe lena chéile. Go deimhin, is é is ainrialachas ann ná an t-ainm a tugadh don smaoineamh sin go bhfuil sé indéanta agus inmhianaithe go n-eagródh an tsochaí í féin gan rialtas. Ón nGréigis a thagann an focal, focal a chiallaíonn ‘gan údarás’ agus ó aimsir na nGréagach anall bhí daoine a mhol an t-ainrialachas faoi ainm amháin nó ainm eile. An chéad duine sa ré nua-aimseartha chun teoiric chórasach an ainrialachais a chruthú ná William Godwin, go gairid i ndiaidh Réabhlóid na Fraince. D’fhorbair Francach, Proudhon, i lár an naoú haois déag teoiric ainrialaitheach maidir le heagrú na sochaí ina haonaid bheaga a bheadh cónasctha lena chéile ach gan aon chumhacht lárnach ann. Ina dhiaidh sin tháinig réabhlóidí Rúiseach, Michael Bakunin, aimsir Karl Marx agus cogadh na mbó maol eatarthu. Bhain Marx le heite amháin de ghluaiseacht an tsóisialachais, é ag díriú ar chumhacht an stáit agus bhain Bakunin leis an eite eile a bhí ag iarraidh cumhacht an stáit a scriosadh. Bhí Rúiseach eile ann, Piotr Kropotkin, a bhí ag iarraidh bonn eolaíoch a chur faoi nóisean sin an ainrialachais a deir go bhfuil comhar na gcomharsan – comhoibriú deonach – mar chlaonadh ionainn agus é chomh láidir céanna i saol an duine is atá an ionsaitheacht agus an fonn ceannasaíochta…”

2014-02-10

Fógra: Splancscéalta

Ar deireadh thiar thall, tá áthas orm a chur in iúl duit go mbeidh an tsraith SPLANCSCÉALTA á craoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sna seachtainí beaga romhainn.

Beidh an chéad chlár á chraoladh ar an Satharn 15ú Feabhra ag 6.30pm agus beidh athchraoladh ar an Luan ag 6.30am agus arís ar an Satharn dár gcionn ag 7.30am.

Ocht gclár ar fad atá sa tsraith. Tá súil agam go mbeidh deis agat éisteacht leo, ach má chailleann tú aon chlár ná dearmad go mbeidh teacht agat orthu ar do shuaimhneas ar an RTÉ Radio Player.

Tá an liosta iomlán ar fáil anseo.

Angelus Silesius: Im Meer sind viel eins

Viel Körnlein sind ein Brot, ein Meer viel Tröpfelein;
So sind auch unser viel in Gott ein einges Ein.

So many droplets in the sea, in bread so many grains;
So too of our multiplicity, nothing but God remains.

Angelus Silesius
Cherubinischer Wandersmann
Sechstes Buch
        174. Im Meer sind viel eins
English Version Gabriel Rosentock

REVIVALIST TO SURVIVALIST: Confessions of an Irish-Language Partisan

Caint a tugadh ag 25ú Comhdháil an Chraoibhín, Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin,25 Deireadh Fómhair 2013.

Ar fáil anseo:

"Every word is loaded. Every word of the title of this paper is loaded: revivalist; survivalist; confessions; partisan. I hope to unburden this sweet load as I go along.
Revivalist? Yes, Irish turned my head. I became a Revivalist. A Revivalist tends to be an innocent creature, methinks, idealistic, naïve, romantic, hopeful, enthusiastic, generous, impressionable, prone to Utopian fantasies. (As opposed to a diehard language fanatic of whom we shall say nothing.) 
I must confess that in boarding school I became a contrarian, seeing the mob at work, and their cauliflower-eared self-appointed leaders; I vowed to belong to a minority. I saw authoritarianism and corporal punishment at work and thus were sown the seeds of anarchism."

Ar an lá seo 10 Feabhra

Ar an lá seo, 10 Feabhra, 1898, a rugadh an scríbhneoir Marxach Bertolt Brecht.  Tá dánta leis ar fáil sa Ghaeilge:


Bhí tionchar ag Brecht ar an dráma cáiliúil Gaeilge An Triail.

2014-02-09

Subodh Sarkar, an 'Monostich' agus Briathar an Oracail


Im theannta taobh le scrín in Ashram Vinoba san India tá Subodh Sarkar, file agus ollamh as Beangál. D'aistrigh mé dán aon líne leis go Gaeilge:

agus an ghealach i do sheomra leapa, deineadh solas dínn araon

Dála an haiku, is dóigh le daoine áirithe nach bhfuil faic sa dán aon líne nó go bhféadfadh duine ar bith dán aon líne a chumadh gan dua. Ní thagaim leo. Tá an-mheas agam ar an dán aon líne, nó an 'monostich' mar a thugtar sa Bhéarla air, agus bíonn an-éifeacht leis má chumtar i gceart é.
Faightear an dán aon líne i litríocht na gCeilteach agus i ráitis Oracal Dheilfe.
Comhairle uaithi:

"Bíodh do nádúr féin seachas comhairle ó éinne eile mar threoir agat."

Sin é Briathar an Oracail.

Ar an lá seo 9 Feabhra

Ar an lá seo 9 Feabhra, 1923, rugadh Breandán Ó Beacháin. Cuntas anseo ina thaobh

Agus scata físeán anseo:


Tá tamall maith ann ó léirigh Amharclann na Mainistreach dráma leis, nach bhfuil? An bhfuil sé ró-'náisiúnta' don amharclann náisiúnta?

2014-02-08

Wendell Berry: Na Géanna Fiáine

The Wild Geese

Horseback on Sunday morning,
harvest over, we taste persimmon
and wild grape, sharp sweet
of summer's end.  In time's maze
over the fall fields, we name names
that went west from here, names
that rest on graves.  We open
a persimmon seed to find the tree
that stands in promise,
pale, in the seed's marrow.
Geese appear high over us,
pass, and the sky closes.  Abandon,
as in love or sleep, holds
them to their way, clear,
in the ancient faith: what we need
is here.  And we pray, not
for new earth or heaven, but to be
quiet in heart, and in eye
clear.  What we need is here.
~ Wendell Berry ~
(Collected Poems 1957-1982)

Na Géanna Fiáine

Ar muin capaill maidin Domhnaigh,
an fómhar istigh, blaisimid de na dátphlumaí
is de na caora fíniúna fiáine, géar, milis,
is an samhradh thart. I gcathair ghríobháin an ama
thar ghoirt an fhómhair anonn, ainmnímid na hainmneacha
a chuaigh siar, ainmneacha ina luí
ar leaca uaighe. Osclaímid síol
dátphluma is cad atá ann ach crann
ina gheallúint, mílítheach i smior an tsíl.
Nochtann géanna go hard os ár gcionn.
Gabhann tharainn, an spéir á hiamh. Tréigean,
sa ghrá abair nó sa suan, a choinníonn
ar an ród iad, glé,
sa chreideamh ársa: tá a bhfuil uainn
anseo. Agus guímid ní ar mhaithe
le domhan nua ná neamh, ach a bheith
ciúin sa chroí agus glé
sa tsúil. Tá a bhfuil uainn anseo.

Ar an lá seo, 8 Feabhra

Ar an lá seo, 8 Feabhra, 1921, cailleadh Pjotr A. Kropotkin.
“Is le gach éinne gach aon ní!”

Is mana an-simplí ach an-réabhlóideach é sin, mana bunúsach. Nach ea? Sa chéad sliocht eile, tugann an Prionsa Kropotkin cúlra ársa an ainrialachais dúinn:
“Ba é an té is fearr a a mhínigh fealsúnacht an ainrialachais sa tsean-Ghréig ná Zeno na Créite (342 -267 R. Ch), bunaitheoir an Stóchais… Dhiúltaigh seisean d’uilechumhacht an Stáit, dá idirghabháil agus dá rialacháin, agus d’fhógair flaitheas dhlí morálta an duine aonair – agus thug sé faoi deara, fiú amháin, cé go dtreoraíonn an instinn riachtanach sin chun féinchaomhnaithe  i dtreo an leithleachais sinn, fós féin ceartaíonn an nádúr é sin trí instinn eile a thabhairt don duine – is é sin, an chuideachtúlacht. Nuair a bheidh daoine sách réasúnta chun a n-instinní nádúrtha a leanúint, aontóidh siad le chéile thar gach aon teorainn agus cruthóidh an Cosmas. Ní bheidh gá acu le cúirteanna dlí ná le póilíní, ní bheidh teampaill acu ná adhradh poiblí agus ní bheidh airgead in úsáid acu – san áit a bhfuil an malartú sin beidh bronntanais saor in aisce ann.”

 “Ní thuilleann an dlí meas an duine. Níl aon mhisean aige a thabharfadh daoine chun sibhialtachta; an t-aon aidhm amháin atá aige ná an dúshaothrú a chosaint.”

 “Péacann smaointe nua gach áit, ag iarraidh iad féin a bhrú chun cinn i dtreo an tsolais; gach áit cuireann an táimhe ina n-aghaidh, táimhe na ndaoine sin arb é a leas é an seanord a choinneáil; múchtar iad in atmaisféar plúchta na claontachta agus an traidisiúin.”

2014-02-07

A Thiarna, i Do ghlóir shíoraí

Nammalvar
(8ú haois)

Leagan Béarla A. Srinivasa Raghavan
O Lord, infinite in Thy glory,
I have ripened and lost myself
In Thy grace,
Do not change, I pray Thee.
I do not desire freedom from birth,
Nor to be Thy servitor in Heaven.
All the wealth I want
Is not to forget Thee.
A Thiarna, i Do ghlóir shíoraí,
D'aibíos agus chailleas mé féin
I Do ghrásta,
Ná hathraigh, achainím Ort.
Ní mian liom a bheith saor ón mbreith
Ná a bheith i Do shearbhónta ar Neamh.
Níl de shaibhreas uaim
Ach gan Tú a dhearmad.

Ar an lá seo, 7 Feabhra,

Ar an lá seo, 7 Feabhra, 1909, rugadh an tArdeaspag Hélder Câmara.
“I dtigh m’Athar, buailfimid le Búdaithe agus Giúdaigh, Moslamaigh agus Protastúnaigh – agus cúpla Caitliceach, leis, gach uile sheans . . .

2014-02-06

Yun K'an Tzu: Dán Óil Ón 13/14 ú haois

Leagan Béarla: Jerome P. Seaton
Bunteanga: Sínis
(Tá tuilleadh faoi dhánta óil na tréimhse sin anseo: http://poetrychina.net/jps/test.htm)

done with the world
and pure
          as darkness
nothing to hold me
nothing restrain
the old guy here
within the grove
before blue cliffs the
                    moon's companion
mad and singing
drunk and dancing
smashed, polluted with the wine
of endless life

Tá Deireadh Agamsa Leis an Domhan


tá deireadh agamsa leis an domhan
agus mé chomh híon
               leis an dorchadas

cad a chuibhreodh mé
cad a chuirfeadh bac orm
an seanleaid seo
istigh sa gharrán
os comhair na n-aillte gorma
                   compánach na gealaí

glan as mo mheabhair is mé ag canadh
ar mo chaid is mé ag damhsa
basctha, truaillithe ag fíon
na beatha síoraí

BAINEANN GNÍOMHAÍ AR SON NA SÍOCHÁNA PREAB AS AN IAR-AIRE GORMLEY i mBEIRLÍN

Beirlín 6 Feabhra 2014

Bainedh preab as an Iar-Aire John Gormley aréir nuair a cuireadh a chuid bladhmainn ag slógaí frithchogaidh sna nóchaidí i gcuimhne dó. Bhí Gormley díreach tagtha isteach in Aerfort Schönefeld, Beirlín, nuair a labhair Niall Farrell ó Chomhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh leis: "Tusa faoi deara Margaretta D'Arcy a bheith i bpríosún," arsa an gníomhaí leis an Iar-Aire.
D'fhreagair an tIar-Aire go huaibhreach: "Tá aithne agam ar Mhargaretta D'Arcy," ar seisean, faoi mar a mhaolódh sé sin ar chuma éigin na polasaithe ar son Arm Mheiriceá a chuir sé chun cinn fad is a bhí sé sa rialtas, polasaithe a bhí ag teacht salach ar na hóráidí paiseanta uaidh le linn na slógaí frithchogaidh.
Arsa an gníomhaí ar son na síochána ansin leis: "Tá aithne agamsa ar Mhargaretta chomh maith agus bhí mé ar an rúidbhealach ina teannta. Agus is maith is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh faoin mbáisteach ar Shráid Ui Chonaill, Baile Átha Cliath, agus tusa ag geallúint na hoirc is na hairc dúinn agus go mbeadh deireadh le mol míleata SAM in Árfort na Sionainne. Agus cad a dhein tú? A mhalairt ghlan. Níl ionat ach bréagadóir agus cúlpháirtí i ndúnmharú ar scála ollmhór."
Bhánaigh an Gormlach san aghaidh. "Cé thusa?" ar sé. Thug Niall Farrell a ainm dó agus gheall an tIar-Aire nach ndéanfadh sé dearmad ar an ainm sin.
                                                     CRÍOCH

Ar an lá seo, 6 Feabhra,

Ar an lá seo, 6 Feabhra, 1945, rugadh Bob Marley.

Ná Goil, a Bhean Ó

No Woman No Cry


Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó!

Mar-mar-mar is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown
Na fimínigh á dtabhairt faoi ndeara againn – yé –
Ag meascadh leis na dea-dhaoine ann – yé –
Cairde maithe, ó, cuid acu faoin bhfód
Ó shin, a stór, yé
Sa todhchaí seo ná dearmad an t-am fadó,
Triomaigh deoir’ ó inné. Yé.

Ná goil, a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó. Éé , yé!
A stór mo chléibh, ná sil aon deoir
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Sea sea sea is cuimhin liom nuair a shuímis beirt
Sa chlós rialtais úd in Trenchtown, yé
Is lasadh Georgie tine theolaí
Ó sea, connadh a’ dó feadh na hoíche, yé!

Is bhíodh leite bhuí le hithe yé,
Roinninn leat go fial í, yé!
Níl ach cosa agam a ritheann
Agus mar sin ’threabhfaidh mé tríd.
Is mé amuigh –
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart
Beidh gach aon ní í gcóir is i gceart, yé
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart –á
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart, yé!
Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart.

Sea, ná, goil a bhean, ó
Ná goil, a bhean, ó
A stór mo chléibh, a stór mo chléibh, ná sil aon deoir,
Ná goil, a bhean, ó. Éé.
Ná goil a – ná goil a – ná goil, a bhean, ó,
Ná goil a bhean, ó,
Seo an curfá duit, a ghrá –
A stór mo – a stóirín ó, led thoil ná sil deoir –
Ná goil a bhean, ó.

2014-02-05

Dhá Dhán le Wang Wei

Teachín na mBambúnna

I m'aonar sna dlúth-bhambúnna, im shuí
ag seinm ar mo liúit is mé ag crónán dom féin.
Ar fán is ar fuaidreamh, cé a thabharfaidh faoi ndeara mé
ach an ghealach lán is í ag lonrú?

Fál na bhFianna


Níl neach le feiscint i measc na gcnoc tréigthe,
ní chloistear anois ach macalla an chomhrá.
Solas na gréine frithchaite ar ais sa choill
is i ag taitneamh arís ar an gcaonach glas.
Wang Wei

Ar an lá seo 5 Feabhra

Ar an lá seo 5 Feabhra, 1914, rugadh William S. Burroughs.



“Víreas as an gcianspás is ea teanga.”

“Tar éis féachaint amháin a thabhairt ar an bpláinéad seo, déarfadh cuairteoir ar bith ón gcianspás: ‘Teastaíonn uaim labhairt leis an mbainisteoir.’ ”

“Níl slí ar bith fágtha le haghaidh ‘saoirse ó thíoránacht an rialtais’ mar go bhfuil lucht cathrach ag brath air le haghaidh bia, cumhacht, uisce, iompar, cosaint agus leas sóisialta. An ceart chun maireachtáil pé áit is mian leat, le do rogha cairde, faoi dhlíthe a n-aontaíonn tú leo, d’imigh sé sin amach an doras san ochtú haois déag …”
“Cruinne cogaidh is ea an chruinne seo. Cogadh an t-am ar fad. Sin is nádúr na cruinne seo ann. D’fhéadfadh go bhfuil domhain eile ann atá bunaithe ar go leor prionsabal eile, ach is cosúil go bhfuil an domhan seo againne bunaithe ar chogadh agus ar chluichí. Tá gach aon chluiche eascairdiúil. Buaiteoirí agus cailliúnaithe. Feicimid gach áit iad: na buaiteoirí agus na cailliúnaithe . . .”

2014-02-04

Graifítí an Lae: Bernadette Devlin



Dúirt Meiriceánach éigin gurb é an rud is spéisiúla faoi Éire Bheannaithe ná go bhfuil an ghráin ag daoine ar a chéile in ainm Íosa Críost. Agus tá! 

Bernadette Devlin (1947 - )

Ar an lá seo an 4 Feabhra


Ar an lá seo an 4 Feabhra , 2010, cailleadh an fealsamh Kostas Axelos.

Ribíní Buí á Chur ar Chrainn i nGaillimh ar son na Síochána inniu

Beidh ribíní buí á gcur ar chrainn i bhFaiche Mór na Gaillimhe inniu, 4 Feabhra, 1.p.m ag Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh chun iarraidh ar rialtas na hÉireann conair na síochána a shiúl.
Deir urlabhraí thar ceann na Comhghuaillíochta, Niall Farrell, go seasann an nós seo ribín a cheangal ar chrann don éileamh atá ag na síochánaithe:
"Tá cogadh ar siúl ag Éirinn agus ní inniu ná inné a thosaigh sé. Tá an nós seo ribín buí a chur ar chrann chomh Meiriceánach le pióg úll, mar sin féin is deas mar a chuireann sé ár gcuid spriocanna in iúl. Seasann sé mar fháilte roimh phríosúnaigh agus roimh shaighdiúirí atá ag teacht abhaile agus sin é go díreach atá uainn. Is mian linn go scaoilfí saor láithreach Margaretta D'Arcy, príosúnach coinsiasa agus gníomhaí ar son na síochána. Agus is mian linn go bhfillfeadh gach saighdiúir Meiriceánach ar a muintir féin, éirí as cogadh a fhearadh via Árfort na Sionainne agus, go deimhin, gan ionradh a dhéanamh ar thíortha eile is gan daoine a mharú níos mó.
Am lóin, inniu, is mian linn iarraidh ar Ghaillmhigh (agus ar éinne eile) a bheith linn ar an bhFaiche Mór agus ribíní buí a chur ar na crainn chun tathant ar rialtas na hÉireann conair na síochána a shiúl trí Margaretta a ligean amach agus deireadh a chur le ról suaithinseach na hÉireann sa chogaíocht trí mhol míleata SAM a dhúnadh san Árfort."

2014-02-03

Natsume Soseki - The lamp once out


The lamp once out


Natsume Soseki
(1867 - 1916)
an lampa múchta -
réaltaí fionnuara
sa bhfráma fuinneoige
The lamp once out
Cool stars enter
The window frame

Ar an lá seo 3 Feabhra

Ar an lá seo, 3 Feabhra, 1887, rugadh Georg Trakl.

Tá dánta dá chuid ar fáil in aistriúcháin Ghaeilge le Gabriel Rosenstock san leabhar Craorag.

2014-02-02

Ag teacht go luath...

Cuach ó aois eile


Ar ghabhas an chonair seo cheana
cén tírdhreach é seo
cad iad na bláthanna seo go léir is na crainn uile
na bolaithe sin is na dathanna
cuach ó aois eile ag glaoch
rud amháin a aithním
an ciúnas
ciúnas a bhí ionam ón gcéad lá riamh
is a chailleas
thána arís air
ní hea
is é an ciúnas a tháinig ormsa
is fada sa tóir orm é
ag glaoch orm as lár an tosta
ghabhas an chonair seo cheana



Ag teacht go luath ó Coiscéim

Ar an lá seo 2 Feabhra

Ar an 2 Feabhra, 1942, cailleadh an scríbhneoir Rúiseach Daniil Kharms. Bhí Kharms an-tógtha leis an úrscéal Ocras le Knut Hamsun agus an t-ocras ba thrúig bháis dó féin sa deireadh agus é ag meath i bpríosún.

Leabhar Nótaí Gorm #10


Bhí fear rua ann uair amháin agus é gan chluasa gan súile. Ní raibh ribe gruaige ar a cheann mar sin is téarma an-ghinearálta é ‘rua’ sa chás seo. Ní raibh lámha ná cosa aige. Ná srón. Bolg ní raibh aige, ná tóin, ná cnámh droma. Ná ionathar. Ní raibh faic aige! Mar sin, ní léir in aon chor cé atá faoi chaibidil anseo. Go deimhin, ná labhraímis a thuilleadh faoi.

 OoOoOoOoOoOoOoOooooOoOoOOoo


Seanmhná ag Titim


Fiosracht rómhór faoi ndeara é. Thit seanbhean amach as fuinneog. Thit sí ina pleist ar an talamh.

D’fhéach seanbhean eile amach an fhuinneog agus í ag stánadh ar an mbean a thit ach le teann fiosrachta nár thit sise amach as an bhfuinneog, leis.Thit sí ina pleist ar an talamh.

Ansin thit an tríú seanbhean amach an fhuinneog, is an ceathrú seanbhean is an cúigiú seanbhean.

Nuair a thit an séú seanbhean amach as an bhfuinneog, d’éiríos bréan bailithe den scéal. Chuas go dtí an margadh agus dúradh liom go raibh duine éigin tar éis seál lámhchniotáilte a thabhairt do chláiríneach dall.

OoOoOoooooOoOoOoOoOoooooooOoOo 

Na sealgairí


Chuaigh seisear ag seilg lá. Níor tháinig ach ceathrar ar ais.

Chun na fírinne a rá, bhí beirt nár tháinig ar ais.

Tháinig Oknov, Kozlov, Stryuchkov agus Motylkov ar ais slán. Ach cailleadh Shirokov agus Kablukov sa tseilg.

Bhí Oknov an-suaite an lá ar fad agus ní labhradh sé le héinne. Bhí Kozlov ag siúl laistiar d’Oknov agus ní ligfeadh sé as a radharc é, á chrá le gach saghas ceisteanna. Bhí Oknov le ceangal!

Kozlov: Bhfuil fonn tobac ort??

Oknov: Níl!

Kozlov: An rud sin thall, an dtabharfaidh mé  chugat i leith  é?

Oknov: Ná dein!

Kozlov: Ar mhaith leat go n-inseoinn scéal grinn duit?

Oknov: Níor mhaith!

Kozlov: Bhuel, an bhfuil deoch uait? Tá braon tae is cognac anseo agam. 

Oknov: Ní hamháin go ndéanfaidh mé smidiríní de do bhlaosc leis an gcloch seo, táim chun cos leat a shracadh díot chomh maith.

Stryuchkov agus Motylkov: Cad atá ar bun agat? Cad atá ar bun agat?

Kozlov: Tabhair lámh chúnta dom.

Motylkov: Bog breá anois, cneasóidh an chréacht sin.

 Kozlov:Agus cá bhfuil Oknov?

Oknov (Cos Kozlov á sracadh de aige): Táim anseo.

Kozlov: Ó, a thiarcais!

Stryuchkov agus Motylkov: Is cosúil go bhfuil an chos sractha de aige chomh maith!

 Oknov: Sractha de agam agus caite thall ansin!

 Stryuchkov: Tá sé sin uafásach!

Oknov: Hath?

Stryuchkov: ..ásach...

Oknov: Cad dúirt tú?

Stryuchkov: F-fa-ff-faic.

Kozlov: Conas a raghaidh mé abhaile?

Motylkov: Ná bí buartha, déanfaimid cos adhmaid duit.

 Stryuchkov: An mbeifeá in ann seasamh ar leathchos?

Kozlov: Bheinn ach níl aon chleachtadh agam air.

Stryuchkov: Is cuma, tacóimidne leat.

Oknov: Lig dom greim a fháil air.

Stryuchkov: Stop. Fan amach uaidh!

Oknov: Ní fhanfaidh! Lig tríd mé … Lig … Sin an rud a theastaigh uaim a dhéanamh!

Stryuchkov agus Motylkov: Fíorghránna!

Oknov: Há, há, há.

Motylkov: Ach cá bhfuil Kozlov?

Stryuchkov: D’imigh sé isteach sna sceacha!

Motylkov: Kozlov, bhfuil tú ansin?

Kozlov: Glug-glug!

Motylkov: Féach an chuma atá anois air!

Stryuchkov: Cad is ceart a dhéanamh leis?

Motylkov: Bhuel, níl faic is féidir a dhéanamh anois. Feictear domsa gur cheart é a thachtadh. Kozlov! Hé, Kozlov! An gcloiseann tú mé?

Kozlov: Ó, ó, cloisim, ar éigean.

Motylkov: Ná bí buartha anois, a chara, táimid chun tú a thachtadh. Fan soicind, anois! … Táimid i gceart anois.

 Stryuchkov: Beagnach, agus arís! Sin é, sea. Seo leat, beagán níos mó . . .  Anois, sin sin!

 Motylkov: Sin sin mar sin.

Oknov: Go ndéana Dia grásta air!

2014-02-01

Fidléir

Íomhá Yaşar Koç

FIDLÉIR

Tháinig sé amach as a bhothán
sheinn fonn ar an veidhlín
bhí lachain ar an mbóthar
ní fios cá bhfuilid anois
FIDDLER

He came out of his hovel
and played an air on the fiddle
there were ducks on the road
no one knows where they are now

Ar an lá seo 1 Feabhra

1 Feabhra, Lá Fhéile Bríde