2014-07-31

Ar an lá seo 31 Iúil

Ar an lá seo 31 Iúil, 1831, rugadh Helena Blavatsky.
“Níl aon chreideamh níos airde ná an fhírinne ann.”

“Deir na Kabalaigh nach marbh atá an té a adhlactar. Ní bhíonn an bás riamh obann; mar, de réir Heirméas, ní tharlaíonn aon athrú borb sa nádúr. De réir a chéile is ea a tharlaíonn gach aon ní agus faoi mar atá forbairt fhada de réir a chéile ag teastáil ón duine beo, bíonn gá le ham chomh maith chun go n-imeodh an bheocht as an gconablach. ‘Ní fhéadfadh an bás a bheith ina fhíor-chríoch faoi mar nach bhféadfadh an bhreith a bheith ina fíor-thús. Cruthaíonn an bhreith go raibh neach ann roimhe sin agus cruthaíonn an bás an neamhbhásmhaireacht’, mar a deir an Kabalach Francach.” [Eliphas Levi].

“Ní marbh atá an duine agus é fuar, righin, gan chuisle, gan anáil, agus fiú amháin comharthaí lobhaidh le léamh air; ní marbh atá sé agus é adhlactha, ná ina dhiaidh sin, go dtí go sroichtear pointe áirithe. Is é an pointe sin ná nuair a bheidh na baill bheatha chomh lofa sin dá séidfí anáil arís iontu nach mbeidís in ann a gcuid gnáthfheidhmeanna a chur í gcrích . . .”

“I Leabhar Heirméas, Pimander, faightear go soiléir aonchiallach an teagasc go léir faoin Tríonóid a nglacann Críostaithe leis. ‘Mise an solas,’ arsa Pimander, an Smaoineamh Diaga. ‘Is mé an nous nó an mheabhair, agus is mise do dhia agus is sine i bhfad mé ná an prionsabal daonna a éalaíonn ón scáth. Síol an smaoinimh atá ionam, an Briathar soilseach, Mac Dé. Smaoinigh gurb é Verbum an Mháistir an tsúil agus an chluas ionat, agus Dia ár nAthair é sin… Aigéan neimhe, an tÉitear a ghluaiseann aniar, Anáil an Athar é, Prionsabal na beatha, an Naomhspiorad.’ Mar nílid scartha óna chéile agus is é an bheatha é a n-aontas.”

Smaoineamh an Lae

Dá mbeifeá in ann é a rá i bhfocail ní bheadh aon ghá le péint.
Edward Hopper, péintéir

2014-07-30

PREASEISIÚINT: STÁDAS POLAITIÚIL Á ÉILEAMH AG NIALL FARRELL

Tá scríofa ag Niall Farrell ón ngrúpa síochána Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh chuig an Aire Dlí is Cirt, Frances Fitzgerald, T.D., agus é ag éileamh go gcaithfí leis mar phríosúnach polaitiúil nuair a chuirfidh sé tús le tréimhse coicíse sa charcair ar an Aoine bheag seo.

Seo thíos an litir uaidh ina luann sé an prionsabal tábhachtach a fógraíodh in Nuremberg sa bhliain 1945.

30 Iúil 2014
Dear Frances Fitzgerald,

I am writing in relation to my impending imprisonment in Limerick Gaol for having apparently "interfered with the proper use" of Shannon airport last Sept 1st (2013). On Friday by telephone the Garda Warrants' Office in Galway informed me that there is a warrant for my arrest to serve two weeks imprisonment as a result of my conviction at Ennis District Court in June 2014. I have arranged to be arrested this coming Friday on my return from having been abroad.

I wish to make it clear that my so-called offence was political, not criminal. I am therefore calling on you to have me treated as a political prisoner, while I am very briefly in jail. By sending me to Limerick Prison to serve this sentence I believe the Irish state is not only trying to criminalise me, but also criminalise the Peace Movement in Ireland.

My actions at Shannon airport were specifically to oppose the continuing criminality taking place there. On a daily basis for some 13 years the US military has transported millions of troops and unknown quantities of weaponry to warzones – the result has been the deaths of at least one million innocent people and the destruction of once successfully functioning societies. Indeed, as I write cargoes of death that have travelled freely through Shannon airport or Irish airspace are raining down in an act of genocide on the helpless people of Gaza.

It is not I who is the criminal, rather those in the Irish state who have willingly been an accessory to these crimes against humanity carried out via Shannon airport and Irish airspace by the US war machine and its proxies.

I believe in the principle declared at Nuremberg in 1945: "Individuals have international duties which transcend the national obligations of obedience. Therefore individual citizens have the duty to violate domestic laws to prevent crimes against peace and humanity from occurring."

Judge Patrick Durcan, who was the trial judge, did not see any relevance in the Nuremberg Principles. But, of course, he wouldn’t , would he? Judge Durcan has good Fine Gael pedigree: a former FG Senator, the election agent of Michael Ring at the last general election, even a former running mate of Enda Kenny, who – lo and behold – elevated him to the bench months after Fine Gael took power.

So, not only was the "offence" committed by Margaretta D'Arcy and myself political, but the judge who tried us, Patrick Durcan, stems from the very Fine Gael elite that allows the criminality at Shannon to continue unimpeded.

In other words, this case for which I am being imprisoned for two weeks is top to bottom political. By sending me to Limerick Prison to serve this sentence the Irish state is attempting to criminalise my peaceful political actions. I cannot and will not accept this. I demand the right to be treated as a political prisoner and if I am not, I will not conform while in jail.

Yours,

Niall Farrell

Ar an lá seo 30 Iúil

Ar an lá seo 30 Iúil, 1811, cuireadh an tAthair Miguel Hidalgo chun báis.

Grá i ndiaidh Grá

Love after Love


The time will come
when, with elation,
you will greet yourself arriving
at your own door, in your own mirror,
and each will smile at the other’s welcome,

and say, sit here.  Eat.
You will love again the stranger who was your self.
Give wine.  Give bread.  Give back your heart
to itself, to the stranger who has loved you

all your life, whom you ignored
for another, who knows you by heart.
Take down the love letters from the bookshelf,

the photographs, the desperate notes,
peel your own image from the mirror.
Sit.  Feast on your life.


~ Derek Walcott ~
(Sea Grapes)

Grá i ndiaidh Grá


Tiocfaidh an t-am
agus beannóidh tú duit féin
go fáilteach ar leac an dorais
i do scáthán féin,
is ríméad oraibh araon,

Á rá, buail fút. Ith.
Beidh grá agat arís don strainséir a bhí ionat.
Roinn fíon is arán ar a chéile. Tabhair an croí
ar ais dó féin, don strainséir a raibh grá aige duit
ar feadh do shaoil, is duine eile curtha agat
ina áit, an strainséir id’ chroí istigh.
Tóg anuas na litreacha grá ón seilf leabhar,

Na grianghraif, na nótaí mire,
scamh d’íomhá féin den scáthán.
Suigh. Déan féasta de do shaol.

2014-07-29

Ar an lá seo 29 Iúil

Ar an lá seo 29 Iúil, 1979, cailleadh Herbert Marcuse
“Tréith a bhaineann leis an tsochaí thionsclaíoch chomhaimseartha níos mó ná riamh ná an gá atá le hobair leamh nach bhfuil riachtanach a thuilleadh.”

“Is mó i bhfad na riamh cumas (intleachtach agus ábhartha) na sochaí comhaimseartha – rud a chiallaíonn gur mó na riamh scóip na sochaí chun smacht a choinneáil ar an duine aonair.”

“Tá an ealaín in ann a teanga féin a labhairt fad agus is beo do na híomhánna a dhiúltaíonn don ord bunaithe agus a chuireann an bhréag air.”

“Is mór an náire é go gcaitear le healaíontóirí ar nós mangairí is go gcaithfear saothair ealaíne a dhíol ar nós gallúnaí.”

Bá Thessaloniki

Fóta-haiga le Angelee Dheodhar (An India)
Comhoibriú le Sarah Thilykou

Haiku a cumadh in Thessaloniki na Gréige
Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

1. Bá Thessaloniki –
    an tú an deireadh, an tú an tús?
    freagair!

2. Bá Thessaloniki –
    cén fáth ar iompaigh
    na faoileáin go léir dubh?

3. Bá Thessaloniki –
    na cóiméid atá feicthe agat
   ar a gcúrsa san fhirmimint!

4. Bá Thessaloniki –
   na scamaill gan áireamh
   a thug barróg duit

5. Bá Thessaloniki –
    lampróga na héigse
    is borradh fúthu

6. Bá Thessaloniki –
    tostanna ina ruathar anuas . . .
    ina bhfaoileáin

7. Bá Thessaloniki –
    nach fada fada
    fada uainn thú   
              
8. Bá Thessaloniki –
    molaimis a chéile
    go héadóchasach

9.  Bá Thessaloniki –
     ghaibhnigh tú na focail seo
     gan trua gan taise

10. Bá Thessaloniki –
      gabhaim buíochas leat
      (óm chroí eachtardhomhanda)

11. Bá Thessaloniki –
      is fada mé ag fiafraí díot –
     an ann duit?

12. Bá Thessaloniki –
     aimsímid a chéile
     i gcrithloinnir na hoíche

13. Bá Thessaloniki –
     ghealais is dhubhais m’anam
     go buan

14. Bá Thessaloniki –
      mo chuid rún Biosántach uile
      ag teacht i mbarr uisce

15. Bá Thessaloniki –
      cé a ghabh ionat ar dtús
      mar a ghaibhaimse ionat?

 
16. Bá Thessaloniki
      iompaithe ina hairgead –
      bronnaim é go léir ar na Romaigh

17. Bá Thessaloniki –
      náire ar an ngealach
      i féin a nochtadh

18. Bá Thessaloniki –
      an cuimhin leat iad?
      saighdiúirí saofa ó Éirinn




19. Bá Thessaloniki –
     ghabh long na n-amadán tharam
     gan mé
 
20. Bá Thessaloniki –
      níos doimhne ná smaointe
      ná briathra

21. Bá Thessaloniki –
     dú-uiscí ag muirniú
     na siollaí seo

22. Bá Thessaloniki –
      cogar sa teanga ársa –
      imíonn fíor na spéire as radharc

23. Bá Thessaloniki
      dubh ar fad –
      cén chamhaoir atá romhainn?

24. Bá Thessaloniki –
      conas slán
      a rá?

ΘΕΣΣΑΛΟΝΙΚΗ

1. Θεσσαλονίκη –
     αρχή είσαι ή τέλος;               
    - απάντησέ μου!


2. Θεσσαλονίκη –
    γιατί γλάροι στα νερά           
    έγιναν μαύροι;


3. Θεσσαλονίκη –
    πόσους κομήτες είδες                 
    ουρά ουρανού


4. Θεσσαλονίκη …                         
    σύννεφα, αμέτρητα       
    να σ’ αγκαλιάζουν


5. Θεσσαλονίκη –
    της ποίησης έρχονται         
    πυγολαμπίδες


6. Θεσσαλονίκη –
    βουτάνε στα νερά σου                    
    γλάροι της σιωπής


7. Θεσσαλονίκη,                            
    πόσο μακριά, πολύ              
    μακριά μου είσαι


8. Θεσσαλονίκη –
    όλοι μαζί ας πιούμε                      
    απελπισμένα


9. Θεσσαλονίκη –
    σφυρηλατείς τις λέξεις,
    ανελέητα

10. Θεσσαλονίκη –
      ουράνια η καρδιά μου
      σε ευχαριστεί!


11. Θεσσαλονίκη –
      πολύ αναρωτιέμαι –
      άραγε υπάρχεις;


12. Θεσσαλονίκη –
      βρισκόμαστε στης νύχτας
      τις αναλαμπές


13. Θεσσαλονίκη –
      για πάντα την ψυχή μου
      μαύρισες στο φως


14. Θεσσαλονίκη –
      βυζαντινά μου όλα
      μυστικά στο φως!


15. Θεσσαλονίκη –
      ποιον δέχτηκες απόψε
      πριν από μένα;


16. Θεσσαλονίκη
      ασήμι στα νερά σου –
      όλα στους Ρομά


17. Θεσσαλονίκη –
      κρύβεται απόψε
      αιδήμων η σελήνη


18. Θεσσαλονίκη –
      θυμάσαι ανόητους
      φαντάρους Ιρλανδούς;


19. Θεσσαλονίκη –
      περνά τρελό το πλοίο
      χωρίς εμένα


20. Θεσσαλονίκη –
      απ’ τη σκέψη πιο βαθιά
      από τις λέξεις


21. Θεσσαλονίκη –
      τις σκέψεις αγκαλιάζουν
      νερά σου μαύρα


22. Θεσσαλονίκη –
      ψίθυρος παλιός –
      οι ορίζοντες σβήνουν


23. Θεσσαλονίκη
      μαύρα τα νερά –
      ποια αυγή μας περιμένει;


24. Θεσσαλονίκη
      πώς να μπορέσω
      το αντίο να σου πω;

In Aimsir Dhuairc

In aimsir dhuairc sea a thagann radharc don tsúil
is castar orm mo scáil i measc il-scáthanna;
macalla uaim á fhógairt féin sna coillte –
tiarna an dúlra ag caoineadh os comhair an chrainn,
mé beo idir chorr-réisc is dreoilín
ainmhithe na gcnoc is nathracha istigh san uaimh.

Cad is gealtacht ann ach uaisleacht anama
as tiúin lena bhfuil ann? Tá an lá trí thine!
Is eol dom úire an éadóchais úir,
mo scáth tairneáilte le falla an allais.
An áit úd i measc na gcreag, an pluais
nó conair chasta í? Agamsa an faobhar.

Stoirm sheasta na gcomhfhreagairtí!
sníomh na n-ealtan oíche, an ré ina sraoill,
is meán oíche ann arís i lár an lae ghléigil!
Is fada an t-aistear é chun teacht ort féin –
bás an fhéin, oíche fhada gan deoir
gach cruth nádúrtha ina laom thar fóir.

Duairc duairc mo sholas-sa, is duairce fós mo dhúil.
M’anam ina cuil mhire ag teas an tsamhraidh,
fós ag crónán ar leac na fuinneoige. Cén mise é mise?
Neach a thit, seo ag dreapadh as m’eagla mé.
An aigne ag dul isteach inti féin, Dia san aigne,
an t-aon mar Aon, saor, an ghaoth réabtha.

Theodore Roethke In a Dark Time
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock

2014-07-28

CUIRFEAR AN GNÍOMHAÍ AR SON NA SÍOCHÁNA, NIALL FARRELL, i mBRAIGHDEANAS AR AN AOINE,LÁ LÚNASA

Táthar chun Niall Farrell ó Chomhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh a ghabháil ar an Aoine beag seo, Lá Lúnasa, nuair a thiocfaidh sé abhaile ón gcoigríoch agus cuirfear go Príosún Luimnigh é i ndiaidh dó páirt a ghlacadh in agóid síochána i dteannta Margaretta D'Arcy ar rúidbhealach Aerfort na Sionainne i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite. I mí an Mheithimh fuarthas ciontach iad as "cur isteach ar cheartúsáid" Aerfort na Sionainne agus cuireadh pianbhreith (coicís) ar fionraí orthu agus fíneáil €100. Dhiúltaigh an bheirt acu an fhíneáil a íoc agus dhiúltaigh siad chomh maith an banna síochána mar a thugtar air a shíniú agus chaith Ms D'Arcy tréimhse i bpríosún ó shin toisc nár chloígh sí le rialú Chúirt Dúiche na hInse.

D'eagraigh D'Arcy (80) agus Farrell (61) an agóid síochána ar an 1 Meán |Fómhair 2013 nuair a bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na Stáit Aontaithe chun cogadh a fhearadh ar an tSiria. Bhí an bheirt ghníomhaithe páirteach in eachtra den sórt céanna ar an 7 Deireadh Fómhair 2012, aon bhliain déag go díreach tar éis do na Stáit Aontaithe cogadh a fhearadh ar an Afganastáin. Bhí an bheirt in aghaidh úsáid Aerfort na Sionainne ag arm Mheiriceá. Chaith Ms D'Arcy beagnach 10 seachtaine i bpríosún dá dheasca sin.

Bhí an Garda Síochána i dteagmháil le Niall Farrell agus tá seisean sásta bualadh leo gar don dealbh de Liam Ó Maoilíosa, An Fhaiche Mhór, Gaillimh, ar an Aoine bheag seo, Lá Lúnasa, 1.30 p.m..

Is mian le Comhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh ócáid ghairid síochána a eagrú ar 1pm os comhair na deilbhe. Bhí Liam Ó Maoilíosa (Liam Mellows) ina cheannaire ar Éirí Amach 1916 sa Ghaillimh agus an domhan ag smaoineamh i mbliana ar an gCéad Chogadh Domhanda a tharla céad bliain ó shin, an "cogadh a chuirfeadh deireadh le gach cogadh".

AN tÁR in GAZA - AN CEANGAL LE hÁRFORT NA SIONAINNE


I ráiteas a d'eisigh an Chomhghuaillíocht, deir Niall Farrell: 
"An tseachtain seo caite, theip ar stát na hÉireann tacú le fiosrúchán coireanna cogaidh de chuid na Náisiún Aontaithe ar an ár in Gaza. Téann Rialtas na hÉireann i gclaonpháirt go seasta leis an smachtú míleata a dhéanann SAM/Iosrael ar an bpobal Palaistíneach. Sa bhliain 2006 tugadh héileacaptair Apache trí Aerfort na Sionainne agus iad ar a mbealach go hIosrael. Theip ar na húdaráis eitleán míleata ar bith de chuid SAM a chuardach, rud a chiallaíonn go bhfuil trealamh míleata den saghas seo ag imeacht gan bhac tríd an aerfort.
 "Rud aisteach faoin scéal seo ná gur baineadh leas as an Acht um Aerloingseoireacht chun mé féin agus Margaretta a dhaoradh, an tAcht céanna a ligeann don Stát gach aon aerárthach a thuirlingíonn ar Aerfort na Sionainne a chuardach. Ní dhéanann Rialtas na hÉireann cuardach ar bith, áfach, le hómós do Washington. Caithfear na Teachtaí Dála Clare Daly agus Mick Wallace a mholadh as an iarracht a dheineadar an tseachtain seo caite ar cheart dlíthiúil phobal na hÉireann a chur i bhfeidhm chun eitleáin mhíleata SAM ar thalamh na hÉireann a chuardach.

 “Is ceart agus is cuí an ócáid síochána seo a eagrú os comhair dhealbh Uí Mhaoilíosa ar an Aoine agus sinn ag cuimhneamh ar an ár impiriúil a bhí sa Chéad Chogadh Domhanda. Is é a bhí in Éirí Amach 1916, agus Ó Maoilíosa i gceannas air i nGaillimh, éirí amach in aghaidh flaitheas agus forlámhas na Breataine agus in aghaidh rannpháirtíocht na hÉireann i gcogadh impiriúil. Le trí bliana déag anuas tá Éire páirteach i gcoimhlintí impiriúla mídhleathacha via Aerfort na Sionainne agus aerspás na hÉireann. Anuas air sin, tá ár bhFórsaí Cosanta féin gafa anois le forghabháil na hAfganastáine agus Mhailí. Táimidne comhpháirteach sna cogaí sin, ár lámha smeartha le fuil milliún duine ar a laghad agus páirt againn sa "ghéilleadh urghnách", i bhfocail eile cúlpháirtithe sinn i gcéasadh agus i bhfuadach. Sa chomhthéacs sin níl dlí ar bith briste agamsa, ag Margaretta D'Arcy, Clare Daly ná ag Mick Wallace, ní hea ach is ag seasamh atáimid leis an dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

"Níl sna gníomhaíochtaí seo ar son na síochána atá ar siúl agam féin agus Margaretta ach iarracht bheag éigin ar sheasamh a ghlacadh ar son na bprionsabal frithimpiriúla sin a bhí ag na daoine a d'éirigh amach sa bhliain 1916 chun Poblacht Éireannach a bhaint amach, Poblacht a mbeadh polasaí eachtrach frithimpiriúil aici."

Ar an lá seo 28 Iúil

Ar an lá seo 28 Iúil, 1750, cailleadh Johann Sebastian Bach

Guthanna Síoraí

Grianghraf: George Charles Beresford
Grianghraf: John Minihan

EVERLASTING VOICES

Guthanna Síoraí 

Amharclann Samuel Beckett, 
Coláiste na Tríonóide, BÁC 
Máirt 12ú - Satharn 16ú Lúnasa, 1.10 & 4pm 
€12/10 (Fad: 50 nóiméad) 

Filíocht le triúr dár nDuaiseoirí Nobel, W. B. Yeats, 

Seamus Heaney agus Samuel Beckett. 


Seó spleodrach ilmheánach á chur i láthair ag aisteoirí, ceoltóirí is damhsóirí. 

Tristan Rosenstock an Stiúrthóir 

An Mheitheal: Enda Reilly, Megan Kennedy, Clódagh Nic Gabhann & Cathal Quinn 

Ceol is filíocht i nGaeilge agus i mBéarla 

Aistriúcháin le Gabriel Rosenstock 

TICÉID: Guthán: 01 8962461 www.tcd.ie/beckett-theatre
Grianghraf: Kevin Abosch

2014-07-27

Gaza

clúdaíonn sí
súile na bábóige
seachas a súile féin -
páiste in Gaza
is gach rud feicthe aici faoin ngréin

Ar an lá seo 27 Iúil

Ar an lá seo 27 Iúil, 1689, troideadh Cath Raon Ruairidh (The Battle of Killiecrankie).

The Braes o’ Killiecrankie

Leagan James Hogg

Whare hae ye been sae braw, lad?
Whare hae ye been sae brankie, O?
Whare hae ye been sae braw, lad?
Came ye by Killicrankie, O?

Curfá

An ye had been whare I hae been,
Ye wadna been sae cantie, O;
An ye had seen what I hae seen,
I' the braes o' Killicrankie, O.

I faught at land, I faught at sea,
At hame I faught my auntie, O;
But I met the devil and Dundee
On the braes o' Killicrankie, O.
(Curfá)

The bauld Pitcur fell in a furr,
And Clavers got a clankie, O,
Or I had fed an Athol gled
On the braes o' Killicrankie, O.
(Curfá)

O fie, Mackay, what gart ye lie
I' the bush ayont the brankie, O?
Ye'd better kiss'd King Willie's loof,
Than come to Killicrankie, O.
It's nae shame, it's nae shame,
It's nae shame to shank ye, O;
There's sour slaes on Athol braes,
And deils at Killicrankie, O.

2014-07-26

ORDUITHE REATHA

Glaonn siad anois orainn
sula dtiteann na buamaí.
Glaonn an guthán
agus deir duine a bhfuil mo chéadainm
ar eolas aige
deir sé agus togha na hAraibise aige:
"David anseo."
Agus deirimse liom féin
agus támhnéal na dtormán sonach
agus smidiríní na siamsaí gloine
ina raic istigh im cheann:
“An bhfuil aithne agamsa ar David
ar bith in Gaza?”
Glaonn siad anois orainn chun a rá
rith.
Tá 58 soicind agat tar éis chríoch
na teachtaireachta seo.
Do thighse an chéad tigh eile.
Féachann siad air mar chúirtéis
de shaghas éigin le linn cogaidh.
Is cuma mura bhfuil aon áit
chun teitheadh ann.
Ní chiallaíonn sé faic
go bhfuil na teorainneacha dúnta
agus nach fiú tráithnín iad do chuid páipéar
ach comhartha go bhfuil príosún saoil romhat
anseo cois farraige.
Is cuma más cúng iad na caolsráideanna
agus go bhfuil níos mó daoine
pacáilte le chéile anseo
ná aon áit eile ar domhan
rith leat.
Nílimid ag iarraidh tú a mharú.
Is cuma mura bhfuil tú in ann
glaoch ar ais orainn is a rá linn
nach id thighse atá na daoine atá uainn
nach bhfuil éinne ann
tú féin is na páistí amháin
agus iad ag liú ar son na hAirgintíne
an builín deireanach aráin
i gcomhair na seachtaine seo
á roinnt acu
ag comhaireamh na gcoinnle ar eagla
go dteipfeadh ar an gcumhacht.
Is cuma má tá páistí agat.
Tá cónaí ort san áit mhícheart
agus anois, seo do sheans, rith,
áit ar bith.
Is cuma
munar leor an 58 soicind sin
chun teacht ar albam do phósta
nó an blaincéad is deise le do mhac
nó na foirmeacha le haghaidh an choláiste
nach bhfuil comhlánaithe i gceart fós ag d’iníon
nó do bhróga
nó chun gach éinne sa tigh a thabhairt le chéile.
Is cuma cad a bhí beartaithe agat.
Is cuma cé thú féin.
Cruthaigh gur daonnaí is ea thú.
Cruthaigh go seasann tú ar do dhá chos.
Rith”

Lena Khalaf Tuffaha

Ar an lá seo 26 Iúil

Ar an lá seo 26 Iúil 1947, rugadh Jaime Semprun

2014-07-25

Ar an lá seo 25 Iúil

Ar an lá seo 25 Iúil, 1905, rugadh an Duaiseoir Nobel Elias Canetti
“Ná húsáid ach focail atá líonta agat le brí nua.”

Ehrgeiz ist der Tod des Denkens.”

“Bás na smaointeoireachta an uaillmhian.”

“Athfhoghlaim an t-iontas.”

Alles, was man vergessen hat, schreit im Traum um Hilfe.

“Gach aon ní atá dearmadta agat, liúnn sé amach sa taibhreamh ag lorg cabhrach.”

“An té a ghéilleann dó féin tachtar é chomh maith is a thachtar an té a ghéilleann do dhaoine eile.”

“Leanann tú ort ag glacadh nóta d’aon rud a thacaíonn le do chuid smaointe – b’fhearr na nithe a bhréagnaíonn is a lagaíonn iad a bhreacadh síos.”

2014-07-23

2014-07-22

Ar an lá seo 22 Iúil

Ar an lá seo 22 Iúil, 1932, cailleadh Errico Malatesta
“Ní theastaíonn uainne, ainrialaithe, daoine a shaoradh; teastaíonn uainn go saorfaidís iad féin.”

“Is é is brí le spiorad an ainrialachais dar liomsa ná an tseintimint an-daonna sin a dhíríonn ar leas an uile dhuine, saoirse agus ceart do chách, comhghuaillíocht agus grá i measc daoine; ní tréith í sin a bhaineann le hainrialaithe amháin ach tréith a spreagann duine ar bith a bhfuil croí na bó ann agus aigne oscailte.”

2014-07-20

Ar an lá seo 20 Iúil

Ar an lá seo 20 Iúil, 1925, rugadh Frantz Fanon
“An dream ar deineadh cos ar bolg orthu, creidfidh siad an rud is measa fúthu féin.”

“Fágann an t-impiriúlachas frídíní lofa ina dhiaidh a chaithfear a bhrath go cliniciúil agus a bhaint den tír agus dár n-aigne chomh maith.”

“Eaglais na ndaoine geala í an Eaglais sna coilíneachtaí, Eaglais na n-eachtrannach. Ní ghlaonn sí ar an bpobal chun slite Dé a leanúint ach chun slite na ndaoine geala a leanúint, slite an mháistir, slite an tíoránaigh.”

“Uaireanta bíonn croí-chreidiúint ag daoine atá an-láidir. Nuair a chuirtear fianaise os a gcomhair a fheidhmíonn in aghaidh na croí-chreidiúna sin, ní ghlactar leis an bhfianaise nua. Chruthódh sé sin mothúchán an-mhíchompordach ar fad ar a dtugtar míréir chognaíoch. Agus de bhrí go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcosnófaí an chroí-chreidiúint, déanfaidh siad réasúnú nó déanfaidh siad neamhaird ar rud ar bith nach dtagann leis an gcroí-chreidiúint.”

“Ó, a cholainn liom, déan duine díom a chuireann ceisteanna i gcónaí!”

2014-07-19

Ar an lá seo 19 Iúil

Ar an lá seo 19 Iúil, 1893, rugadh Vladimir Mayakovsky
Bhí cuid den dán seo san aguisín a bhí lena nóta féinmharaithe:

Tar Éis a hAon a Chlog


Tar éis a haon a chlog. Taoi imithe chun suain ní foláir.
Bealach na Bó Finne ina shruth airgid tríd an oíche go léir.
Níl aon deabhadh orm; ní gá dom tú a dhúiseacht
Ná cur isteach ort le sreangscéalta tintrí.
Agus, mar a deirtear, tá an eachtra thart.

Bhuail bád an ghrá in aghaidh thiaráil an lae.
Táimid beirt cúiteach anois. Cén fáth mar sin
Ár mbuairt araon, ár bpianta is ár gcréachtaí a mheá?
Féach, a leithéid de shuaimhneas a thiteann ar an saol.
An spéir corntha ag an oíche le hómós ó na réaltaí.
Ag móimintí mar seo, sheasfá chun labhairt
Leis na haoiseanna, leis an stair agus leis an gcruinne go léir.

2014-07-18

Ar an lá seo 18 Iúil

Ar an lá seo 18 Iúil, 1937, rugadh Hunter S. Thompson
“Bíonn amanna ann, áfach, agus is am acu sin anois é nuair a mhothaíonn sé mícheart a bheith i gceart. Cad is féidir a rá, mar shampla, faoin nglúin sin ar múineadh dóibh go bhfuil nimh sa bháisteach is bás sa ghnéas? . . . Is ait an mac an saol. Éiríonn daoine áirithe saibhir, daoine eile itheann siad cac agus faigheann bás . . .”

“Maith más ea, má chreideann páistí agus fríceanna aigéid i nDaidí na mBolg – ach is lá thar a bheith mífholláin dóibh siúd a bhfuil post acu é. Rud corraitheach is ea é a fhios a bheith agat go mbeidh duine as scór a chasfar ort um Nollaig ar shlua na marbh an t-am seo an bhliain seo chugainn . . . Tá daoine áirithe in ann glacadh leis sin agus daoine eile nach bhfuil. Sin an fáth ar chruthaigh Dia fuisce …”

“Tá fianaise an-láidir ann a thacódh leis an nóisean gur cuireadh mise agus na póilíní ar an saol seo chun rudaí an-difriúla a dhéanamh agus gan cuimilt lena chéile go proifisiúnta, ach amháin ag ócáidí oifigiúla, nuair a chaithimid go léir carbhat agus nuair a bhíonn craic ar dóigh againn ar nós na mbuachaillí fiáine nádúrtha gealgháireacha is eol dúinn inár gcroí istigh atá ionainn… Is annamh iad na hócáidí sin ach tarlaíonn siad…”

“Is iomaí slí chun ealaín na hiriseoireachta a chleachtadh agus ceann acu sin is ea d’ealaín a úsáid mar chasúr chun na daoine cearta a mhilleadh – is iad do naimhde iad i gcónaí nach mór, ar chúis amháin nó ar chúis eile, agus is ceart iad a chraplú mar tá dul amú orthu. Is nóisean dainséarach é seo agus is beag iriseoir proifisiúnta a thacódh leis – déarfaidís go bhfuil sé “díoltasach” is “tútach” is “contráilte” is cuma cé chomh minic is a dhéanann siad féin an rud céanna. “Níl sa chineál sin stuif ach tuairimíocht,” a deir siad, “agus buailtear bob ar an léitheoir mura bhfuil lipéad na tuairimíochta air.” Bhuel, b’fhéidir é . . .”

“Tá na túir leagtha anois, ina spallaí fola, agus ina dteannta an dóchas go mbeadh Síocháin ann Lenár Linn, sna Stáit Aontaithe nó i dtír ar bith eile. Ná bíodh aon bhreall oraibh: Táimid i gCogadh anois – in aghaidh dream éigin – agus fanfaimid i gCogadh leis an Namhaid mistéireach sin ar feadh an chuid eile dár saol.”

“Sa chéad áit, ní hionann a bheith gafa agus a bheith ciontach. Sa dara háit, athraíonn an dlí ach ní athraímse. Cá seasaimse i dtaca leis an dlí de ag aon am ar leith, braitheann sé sin ar an dlí. Athraíonn an dlí ó stát go stát, ó náisiún go náisiún, ó chathair go cathair. Is dócha go mbeidh orm géilleadh do dhlí níos airde.”

“An rud is urghránna a dhein Hitler riamh, níor chuir sé oiread alltachta orm is a chuir na grianghraif sin ó Abu Ghraib.”

“Níl spéis ag an dream óg sa pholaitíocht, deirtear. An chuid is mó acu ní theastaíonn uathu cloisteáil ina thaobh. Na laethanta seo, ní theastaíonn uathu faic a dhéanamh ach luí thart ar thocht uisce agus an gad-deam marrywanna sin a chaitheamh . . . yé, agus eadrainn féin, Fred, is dócha gurb amhlaidh is fearr é.”

“Tá faighte amach agam má chuirim nithe i scríbhinn go dtuigim iad agus go bhfeicim beagáinín níos oibiachtúla iad … Mar níl i bhfocail ach uirlisí agus má bhaineann tú leas as na cinn chearta d’fhéadfá do shaol a chur in ord fiú, is é sin mura n-inseofá bréaga duit féin agus na focail mhíchearta a úsáid.”

“Ag an nóiméad seo, tá ciaróg atá chomh mór le tóin Dé ar an mbord, thart ar sé orlach ón gclóscríobhán. Is measa é ná aon rud a taibhríodh riamh do Kafka, tá sé chomh mór sin go bhfeicim a shúile agus an clúmh ar a chosa – Íosa Críost, tá sé tar éis léim a thabhairt san aer agus tá sé do mo thimpeallú anois agus seordán bagrach uaidh.”

“Ba é an saghas baile é inar mhothaigh tú ar nós Humphrey Bogart ann: ar eitleán beag corrach a bhainis amach an áit agus, ar chúis aisteach éigin, fuairis seomra príobháideach agus balcóin óna raibh radharc ar an mbaile agus ar an gcuan; ansin, shuigh tú ann agus d’ól go dtí gur tharla rud éigin.”

“Bhí aithne agam ar Bhúdaí uair amháin, agus tá an ghráin agam orm féin ó shin.”

2014-07-17

Ar an lá seo 17 Iúil

Ar an lá seo 17 Iúil, 1959, cailleadh Billie Holiday

TOR AISTEACH

Ait an tor ar na crainn ó dheas,
Fuil ar dhuilleoga, an fhuil faoin teas,
Corpáin ghorma ag luascadh sa ghaoth
Aisteach an tor, ó nach aisteach é.
An saol ó dheas, ó nach é 'tá méith
Súile ag at agus caime an bhéil,
Cumhracht magnóilia, úr isló
Is boladh tobann duine á dhó.
Tor é seo don phréachán dubh
Cnuasaíodh an bháisteach é is an ghaoth inniu,
Á lobhadh faoin ngrian, síos leis sa mhoirt
Tor an-aisteach, tor an-ghoirt.

2014-07-16

Ar an lá seo 16 Iúil

Ar an lá seo 16 Iúil, 1989, cailleadh Nicolás Guillén, file Afra-Chúbach:

Cána

An fear gorm
agus an phlandáil.

An Poncán
ar an bplandáil.

An talamh
faoin bplandáil.

Ár gcuid fola
ag imeacht asainn!

As an leabhar Sóngoro cosongo: poemas mulatos (1931)


Caña


El negro
junto al cañaveral.

El yanqui
sobre el cañaveral.

La tierra
bajo el cañaveral.

¡Sangre
que se nos va!

TENGO

Cuando me veo y toco
yo, Juan sin Nada no más ayer,
y hoy Juan con Todo,
y hoy con todo,
vuelvo los ojos, miro,
me veo y toco
y me pregunto cómo ha podido ser.

Tengo, vamos a ver,
tengo el gusto de andar por mi país,
dueño de cuanto hay en él,
'mirando bien de cerca lo que antes
no tuve ni podía tener.
Zafra puedo decir,
monte puedo decir,
ciudad puedo decir,
ejercito decir,
ya míos para siempre y tuyos, nuestros,
y un ancho resplandor
de rayo, estrella, flor.

Tengo, vamos a ver,
tengo el gusto de ir
yo, campesino, obrero, gente simple,
tengo el gusto de ir
(es un ejemplo)
a un banco y hablar con el administrador, no en inglés,
no en señor,
sino decirle compañero come se dice en español.

Tengo, vamos a ver,
que siendo un negro
nadie me puede deterner
a la puerta de un dancing o de un bar.
O bien en la carpeta de un hotel
gritarme que no hay pieza,
una mínima pieza y no una pieza colossal,
una pequeña pieza donde yo pueda descansar.

Tengo, vamos a ver,
que no hay guardia rural
que me agarre y me encierre en un cuartel,
ni me arranque y me arroje de mi tierra
al medio del camino real.

Tengo que como tengo la tierra tengo el mar,
no country, no jailáif,
no tennis y no yacht,
sino de playa en playa y ola en ola,
gigante azul abierto democrático:
en fin, el mar.

Tengo, vamos a ver,
que ya aprendí a leer,
a contar,
tengo que ya aprendí a escribir
y a pensar
y a reir.
Tengo que ya tengo
donde trabajar
y ganar
lo que me tengo que comer.
Tengo, vamos a ver,
tengo lo que tenía que tener.

Oileán na Rónta (Robben Island)

Níor fhilleadar riamh
ar Robben Island
na rónta sin a thug a ainm
don áit

Stróiceadh an iomarca
dá bhfeoil
tógadh an iomarca
dá gcuid ola
uathu –

níor fhilleadar riamh

They never went back
to Robben Island
those seals that gave it
its name

Too much of their flesh
had been torn
too much of their oil
extracted –

they never went back

2014-07-15

Ar an lá seo 15 Iúil

Ar an lá seo 15 Iúil, 1892, rugadh Walter Benjamin
“Níl i nithe ach mainicíní agus níl i mór-imeachtaí na staire ach cultacha faoina malartaítear sracfhéachaintí ar faic.”

“Cuimhní cinn, na samplaí is scóipiúla fiú amháin, ní hionann iad i gcónaí agus dírbheathaisnéis. Fiú má tá míonna agus blianta ann, táid ann san fhoirm sin a bheadh acu agus iad á dtabhairt chun cuimhne. An fhoirm aisteach sin – bíodh sí neamhbhuan nó síoraí, is cuma – ní de stuif na beatha í.”

“Is mar seo a bhí [haisís] domsa: doicheall suntasach roimh labhairt faoi nithe a bhaineann leis an saol praiticiúil, an todhchaí, dátaí, polaitíocht.”

“Tá comhaontú rúnda ann idir na glúine a chuaigh romhainn agus an ghlúin atá anois ann. Bhíothas ag súil lenár dteacht ar an saol seo. Ar nós glúin ar bith a chuaigh romhainn, bronnadh cumhacht lag Mheisiasach orainn…”

“Es ist niemals ein Dokument der Kultur, ohne zugleich ein solches der Barbarei zu sein.”

“Níl doiciméad na sibhialtachta ann nach doiciméad na barbarthachta san am céanna é.”

“Tá pictiúr de chuid Klee ann dar teideal ‘Angelus Novus’ a léiríonn aingeal agus an chuma air go bhfuil sé ar tí bogadh ó rud éigin ar a bhfuil sé ag machnamh go seasta. Tá na súile ag stánadh, an béal ar leathadh, na sciatháin leata. Is mar seo a shamhlaítear aingeal na staire. Tá an aghaidh dírithe ar an am atá caite. Feicimidne sraith imeachtaí, feiceann seisean catastróf aonair amháin a chaitheann raic i ndiaidh raice ina carn ag a chosa. Ba mhaith leis an aingeal fanacht, na mairbh a dhúiseacht agus an rud atá ina raic a dhéanamh slán arís. Ach tá stoirm ag teacht ó Pharthas; tá an stoirm tar éis dul i bhfostú go borb ina chuid sciathán sa tslí nach dtig leis an aingeal iad a dhúnadh níos mó. Brúnn an stoirm sin isteach sa todhchaí é agus a dhroim léi, agus an carn smionagair os a chomhair á ardú chun na spéire. Dul chun cinn a thugtar ar an stoirm sin.”

“Ní sruth smaointe amháin atá i gceist le smaointeoireacht ach a chosc chomh maith.”

2014-07-14

Focal an Lae: Fuipeal

Bíonn tionchar ag focail orainn. Baineann coincheapa áirithe le focail áirithe. Mura bhfuil an focal áirithe sin againn (fuipeal, abair) níl an coincheap ná an smaoineamh atá laistiar den fhocal sin againn;níl an chumhacht atá sa smaoineamh sin againn. Má tá an focal agat, áfach, (fuipeal, abair) tá an smaoineamh sin agat agus cuirfidh sé le do chumas chun déileáil leis an saol, seans.

Níl an focal ‘fuipeal’ ag Ó Donaill ná ag an Duinníneach, ná ag ár gcara focal.ie ach an oiread. Is é is brí le fuipeal, ar ndóigh, ná ‘whipple’. Go breá, ach cad is brí le whipple? Fuipeal an bhrí atá le 'whipple', ar ndóigh. Focal an-tábhachtach is ea fuipeal. Dá dtuigfinnse an tábhacht a bhaineann le fuipeal seans maith go mbeadh post tábhachtach inniu agam in áit a bheith i mo shuí anseo ag scríobh. Is mar seo a sainmhíníodh ‘whipple’ dom ar líne:
Whipple:To give a good, firm handshake. Often thought about and used before interviews or big meetings. Could determine your chances of receiving your dream job.

‘Before my interview, I practiced my whipple with my friends.’

Ar an lá seo 14 Iúil

Ar an 14 Iúil, 1912, rugadh Woody Guthrie

Is leatsa an tír seo

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír.

Ar bharr Chruach Phádraig i lár na hoíche
Do chuala scéal mór i mbéal na gaoithe
Is ní raibh ann ach seacht bhfocal díreach:
Linne go léir is ea an tír!

Is mé ag siúl liom go Baile Átha Cliath
Ba chasta an bóthar ’bhí ann dar fia:
Do thugas léim mhór thar shruth is altán
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas an bealach ar fad go Teamhair
Is beag nár chuas-sa as mo mheabhair:
Tá léirscrios déanta ar shean-Éirinn
Linne go léir is ea an tír.

Os comhair na Dála do sheasas tamall
Ghabh Teachta tharam is é ina ghamal:
‘Dia dhuit’, ar mé leis, ‘Hello!’ ar seisean
Linne go léir is ea an tír.

Do chuas ag rith as sin im’ ghósta
Sa deireadh bhaineas amach an cósta
Bhí slua romham ann is iad go deorach –
Linne go léir is ea an tír.

Is leatsa an tír seo is liomsa an tír seo
Ó Rinn Ó gCuanach siar go Ciarraí
Ó Oileáin Árann go Geataí Stormont
Linne go léir is ea an tír!

2014-07-13

Craiceann atá i dteanga: cuimlímse mo theanga in aghaidh teanga eile. Tá sé faoi mar a bheadh focail agam seachas méara, nó méara ar bharr na bhfocal agam. Tá mo theanga ar crith le dúil.

Roland Barthes (1915-1980)

Ar an lá seo 13 Iúil

Ar an lá seo 13 Iúil, 2003, cailleadh Compay Segundo

2014-07-12

Ar an lá seo 12 Iúil

Ar an lá seo 12 Iúil, 2010, cailleadh Tuli Kupferberg

Maidin, Maidin

Maidin maidin
Bím an-uaigneach ar maidin
Maidin maidin
Maidin is dobrón

Grian grian
Grian ag gáire ar mo ghnúis
Is an ghlóir atá sa bhorradh:
Táim á lobhadh i mo phluais

Iarnóin iarnóin
Bím an-uaigneach san iarnóin
Iarnóin iarnóin
Iarnóin is dobrón

Gealach gealach
Sámhaíonn sí na cnoic le cúr
Tá mo ghnúis ’na smidiríní
Ag an taitneamh, ag an rún.

Oíche oíche
Ar mo ghruasa, ochón,
Oíche oíche
Faoiseamh níl i ndán go deo

Réaltaí réaltaí
Grámhar mé faoi spéir na seod
Réaltaí réaltaí
Blaisim deora – is do phóg

Smaoineamh an Lae

Ní hé gur mhaith liom a bheith im' dhia nó im laoch. Iompú im' chrann, sin uile, a bheith ag fás ar feadh na gcianta, gan éinne a ghortú.

Czesław Miłosz, (1911-2004)

2014-07-11

Ishihara Yoshiro

Wheat


Let a stalk of wheat
be your witness
to every difficult day.
Since it was a flame
before it was a plant,
since it was courage
before it was grain,
since it was determination
before it was growth,
and, above all, since it was prayer
before it was fruition,
it has nothing to point to
but the sky.
Remember the incredibly gentle wheat stalk
which holds its countless arrows fixed
to shoot from the bowstring --
you, standing in the same position
where the wind holds it.
~ Ishihara Yoshiro ~

(Translated by N. Koriyama and E. Lueders, Like Underground Water)

Ishihara Yoshiro (1915-1977) A student of German and a Christian convert, he began to write poetry seriously after his experience as a prisoner of war: captured by the Soviet Army in Manchuria, he spent eight years in Siberia, released only by the general amnesty given at Stalin's death. He began to write at that time, he said, because he wanted to examine what it means to be a human being.

CRUITHNEACHT

Bíodh dias chruithneachta
ina finné agat
ar gach lá deacair.
De bhrí gur lasair a bhí inti
sula raibh sí ina planda,
de bhrí gur misneach a bhí inti
sula raibh sí ina grán,
de bhrí gur daingne a bhí inti
sula raibh sí ina fás,
níl rud ar bith ar a ndíreodh sí
ach an spéir.
Cuimhnigh ar ghas míorúilteach séimh na cruithneachta
is saigheada gan áireamh aige réidh
le scaoileadh ón sreang bogha –
tusa id’ sheasamh san ionad céanna
i ngreim na gaoithe.

Ar an lá seo 11 Iúil

Ar an lá seo 11 Iúil, 1937, cailleadh George Gershwin

SAMHRADH LINN

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá pinginí ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Agus ná caoin

Maidin go luath
Tosóidh tusa ag canadh
Na heití ar leathadh
Fágfaidh tusa an bhinn

Ach ’dtí an lá sin
Ní gá dhuitse bheith buartha
Beidh daidí is mamaí leatsa, a mhaoin

Samhradh linn!
Is an saol mar ba mhian leat
Éisc ag léimreach
Fásann cadás go mín

Ó, tá pinginí ag Daid
Tá do mháthair an-dathúil
Bí ciúin, a bháibín,
Agus ná caoin

Foilsitheoir na Seachtaine

"AK Press is a worker-run collective that publishes and distributes radical books, visual and audio media, and other mind-altering material. We're small: a dozen people who work long hours for short money, because we believe in what we do. We're anarchists, which is reflected both in the books we provide and in the way we organize our business. Decisions at AK Press are made collectively, from what we publish, to what we distribute and how we structure our labor. All the work, from sweeping floors to answering phones, is shared. When the telemarketers call and ask, "who's in charge?" the answer is: everyone. Our goal isn't profit (although we do have to pay the rent). Our goal is supplying radical words and images to as many people as possible. The books and other media we distribute are published by independent presses, not the corporate giants. We make them widely available to help you make positive (or, hell, revolutionary) changes in the world. As you probably know, the stuff we carry is less and less available from the corporate publishers and their chain stores."

2014-07-10

Ar an lá seo an 10 Iúil

Ar an lá seo an 10 Iúil, 1895, rugadh Carl Orff

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Is minic a cheaptar cruáil lena chéile a bheith coitianta i ríocht na n-ainmhithe ach faightear séimhe agus cineáltacht, leis, ann mar a fuair Issa amach sa haiku gleoite seo ina léirítear fianna agus an sioc á lí acu dá chéile:

poic óga
ag lí a chéile . . .
maidin sheaca

.さをしかやえひしてなめるけさの霜

saoshika ya eishite nameru kesa no shimo

2014-07-09

Santoka Taneda: Clocha sneachta

Hailstones, too,
Enter my begging bowl.


Clocha sneachta, leis,
ag titim im bhabhla déirce


   

-- from Mountain Tasting: The Haiku and Journals of Santoka Taneda, by Santoka Teneda/
English version by John Stevens

Ar an lá seo 9 Iúil

Ar an lá seo 9 Iúil, 1962, cailleadh Georges Bataille
Tá cáil dhomhanda air faoin méid a scríobh sé faoin tsúil (aiste nach féidir a chur ar fáil anseo ar eagla fonn a léite a bheith ar shúil mhaighdeanúil). In áit na súile mar sin, blaisimis d’ordóg na coise:

“ Is í ordóg na coise an chuid is daonna den cholainn dhaonna, sa mhéid nach bhfuil aon chuid eile den cholainn chomh difreáilte ón gcuid chéanna sin atá ag an ápa antrapóideach (simpeansaí, goraille, órang-útan, nó giobún). An chúis atá leis sin ná go gcónaíonn an t-ápa i measc na gcrann ach go mbogann an duine thart gan breith ar ghéaga, ós crann é féin anois, i bhfocail eile, tá sé tar éis é féin a ardú san aer mar chrann, agus is áille é de thoradh a ardaithe. Anuas air sin, feidhm na coise ná bonn ceart a chur faoin éirí nó faoin seasamh sin a bhfuil an duine chomh bródúil sin as (éiríonn ordóg na coise as breith ar ghéaga agus leagtar ar an talamh í ar an leibhéal céanna leis na méara eile) . . .
***

Cuireann a chos alltacht rúnda ar an duine agus sin ceann de na cúiseanna a gceiltear fad agus foirm na coise chomh mór agus is féidir. Baineann sála arda a bheag nó a mhór, ag brath ar ghnéas an chaiteora, ár n-aird ó nádúr íseal na coise ar an talamh.

Lena chois sin, is minic a shamhlaítear an míshuaimhneas sin le míshuaimhneas gnéasach; tugtar sin faoi deara thar aon dream eile i measc na Síneach, an dream is mó a bhfuil lé acu leis an gclaonaíocht seo, dream a dhéanann cosa na mban a sheargadh. Níl cead ag an bhfear céile féin cosa nochta a chéile a fheiceáil agus níl sé ceart ná cuí féachaint ar chosa na mban i gcoitinne. An t-athair faoistine féin sa tSín, á chur féin in oiriúint don saobhadh seo, fiafraíonn sé den aithríoch, ‘Ar fhéachais ar chosa mná?’

Faightear an saobhadh céanna i measc na dTurcach (Turcaigh Volga, Turcaigh na hÁise Láir) atá den tuairim go bhfuil sé mímhorálta do chosa nochta a thaispeáint. Caitheann siad stocaí sa leaba.”

Agus mar sin de go heireaball siar!

2014-07-08

Octavio Paz: Níl a thuilleadh clíséanna uainn

("Less Talent, More Skin" -- a CNN headline about the Miss America pageant)
 

No More Clichés

 
Beautiful face
That like a daisy opens its petals to the sun
So do you
Open your face to me as I turn the page.

Enchanting smile
Any man would be under your spell,
Oh, beauty of a magazine.

How many poems have been written to you?
How many Dantes have written to you, Beatrice?
To your obsessive illusion
To your manufactured fantasy.

But today I won't make one more Cliché
And write this poem to you.
No, no more clichés.

This poem is dedicated to those women
Whose beauty is in their charm,
In their intelligence,
In their character,
Not in their fabricated looks.

This poem is to you women,
That like a Shahrazade wake up
Everyday with a new story to tell,
A story that sings for change
That hopes for battles:
Battles for the love of the united flesh
Battles for passions aroused by a new day
Battles for the neglected rights
Or just battles to survive one more night.

Yes, to you women in a world of pain
To you, bright star in this ever-spending universe
To you, fighter of a thousand-and-one fights
To you, friend of my heart.

From now on, my head won't look down to a magazine
Rather, it will contemplate the night
And its bright stars,
And so, no more clichés.
 
~ Octavio Paz ~
 
(Selected Poems)
 
 

Níl a thuilleadh clíséanna uainn


Aghaidh álainn
Ar nós nóinín a osclaíonn a chuid peiteal don ghrian
Osclaíonn tusa
D’aghaidh domsa agus an leathanach á chasadh agam.

Miongháire aoibhinn,
Cá bhfuil an fear nach mbeadh faoi dhraíocht agat,
A spéirbhean na hirise, ó.

Cad iad na laoithe a cumadh duit?
An mó Dante a chuir peann le pár, a Bhé?
Dod’ sheachmall dúghafa
Do d’fhantaise mhonaraithe

Ach ní chuirfeadsa leis na clíséanna
Sa dán seo duitse.
Deireadh go deo le clíséanna.

Tá an dán seo tiomanta do na mná sin
Arb í an ghrástúlacht a n-áilleacht,
An mheabhair chinn,
An dea-chlú
Seachas a gcló saorga.

Daoibhse an dán seo, a mhná
A dhúisíonn gach maidin in bhur Seithearasáid daoibh
Is scéal nua agaibh le hinsint,
Scéal a chanann an claochló
Agus dúil sa chaismirt:
Caismirt ar son ghrá na colainne san aon
Caismirt ar son na bpaisean a ndúisíonn lá nua iad
Caismirt ar son na gceart gan aird
Nó caismirt díreach chun teacht as oíche eile slán.

Sea, daoibhse, a bhantracht i ndomhan péine
Duitse, réalta eolais na cruinne ata á caitheamh de shíor
Duitse, trodaí cath is míle
Duitse, a chara mo chléibh.

As seo amach ní cromtha os cionn irise a bheidh an ceann seo
Ach ag machnamh ar an oíche
Is ar na réaltaí geala,
Mar sin, deireadh go deo le clíséanna.

Ar an lá seo 8 Iúil

Ar an lá seo 8 Iúil, 1681, cailleadh Georg Neumark

2014-07-07

Margadh na Míol in Valparaíso: REVIEW BY LIAM CARSON

Gabriel Rosenstock, 
translations by Paddy Bushe and the poet. 
Cló Iar-Chonnacht; 
448pp; €15 pb; 
978-1-909367-74-6
 

REVIEW BY LIAM CARSON (Books Ireland, Eagrán an tSamhraidh 2014)


Sometimes one’s reading dovetails in the most curious  ways. Whilst reading Gabriel Rosenstock’s new selected poems Margadh na Míol in Valparaíso/The Flea Market in Valparaíso, I was also reading Ursula Le Guin’s Tales of Earthsea, in which wizards are shape-changers (taking on the forms of various animals, such as otters or birds); and in which magic relies on the use of  the ‘old language’. Wizards are entrusted with keeping the balance of nature, their philosophy Taoist in nature. These are the themes at the heart of Rosenstock’s poetry.

Gabriel Rosenstock is a shape-changer poet. He is both everywhere and nowhere. He has published some 170 books – travelogues, poetry, novels, collections of haiku, not to mention translations into Irish of, among others, Bob Dylan, Jack Kerouac, Rabindranath Tagore, Günter Grass, Zhang Ye, Georg Trakl and Janak Sapkota. More than any other Irish poet, Rosenstock transcends national boundaries. Pádraig de Paor has suggested that, for Rosenstock, ‘the Irish language is the quickest route out of a self-obsessed Ireland to a cosmopolitanism beyond Anglo-Irish navel-gazing’.

Rosenstock’s ceaseless output has, almost paradoxically, the effect of rendering him invisible. Just as a literary editor is wondering what do with his latest book, he or she will doubtless find another five review copies landing on the desk. But one might as well ask Rosenstock to stop breathing as to slow down his output.  What is misunderstood is the nature of Rosenstock’s literary mission. Máirín Nic Eoin has suggested that his work is best seen as an ongoing project, a vast weave of poetry that draws on all manner of sources.

Rosenstock, as is well known, is one of the Innti generation of poets that included Liam Ó Muirthile, Michael Davitt and Nuala Ní Dhomhnaill. ‘Innti’ means ‘in her’, and quite apart from any obvious sexual pun, it alludes to being ‘in language’. Or, one might suggest, ‘in the groove’. Rosenstock is very much in the groove of his chosen language, Irish. In this volume’s introduction, Cathal Ó Searcaigh notes that Rosenstock ‘has learned much from the Gaelic tradition: the clear-sighted clarity of early Irish nature poems; the exquisitely fabricated interplay of sound and rhythm, assonance and alliteration of bardic poems; the thrilling sonority, the loops and whorls of sound of 18th century love poems’.

At times, Rosenstock imagines Irish literally speaking to him, and it is clear that the language itself is the muse. In ‘Konzipierung’ (‘Coincheap’), Irish declares its lack of faith in the word ‘coincheap’ (‘concept’), and rails against ‘Kant, Schopenhauer and Nietzsche’, telling the poet to ‘grab hold of some metaphor, a wren, let’s say, or a flea’. Or in Irish:
 
‘Tarraing meafar éigin chugat féin,
Dreoilín, abair, nó dreancaid…’

The question of the Irish language and its marginal and often despised position in Irish society inevitably surfaces in many of Rosenstock’s poems. There’s the tour-de-force of ‘Mustanbih’  (‘An Arabic word for a Bedouin who entices dogs to bark by imitating them, especially when he is lost in the desert at night trying to find a camp – perhaps his own camp. Often it’s not a dog but another lost Bedouin who answers him’):
 
Nach aisteach í teanga seo an ghadhair
ná tuigeann na gadhair féin í!
Tuigid… tuigid…ach tá bodhaire Uí Laoire orthu.
 
(‘Bizarre, isn’t it, this hound-language/that the hounds themselves can’t follow!/Follow they could… but they don’t want to hear.’)


Then there is the lovely ‘Is Tú an Ghaolainn’ (‘Irish’), in which he imagines the language as a deity:
 
Ionatsa a shlánaítear
An leathfhocal ina nath glé
Tríotsa bíonn gach seanfhocal nua
 
(‘In You the half-said thing is known/In perfect clarity/Through You every proverb is made new’)


For Rosenstock, poetry is not so much about self-expression, but rather about seeing clearly, and finding the requisite language to give form to perception. He speaks of ‘the opening of the heart’, and quotes Hazrat Inayat Khan – ‘As one can see when the eyes are open, so one can understand when the heart is open’. Openness is the theme of ‘Osclaím mo dhán’ (‘I open my poem’):
 
osclaím mo dhán do nithe geala
seo isteach oráistí, is caisearbháin,
míle fáilte
suigí síos
is beidh mé libh
 
(‘I open my poem to bright things/here come oranges, dandelions, /come in/take a seat/I’ll be right with you’)

It’s in this poem that Rosenstock also touches on another core theme – impermanence, as the poem concludes ‘osclaím mo dhán arís do nithe geala/ach níl aon ní fagtha’ (‘I open my poem again to bright things/but there’s nothing left’). His 2013 collection Sasquatch brilliantly tackles themes of loss and environmental destruction, speaking of ‘crainn ag éag ar fud na cruinne’ (‘trees, disappearing from the face of the earth’).

Margadh na Míol in Valparaíso/The Flea Market in Valparaíso is a terrific celebration of this most egoless of poets. Like an Earthsea wizard, Rosenstock is apt to take on a new persona at the drop of a hat – a cranky yeti, or the comic mystic Krishnamurphy, for example. His poems are, by turns, tender and lyrical, angry, self-deprecating, often very funny, always perfectly poised. This current selected comes with very fine translations by the poet himself and by Paddy Bushe. It should be essential reading for every poet in Ireland, all too many of whom are blind to what Irish language poets are up to. Finally, Rosenstock is all too aware that he is often dismissed as a holy fool of sorts. In ‘Agallamh’ (‘Interview’) he gleefully celebrates that fact, and the poetry within foolishness:
 
Agus conas a chuimhneofar ort, dar leat?
Mar fhile?
Mar amadán d’amadáin Dé.
Gura míle.
 
(‘And how do you expect to be remembered?/As a poet?/As a fool among God’s fools./Thanks.’)