Ar an lá seo 20 Iúil, 1925, rugadh Frantz Fanon | |
“An dream ar deineadh cos ar bolg orthu, creidfidh siad an rud is measa fúthu féin.”
“Fágann an t-impiriúlachas frídíní lofa ina dhiaidh a chaithfear a bhrath go cliniciúil agus a bhaint den tír agus dár n-aigne chomh maith.” “Eaglais na ndaoine geala í an Eaglais sna coilíneachtaí, Eaglais na n-eachtrannach. Ní ghlaonn sí ar an bpobal chun slite Dé a leanúint ach chun slite na ndaoine geala a leanúint, slite an mháistir, slite an tíoránaigh.” “Uaireanta bíonn croí-chreidiúint ag daoine atá an-láidir. Nuair a chuirtear fianaise os a gcomhair a fheidhmíonn in aghaidh na croí-chreidiúna sin, ní ghlactar leis an bhfianaise nua. Chruthódh sé sin mothúchán an-mhíchompordach ar fad ar a dtugtar míréir chognaíoch. Agus de bhrí go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcosnófaí an chroí-chreidiúint, déanfaidh siad réasúnú nó déanfaidh siad neamhaird ar rud ar bith nach dtagann leis an gcroí-chreidiúint.” “Ó, a cholainn liom, déan duine díom a chuireann ceisteanna i gcónaí!” |