Níl aon amhras ná go bhfuil Gabriel Rosenstock ar dhuine de na nuálaithe is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge. Baineann dhá phríomhshruth lena shaothar riamh ó thosach – bunobair chruthaitheach agus obair chruthaitheach aistriúcháin ón taobh amuigh isteach – dhá ghéag san aon chrann cnómhar amháin. Baineann siméadracht leis an gcnuasach seo is déanaí uaidh a nascann saothar Kuno Meyer agus an nochtadh a dhein sé ar liricí na Sean-Ghaeilge, agus an saothrú atá déanta ag Rosenstock féin le fada ar an haiku. Ba é Kuno Meyer féin a luaigh, den chéad uair, na cosúlachtaí idir na luath-liricí agus filíocht na Seapáinise. Tá an haiku anois mar a bheadh sé ag pórú agus ag síolrú i scáileanna Chluain Mhic Nóis. Déanfaidh na glúnta nár saolaíodh fós, iontas de dhéantús Rosenstock, chomh mór is a léimid féin le gliondar déantúis úd na manach agus na gcléireach Críostaí Gaelach. Tá an ghléine chéanna ag baint leo araon. Ach amháin gur fairsinge go mór réimse Ghabriel. Níor leor leis riamh réim na bhfaoileán ar charraig aonair, ach an réim dhomhanda, ardspéiriúil atá ag an bhfiolar. Tá sé tuigthe chomh maith aige, níos fearr agus níos túisce ná éinne againn, go bhfuil sé riachtanach an phlandlann scáinte Ghaelach a shaibhriú le fáiseanna bláfara iasachta. Más maith leat tús a chur le d’aistear isteach i dteanga na Seapáine, sé seo do lámhleabhar tosaigh. Tá focail agus nathanna Seapáinise tríd an leabhar seo a bhaineann le hábhar, iad ag teacht i láthair faoi chlóca éadrom na Gaeilge.
Tá an cnuasach roinnte ina cheithre rannóg. Tráchtaireacht ar dhuine de mháistrí móra an haiku, Issa, agus blaiseadh dá shaothar; cúig shéasúr an haiku; Kigo, agus véarsaí na séasúr; agus bunsaothar Ghabriel féin, máistir haiku eile anois. É maisithe go haoibhinn, mar is dual, ag Brian Fitzpatrick.
Dá gcuirfí an cnuasach seo ar chlár gach scoile in Éirinn, i lámha na múinteoirí agus na ndaltaí, cá bhfios ná go mbeadh bunús meoin réabhlóide againn – Réabhlóid Riachtanach na bhFéileacán.
(Foilsíodh i dtosach in An Timire)